Cad é is fiú bheith i do Thaoiseach ar thír gan bhratach?

Fadó, fadó, sula raibh iomrá ar Tuairisc.ie ná Foinse ná TG4 bhí post ag ár gcolúnaí ar an Spidéal, mar a d’fhoghlaim sé ceacht a d’fhan leis

Cad é is fiú bheith i do Thaoiseach ar thír gan bhratach?

Fadó, fadó, sula raibh iomrá ar Tuairisc.ie ná Foinse ná TG4 ná… bhí post agam sa cheardlann ar an Spidéal. (Sea, a mhuintir Chonamara, shiúil mé in bhur measc.)

Ag tabhairt aire do shiopa sa cheardlann a bhí mé a fhad agus a bhí na húinéirí ar saoire; an cúram ba mhó a bhí orm earraí a dhíol leis an chorrchuairteoir a thagadh isteach. Meán Fómhair a bhí ann agus bhí na turasóirí imithe ar nós na bhfáinleog. Thug mé aire do mhadadh an tsiopa agus fuair cnámha dó ón bhúistéir áitiúil, mise ag caint leis i nGaeilge bhriste Ultach agus gach aon “Blábláblá, a mhac” aige féin. Ar éigean gur thuig mé focal a dúirt sé ach bhí “cnámha” aige agus agamsa agus ba leor cumarsáid na gcnámh againn.

Ceann de na cúraim eile a bhí orm bratach náisiúnta na hÉireann a ardú gach aon lá. Thug comhghleacaí ón cheardlann treoir dom ina leith. Ní raibh le déanamh agam ach an bhratach a cheangáil den phol (Pól i mbun poil!) agus an bhratach a ardú. Ach, oiread chéanna le gach aon síscéal, bhí rudaí nár cheart dom a dhéanamh. Bhí orm déanamh cinnte de nach raibh an bhratach bunoscionn nó droim ar ais. Lena chois sin, bhí an bhratach le hardú ar maidin agus bhí sí le baint anuas tráthnóna. Níor chóir an bhratach a fhágáil ar foluain ar feadh na hoíche.

Ardú ar maidin; anuas roimh oíche. Raidht, tuigim.

Agus, bíodh is nár bhain sé liom, mhínigh sé rialacha eile béasaíochta dom. “Níor cheart,” a dúradh liom, “aon bhratach eile a chur os cionn na brataí náisiúnta. Bhí raic i bpáirc ghnó eile nuair a chuir duine inteacht bratach ghallda os cionn bhratach na hÉireann. In Éirinn atá muid agus tá tús áite ag bratach na hÉireann ar gach aon bhratach eile.”

Raidht, a dúirt mé, tuigim a mhac. Ardú ar maidin. Anuas roimh oíche. Tús áite ag bratach na hÉireann.

Mí a chaith mé i mbun na brataí sin: ardú ar maidin; anuas roimh oíche. Ba mé a bhí cúramach ina bun nó is de Bhéal Feirste mise agus is ar chuaillí sráide agus eile a crochadh an bhratach go dímheasúil sa chathair s’agamsa. Ach chaith mise go múinte le bratach náisiúnta na hÉireann agus bhí sí le feiceáil os cionn na ceardlainne agus os comhair na farraige agus níl duine ná deoraí ann nach mbeadh a fhios acu gur in Éirinn a bhí siad.

Is ait liom, mar sin, nár mhínigh duine ar bith an bhéasaíocht chéanna do Thaoiseach na Teipe, Leo Vradakar, agus an cinneadh a rinne sé bratach na Náisiún Aontaithe a chrochadh in airde Domhnach Cásca ar Shráid Uí Chonaill agus gan bratach na hÉireann a chur suas roimpi. Níl cúis ar bith nach bhféadfadh sé bratach na hÉireann a chur ar foluain ar dtús – Domhnach Cásca ach go háirithe – agus bratach na Náisiún Aontaithe a chur suas ina dhiaidh sin.

Léirigh Taoiseach na Teipe dímheas agus easurraim nach ligfí liomsa, buachaill sna 20idí, ar an Spidéal 30 inteacht bliain ó shin. Chuala mé focail mo chomhghleacaí arís: “Níor cheart aon bhratach eile a chur os cionn na brataí náisiúnta. Bhí raic i bpáirc ghnó eile nuair a chuir duine inteacht bratach ghallda os cionn bhratach na hÉireann. In Éirinn atá muid agus tá tús áite ag bratach na hÉireann ar gach aon bhratach eile.”

