Cad a tharla do ré nua Pháirtí an Lucht Oibre?

Má tá páirtithe na heite clé ag iarraidh Fine Gael a chur as oifig, ní foláir go gcuirfí tús go luath leis an díospóireacht faoi chomhrialtas

Cad a tharla do ré nua Pháirtí an Lucht Oibre?

Má bhí tráchtairí polaitiúla ag ceapadh gur léirigh toradh an fhothoghcháin i gCuan Átha Cliath Theas go raibh ré nua agus aiséirí i ndán do Pháirtí an Lucht Oibre, ní fhéadfadh gur thug an phobalbhreith is deireanaí ó Ireland Thinks a foilsíodh seachtain ó shin aon dearbhú dóibh.

Léirítear go bhfuil feabhas beag tagtha ar chúrsaí don pháirtí, 6% i gcomparáid leis an 4% is coitianta a bhíonn acu, agus a bhí acu san olltoghchán. Ach sin é an seasamh a bhíonn go rialta acu le bliain anuas, agus iad idir 4% is 7%.

D’fhéadfadh na figiúirí sin idir cúig shuíochán agus aon cheann déag a thabhairt don pháirtí in olltoghchán, ach i ndáiríre faigheann mionpháirtithe níos lú ná an céatadán náisiúnta.

Séard a léiríonn sé, ceapaim, ná go mbíonn daoine áirithe in ann suíocháin a bhaint amach beag beann ar an bpáirtí. Ceapaim, i gcás Ivana Bacik go n-éireodh chomh maith céanna léi mar neamhspleách nó ar son páirtí ar bith eile beagnach. Is deacair a shamhlú nach n-éireodh le Brendan Howlin, mar shampla, a shuíochán a choinneáil, beag beann ar leibhéal tacaíochta a pháirtí go náisiúnta.

Ach ní dóigh liom go bhfuil sé cinnte go gcoinneoidh Ivana Bacik an suíochán a bhain sise amach sa bhfothoghchán. Fuair sí vótaí a rachadh go hiondúil go dtí Kate O’Connell i bhFine Gael nó go dtí Eamon Ryan ón gComhaontas Glas.

Má choinníonn Fine Gael Kate O’Connell amach as an rás cabhróidh sin go mór le Bacik, agus d’fhéadfadh Eamon Ryan féin a bheith i dtrioblóid agus an brabach ag Bacik mar gheall ar an titim leanúnach atá le feiceáil ar leibhéal tacaíochta na nGlasach.

Beidh sé spéisiúil súil a choinneáil ar an dáilcheantar seo.

Ach san iomlán níl aon athrú ar sheasamh na bpáirtithe: Sinn Féin ag barr an liosta le 30%, ansin Fine Gael 24%, is ar Fianna Fáil 15%. Tá an Comhaontas Glas ag fanacht ar timpeall 4% agus na Daonlathaithe Sóisialta ar aon dul leis an Lucht Oibre ag 6%.

Tá sé deacair aon difear a fheiceáil idir an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta ó thaobh polasaí is dearcadh de, agus, ar ndóigh, bhí buille faoi thuairim fíorspéisiúil ag Máirín Ní Ghadhra i Tuairisc.ie go bhféadfadh an dá pháirtí sin teacht le chéile agus dúshlán a thabhairt do Fhianna Fáil don tríú háit.

Mar sin féin, tá mé amhrasach faoina leithéid. Tá comórtas pearsantachta an-láidir i gceist, agus ar ndóigh tá stair an Lucht Oibre agus iad i rialtas roimhe seo, tréimhse nach bhfuil aon leithscéal gafa acu fúithi. Ceapaim go gcreideann an Daonlathaithe Sóisialta go gcaillfidís níos mó ná a gheobhaidís dá n-aontódh an dá pháirtí.

Ach má léiríonn an phobalbhreith seo go bhfuil leibhéal tacaíochta na bpáirtithe seasmhach le bliain anuas, fágann sé sin ceist níos práinní don Lucht Oibre agus do na Daonlathaithe Sóisialta araon: cén rialtas a dtabharfaidh siad tacaíocht dó, ceann faoi cheannas Fhine Gael nó ceann faoi cheannas Shinn Féin?

Go stairiúil ní raibh aon leisce ar Pháirtí an Lucht Oibre riamh faoi dul isteach le Fine Gael ó 1948; bhí an páirtí níos cúramaí i dtaobh Fhianna Fáil i 1992; ach níl aon toil léirithe acu faoi dul isteach le Sinn Féin.

Níl na Daonlathaithe Sóisialta gafa leis an stair chéanna, ach níor easaontaigh Róisín Shortall le comhrialtais le Fine Gael nó le Fianna Fáil. Is minic a labhraíonn Catherine Murphy, iarbhall de Pháirt na nOibrithe, go borb i gcoinne Shinn Féin.

B’fhéidir nach mbeadh leithéidí Gary Gannon nó Holly Cairns chomh diongbháilte faoin scéal, ach tá sé fíordheacair Alan Kelly a fheiceáil in éineacht le Sinn Féin, nó a shamhlú go mbeadh aon mhuinín ag Sinn Féin as.

Mar sin tá muid ar ais ag Fianna Fáil. Níl aon bhiseach ag teacht ar an bpáirtí sin sna pobalbhreitheanna, agus fós féin níl an páirtí in ann a rá cén cineál páirtí é, nó cén fhís atá aige dó féin nó don tír.

Go dtí go bhfaighidh siad réidh le Micheál Martin mar cheannaire, ní bheidh siad in ann na ceisteanna sin a fhreagairt.

Mar sin, má tá páirtithe na heite clé ag iarraidh Fine Gael a chur as oifig, ní foláir go gcuirfí tús go luath leis an díospóireacht faoi chomhrialtas, agus go deimhin na físeanna atá ag na páirtithe sin ar an eite chlé dóibh féin is don tír. Déantar faoi cheannairí nua é más gá.

Fág freagra ar 'Cad a tharla do ré nua Pháirtí an Lucht Oibre?'