Buntáiste ag na Connachtaigh ag tús an Pro12 agus Joe Schmidt ag glaoch ar na cúigí eile

Níl ach beirt as Cúige Connacht ar phainéal Joe Schmidt do Chorn an Domhain, i gcomparáid le seisear déag as Chúige Laighean agus is féidir le foireann Pat Lam leas a bhaint as sin sa chéad cúpla seachtain

Tiernan O’Halloran ag aimsiú úid do Chúige Chonnacht sa Sportsground an Satharn seo caite. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Tiernan O’Halloran ag aimsiú úid do Chúige Chonnacht sa Sportsground. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cé nach bhfuil tada ag cur as do lucht leanta rugbaí na laethanta seo ach an Corn Domhanda a bheas linn faoi cheann coicíse, tá na clubanna gairmiúla ag réiteach go dian do chomórtas an Pro 12 an deireadh seachtaine seo.

D’fhógair Joe Schmidt an painéal tríocha a haon imreoir don chomórtas domhanda ag tús na seachtaine seo agus d’fhill riar mór imreoirí nach bhfuair glaoch ar fhoirne na gcúigí. Mar sin féin, is mór an líon tríocha imreoir a bheith ar iarraidh ónár gceithre fhoireann cúige.

Cé go mbeidh siad ar fad ag cur chun páirce agus iad go léir lag de bharr easpa imreoirí atá ar dualgas idirnáisiúnta, seans gur ar na Laighnigh is mó atá brú mar gurb iad is mó atá ag soláthar imreoirí do Joe Schmidt: seisear déag i gcomórtas le cúigear ó Chúige Mumhan, seachtar ó Chúige Uladh agus beirt ó Chúige Chonnacht.

Níl aon aimhreas ach gurb é an dála céanna ag chuile fhoireann atá ag imirt sa bPro 12, ach de bharr nach bhfuil ach beirt ar iarraidh ó Chúige Chonnacht, go teoiriciúil ar aon chaoi, ba cheart go dtabharfadh sin buntáiste ar leith dóibh sna cluichí a bheas á n-imirt acu le linn an Choirn Dhomhanda. 

Sa seachtú háit a chríochnaigh Cúige Chonnacht an séasúr seo caite, díreach taobh amuigh den sprioc (séú háit) le háit a fháil i gcomórtas Chorn na gCuradh an séasúr seo. Tá buntáiste an bhaile acu i mbabhta 1 ar an Aoine seo agus deis acu tús ceart a chur lena n-iarrachtaí cúrsaí a fheabhsú an séasúr seo. I gcoinne na nDragons, foireann a chríochnaigh sa naoú háit ar an tábla anuraidh, a bheas Cúige Chonnacht sa gcéad chluiche.

Ní dóigh go n-éisteoidh an lucht leanta le haon leithscéal má theipeann ar Chúige Chonnacht sa gcéad tástáil.
Seans gurb ionann an cás ag Cúige Laighean ar an Aoine seo, cé gur i nDún Éideann i gcoinne foireann a chríochnaigh san 8ú háit anuraidh a bheas siadsan.

Is mó suim a bheas ag lucht leanta Chúige Laighean i stíl bhainistíochta Leo Cullen agus é i gceannas don chéad chluiche comórtais aige. Ní dream iad na Laighnigh a mbíonn mórán foighde acu muna mbíonn cúrsaí ag teacht leo.

Ba cheart go mbeadh sárchluiche go deo i mBéal Feirste an Aoine seo, idir na hUltaigh agus na hOspreys. Seo iad na foirne a bhí sa tríú agus sa gceathrú háit an séasúr seo caite. Tá go leor imreoirí ón dá thaobh ar dualgas idirnáisiúnta. Fós féin, seans gur ag na hUltaigh atá an buntáiste is mó, mar go mbeidh siad ag imirt sa mbaile.

Níor cheart go mbeadh mórán stró ar na Muimhnigh agus iad i gcoinne Treviso i gCorcaigh an Satharn seo. Ach an oiread leis na Laighnigh, seans gur mó suim a chuirfear i gcur chuige na foirne bainistíochta atá ag Cúige Mumhan.

Ní mó ná sásta a bhí luchta leanta na Mumhan le hiarrachtaí Anthony Foley anuraidh, ainneoin gur éirigh leo craobh an Pro 12 bhaint amach. Ní bheidh aon teora leo má theipeann orthu na cluichí ceathrú ceannais de Chorn na gCuradh a bhaint amach arís i mbliana. Is é an cluiche i gcoinne Treviso an Satharn seo an chéad chéim ar an turas seo.

Fág freagra ar 'Buntáiste ag na Connachtaigh ag tús an Pro12 agus Joe Schmidt ag glaoch ar na cúigí eile'