Thuig mise, mar a thuig mo chomhghleacaí, mar a thuig muid uilig, an t-am sin, go raibh an bhratach mar shiombail neamhspleáchais agus go raibh urraim agus meas tuillte aici dá réir sin.

Agus amharc go bhfuil Fine Gael, páirtí an airgid agus iarpháirtí na nEaspag, an dream a bhunaigh teorainneacha an Stáit trí dhaoine a mharú, amharc nárbh fhiú leo an bhratach náisiúnta a chur ar foluain lá chomh stairiúil le Domhnach Cásca ar phríomhshráid na hardchathrach féin. Sea, sea, sea, bíonn leithscéal i gcónaí acu, troid in éadan Covid ghránna 19 ar bhonn domhanda agus mar sin de. Ní chuireann sin cosc ar bhratach náisiúnta na hÉireann a ardú ar dtús!

Ach níl spéis ar bith ag páirtí an airgid agus iarpháirtí na nEaspag i neamhspleáchas. Níl sa Stát anois ach aonad riaracháin de chuid an Aontais Eorpaigh. Níl luach ar bith le teorainneacha an Stáit anois ach sa mhéid is go dtugann siad deis do pholaiteoirí slí bheatha an-chompordach a bhaint amach agus, más gá, seal sa bhreis a chaitheamh i bparlaimint na hEorpa agus cur leis an tsó a baineadh amach sa bhaile.

Agus amharc go bhfuil Fianna Fáil, an páirtí poblachtánach, ag iarraidh bheith in aon rialtas amháin le Fine Gael nó ba mhaith le Micheál Martin bheith ina Thaoiseach. Cad é is fiú bheith i do Thaoiseach ar thír gan bhratach?

Bhí sé le rá ag iarcheannaire Fhianna Fáil, Charles Haughey, lá den tsaol gur “failed political entity” a bhí ann mar Thuaisceart Éireann. Cé a déarfadh anois nach bhfuil an rud céanna fíor faoi Dheisceart Éireann?

Fág freagra ar 'Cad é is fiú bheith i do Thaoiseach ar thír gan bhratach?'

  • Seány Boy

    Bulaí fir, a Phóil. Thaitin sin liom agus ná déan dearmad le bheith ag stánadh go measúil ar an bhratach nó i dtreo na brataí le linn Amhrán na bhFiann, amhail an cúl báire Tuaisceartach, Alan Mannnus, a rinne neamhaird ar an nósmhaireacht is a chothaigh conspóid. Dúirt sé nach raibh a fhios aige….iar-imreoir Linfield!!!!!!

  • Trish

    Tá an ceart agat an taoiseach a cháineadh mar ní dhearna seisean nó a chomhluadar sa státseirbhís aon taighde faoin gceist. Ní thuigim an binib is ag tagairt do bhratach na naisiún aontaithe áfach, is breá liomsa supranáisiúnachas agus cinnte tá rudaí níos tábhachtaí ná an siobáileachas ar fad a bhaineann leis an tír. Níl sa mbratach ach trí dhath ar leith i ndáiríre, ní bhraithimís ní ba lú Éireannach , ní bhraithimís ní ba lú áiféala faoi cheist na sé gcontae dá mba rud é go mbeadh dathanna difriúla i gceist nó sa chás nach gcaithfimis seamróg ar ár gcótaí lá fhéile phádraig. is breá liomsa bheith páirteach sna Náisiún aontaithe agus an tAE…braithimse ar aon nós go bhfuil sé sin níos tabhactaí bheith inár mball d’aonaid éagsúla lenár ‘fellow man’ Más ag smaoineamh muid ar thír aontaithe b’fhéidir caithfimid athshamhlú ar an siombail sin. ní ghlacfadh roinnt daoine as TÉ an trídhath go deo mar bhí an lucht paramíleata ag croitheadh na mbratach ar fud na háite.
    Tá bród an domhain orm maidir le gnéithe an tsaoil anseo – muintearas agus clisteacht na ndaoine, an teanga, ceol, rince, daoine a bhfuil talann orthu, mórshaothar na gCranberries a bhí sa nuacht inniu- Zombie!

  • JP

    Cén bhaint atá ag an Aontas Eorpach leis seo, a Phóil? Bratacg na Náisiún Aontaithe a bhí ar foluain.

  • Poraic o'hEipicín

    Níl Magairlí á Intinn ag an Taoiseach atá againne faoí Láthair. Brónach.

  • Meadhbh

    Treise leat a Phóil!