Moill fhada ar phróiseas saoránachta fir de bhunadh na Síne toisc an t-iarratas i nGaeilge

Tá an Coimisinéir Teanga ag fiosrú cás an Dr Fanghze Qiu, ollamh cúnta sa tSean-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Moill fhada ar phróiseas saoránachta fir de bhunadh na Síne toisc an t-iarratas i nGaeilge

An Dr Fangzhe Qiu. Pictiúr: Chronologicon Hibernicum/Twitter

Tá moill curtha ar bhronnadh saoránacht Éireannach ar fhear de bhunadh na Síne mar gheall gur líon sé amach na foirmeacha i nGaeilge.

Ollamh cúnta sa tSean-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, é an Dr Fangzhe Qiu, a bhfuil cónaí ar in Éirinn le deich mbliana anuas.

Anuraidh, chinn an Dr Qiu agus a bhean, Lijing Peng, cur isteach ar shaoránacht Éireannach agus, toisc go bhfuil cion mór acu ar an teanga, shocraigh siad a gcuid iarratas a dhéanamh i nGaeilge.

Ní raibh leagan Gaeilge den fhoirm a bhí ag teastáil ar fáil ar líne agus bhí ar an Dr Qiu agus a bhean leagan clóite de na foirmeacha a lorg.

Sé mhí tar éis dóibh na foirmeacha sin a líonadh isteach i nGaeilge agus a sheoladh ar aghaidh, fuarthas scéal ar ais ón Roinn Dlí agus Cirt ag iarraidh orthu na hiarratais dhéanamh ar líne i mBéarla.

Dhiúltaigh an Dr Qiu é sin a dhéanamh agus tá sé admhaithe anois ag an Roinn Dlí agus Cirt go bhfuil sé de cheart aige iarratas a dhéanamh i nGaeilge.

Bhí tuilleadh moille ar chúrsaí ó shin, áfach, agus an Dr Qiu agus a bhean fós ag fanacht ar na foirmeacha Gaeilge nua a fháil ón Roinn.

Tá dualgas reachtúil ar an Roinn Dlí agus Cirt faoina Scéim Teanga, foirmeacha iarratais a chur ar fáil go dátheangach. Chomh maith leis sin, faoi aoi alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, ní féidir leis an Stát cosc a chur ar dhuine cumarsáid i scríbhinn a dhéanamh i bpé teanga oifigiúil a roghnaíonn sé.

Rinne an Dr Qiu teagmháil le hoifig Aenguis Uí Snodaigh faoin scéal agus tá sé i gceist ag an Teachta Dála de chuid Shinn Féin an cás a phlé sa Dáil.

Tá an scéal á fhiosrú freisin ag an gCoimisinéir Teanga.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach mbeadh sé cuí tagairt do chás atá á fhiosrú aige i gcónaí.

Dúirt sé, áfach, go bhfuil sé “tábhachtach” go gcaithfí leis an nGaeilge “mar an chéad teanga náisiúnta”agus go mbeadh seirbhísí Stáit trí Ghaeilge “ar ardchaighdeán” ar fáil.

“Is buncheart atá anseo agus tá sé ábhartha feasta más mian leis an Stát go dtiocfadh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Tháinig an Dr Qiu, arb as Guangzhou sa tSín dó ó dhúchas, trasna ar an nGaeilge ar dtús nuair a cheannaigh sé ceirnín de chuid Clannad a raibh roinnt Gaeilge ar a chlúdach.

Bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach san Ísiltír agus thug sé seal ag staidéar i gCorcaigh agus i Maigh Nuad.

Beidh an Dr Qiu ag labhairt faoina scéal ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna.

Fág freagra ar 'Moill fhada ar phróiseas saoránachta fir de bhunadh na Síne toisc an t-iarratas i nGaeilge'

  • S. Mac Muirí

    Bímid inár n-amadáin Aibreáin gach seachtain geall leis ag bómáin bhéarla an státchórais. Ag bordadh ar a bheith dochreidte a bhíonn roinnt de na scéalta so. Imríonn bómáin an bhéarla an ciníochas faoi dhó ar an lánúin seo aguis ní eascraíonn as ach tuairimí mheáite fuara Oifig an Fheidhmeannaigh Teangadh. In alt eile abhus tá fear FF buartha faoi aontachtóirí a bheith faoi mhursanacht ag an nGaeilg. Dáiríre píre? Tá na madaí scaoilte 7 clocha ceangailte i ngach ball sa tír seo óna thaobh go dtína lár. Níl ciall ar bith leis an áit.

  • Colmcille Ó Monacháin

    An Roinn Dlí agus Cirt ag briseadh an dlí! Is cuma… ní cion é más in éadan na Gaeilge é. Aindleathacht oifigiúil.

  • Pádraig

    An oiread sin íoróine ag baint leis an scéal seo. An stát ag diúltú cearta teanga d’fhear ón iasacht agus é ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh leis i gcéad teanga oifigiúil an stáit sin. Ní fhéadfá é a chumadh. Áiféiseach agus náireach ag an am céanna.

  • Pól Ó Braoin

    Ní haon iontas ar bith rud mar sin a tharla, mar tá brú an bhéarla go láidir sa tír seo. Ní thuigim cén fáth a mbeadh iontas ar dhuine ar bith faoin scéal sin. Is é an trua shaolta uilig é nach mbeidh a fhios ag na húdaráis faoin scéal seo mar gur i nGaeilge atá an plé uilig, agus ní léifidh siad an plé céanna inár dteanga dhúchais agus ní chuirfear sundas dá laghad sa gconspóid mar gheall air gur i nGaeilge atá sé. Is léir do mhadaí an bhaile mhóir nach teanga oifigiúil í an Ghaeilge sa tír seo níos mó. Ní gá ach breathnú ar chúraimí dhifreáilte an aire shóisearaigh atá in ainm agus a bheith ina aire Gaeltachta, áit a mbíodh aire sinsearach le haghaidh cúrsaí na Gaeltachta amháin ann tráth.

  • Oisín

    Maith an fear Dr Fanghze Qui !!!!

  • Eoghan Ó Néill

    Tá’s agam go gcuireann sé isteach ar dhaoine a amharcann orthu féin mar Anglos nuair a roghnaíonn daoine an ghaelig agus iad ag deighleáil le heagras sa státchóras agus nach ngéilleann don bhéarla. Éireannaigh ag brú béarla ar na Gaeil atá ann – seasfaimís le chéile, bíodh Ré an Tosta thart!