Cad é a bheas le feiceáil i nGaeilge ar RTÉ an fómhar seo?

Tá na sonraí curtha ar fáil ag RTÉ faoina soláthar Gaeilge ina sceideal teilifíse don fhómhar

Cad é a bheas le feiceáil i nGaeilge ar RTÉ an fómhar seo?

Pictiúr: 'Cogadh ar Mhná', a bheas á chraoladh ar RTÉ an fómhar seo

Craolfar dhá shraith nua Ghaeilge mar chuid de sceideal nua an fhómhair ar RTÉ – Cosc agus An Teach s’againne.

Tabharfar léargas i Cosc, sraith trí chlár, ar shaothar ar cuireadh cosc orthu nó a ndearnadh cinsireacht orthu in Éirinn. Úrscéal conspóideach Edna O’Brien, The Country Girls, a foilsíodh i 1960, a bheas faoi chaibidil i gclár amháin agus díreoidh an dá chlár eile ar an snagcheol agus ar an scannán Casablanca.

I mí na Samhna, craolfar sraith nua An Teach s’againne, atá á léiriú ag an chomhlacht teilifíse Below the Radar. Tuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid páistí ina n-aonar is ábhar don tsraith sin.

Chomh maith leo sin, tá clár faisnéise nua faoin fhoréigean a rinneadh ar mhná le linn Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad i measc na saothar nua Gaeilge eile i sceideal fómhair RTÉ a fógraíodh inniu.

Is comhléiriú idir RTÉ agus TG4 é Cogadh ar Mhná a scríobh agus a stiúir Ciara Hyland.

Beidh Scannal ag filleadh ar RTÉ 1 le ceithre chlár nua. Scéal Philip Cairns, buachaill óg 13 bliain a chuaigh ar iarraidh i 1986, an chonspóid a bhain le Scoil na Croise Naofa in Ard Eoin, Béal Feirste ag tús na mílaoise, robáil ‘Brinks’ Bhanc Aontas Éireann agus an cosc ar chaitheamh tobac a tháinig i bhfeidhm sa Phoblacht in 2004 a bheas faoi chaibidil sa tsraith nua de Scannal. Beidh an tsraith Mo Threibh ag filleadh arís chomh maith.

I measc na saothar a bheas á gcur ar fáil ag TG4 do sceideal nua an chraoltóra náisiúnta, tá an tsraith drámaíochta buachaillí bó An Klondike, atá á craoladh ar RTÉ 1 faoi láthair.

Beidh deis eile chomh maith ag daoine breathnú ar Slí na mBeaglaoch, sraith sé chlár a leanann an bheirt cheoltóirí Breanndán Ó Beaglaoich, agus a mhac Cormac, ar thuras ina veain campála ó Chiarraí go Dún na nGall. Thuill Slí na mBeaglaoch lucht féachana maith do TG4 le linn an tsamhraidh agus cuirfear tús leis an chéad chlár ar RTÉ 1 an tseachtain seo chugainn.

Dúirt urlabhraí de chuid RTÉ le Tuairisc.ie go bhfuil cláracha Gaeilge eile á léiriú ach nach féidir a bheith cinnte go mbeidh siad réidh le craoladh an fómhar seo de bharr na srianta a bhaineann le cúrsaí taifeadta in aimsir seo an choróinvíris.

Ar cheann de na sraitheanna sin, beidh sraith faoi chúrsaí staire.

Tá geallta ag RTÉ i bplean a chuir siad faoi bhráid an Choimisinéara Teanga mí an Mhárta seo caite go gcraolfaidh siad breis is a cheithre oiread uaireanta an chloig i nGaeilge i mbliana.

Fuarthas amach le linn imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach raibh ach 0.7% de sceideal iomlán teilifíse RTÉ in 2017 ina gcláir Ghaeilge agus d’ordaigh an Coimisinéir don chraoltóir plean gnímh a ullmhú.

As an 18,657 uair an chloig de chláir theilifíse a craoladh ar chainéil RTÉ sa bhliain 2017, ní raibh ach 123 uair an chloig de chláir Ghaeilge i gceist.

523 uair an chloig de chláir Ghaeilge atá geallta sa phlean a ullmhaíodh nuair a chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh RTÉ an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge agus 99.3% dá sceideal teilifíse i mBéarla amháin.

De réir an phlean nua ag RTÉ is ar RTÉ News Now a chraolfar breis is 250 uair an chloig den 400 uair an chloig breise atá geallta ag an gcraoltóir in 2020.

Athchraoltaí ar Nuacht TG4, Nuacht RTÉ agus 7Lá a bheidh i bhformhór na n-uaireanta an chloig sin agus is ionann iad agus nach mór 60% den mhéid atá geallta san iomlán.

Fág freagra ar 'Cad é a bheas le feiceáil i nGaeilge ar RTÉ an fómhar seo?'