Bunófar rialtas má thugann Sinn Féin agus Fianna Fáil aghaidh ar an bhfírinne…

A dhaoine uaisle, tá an Crannchur Náisiúnta nua ag tosú agus deis ag gach páirtí duaiseanna breátha a bhaint!

Bunófar rialtas má thugann Sinn Féin agus Fianna Fáil aghaidh ar an bhfírinne…

Tá an t-aer ramhar le tuairimíocht agus le caint ar roghanna rialtais ó fógraíodh an toradh deireanach san olltoghchán. Ní foláir admháil a dhéanamh láithreach: gan dabht níl sa chuid is mó den cholún seo ach tuairimíocht chomh maith. 

Sin ráite, is fiú gach tuairim agus tairngreacht faoin tréimhse idirbheartaíochta atá romhainn a bhunú ar na freagraí doshéanta is féidir a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas:

Cén páirtí a bhuaigh an toghchán? Páirtí ar bith.

Cén páirtí a bhfuil mandáid chun rialtais acu? Páirtí ar bith, gan chabhair ó dhream eile.

Cén páirtí a sheachnaíonn an bhaothchaint tar éis toghcháin? Páirtí ar bith.

Glactar leis ar chaon taobh i dTeach Laighean gur Sinn Féin atá sa diallait agus tús á chur leis an idirbheartaíocht.

Ní foláir neamhaird a dhéanamh áfach den mór is fiú atá á dhéanamh ag an bpáirtí sin agus a dtionchar ar bhunú an rialtais nua á phlé acu go poiblí.

Níor thug an pobal dóthain tacaíochta do pháirtí ar bith a chuirfeadh ar a gcumas dul i mbun rialtais gan cabhair a fháil ó pháirtithe agus/nó ó Theachtaí Dála eile. Dá fheabhas a bpolasaithe, dar leo féin, ní bheidh sé de chumas i bpáirtí ar bith dul i mbun rialtais gan cealú, nó maolú ar a laghad, a dhéanamh ar sciar suntasach de na polasaithe céanna.

Oireann sé do gach páirtí cead a gcinn a thabhairt do Shinn Féin go fóill agus iad i mbun idirbheartaíochta le páirtithe na heite clé (na Glasaigh, na Daonlathaigh Shóisialta, Páirtí an Lucht Oibre agus Neart/Pobal Seachas Brabús).

Is cuid thábhachtach den ghortghlanadh a theastaíonn i dtosach í caint dá leithéid, ach tá a fhios ag cách nach bhfuil ar bun ach réamhobair.

Fiú dá mbeadh Teachtaí Dála Shinn Féin agus na páirtithe thuas go léir (66 san iomlán) toilteanach tarraingt le chéile ní bheidís i bhfoisceacht an mhóraimh (80 Teachta, ar a laghad) a theastódh chun rialtas seasmhach a chur ar bun agus a choinneáil ar bun.

Idir an dá linn, tá na roghanna cinniúnacha a bheidh le déanamh ag na páirtithe amach anseo á bplé agus á meá go hinmheánach acu. Ní léir go bhfuil seans ar bith ann go dtoghfar Taoiseach ag céad chruinniú na Dála ar an 20 Feabhra, ach cuirfear dlús tar éis tamaill leis an gcaint dháiríre agus déanfar sin i ngan fhios don phobal i dtús báire.

Tá an t-ádh ar Fhine Gael, faoi láthair, gur féidir leo tarraingt siar ón bplé toisc go raibh toradh soiléir amháin ar an olltoghchán.

Thug móramh soiléir le fios nár theastaigh uathu go leanfaí leis an rialtas a bhí i bhfeighil na tíre le ceithre bliana (agus a bheidh, go dtiocfar ar réiteach faoi bhunú rialtais nua).                                                                      

Ní haon iontas é mar sin gur mian le go leor Teachtaí Dála i bpáirtí parlaiminte laghdaithe Fhine Gael suí ar thaobh an fhreasúra sa 33ú Dáil agus cur le chéile an rialtais nua a fhágáil faoi Theachtaí Dála eile. Mar a chéile a leas sa chás seo agus mian an mhóraimh: dá dhoiléire a dtuairim, níl duine sa tír a shíleann gur tréimhse rialtais eile d’Fhine Gael a theastaigh ó fhormhór na ndaoine a vótáil Dé Sathairn.

Is deacra go mór an rogha a bheidh ar Fhianna Fáil a dhéanamh. Is léir cheana féin gur rogha an dá dhíogha atá rompu – dul i mbun rialtais lena naimhde nó staonadh ó rialtas. Is léir an tairbhe a bhainfidh Sinn Féin as cibé socrú a dhéanfar. Is léir freisin an praghas polaitiúil a bheidh ar Fhianna Fáil a íoc sa dá chás.

Is é comhrialtas le Sinn Féin an rogha is dóichí a dhéanfaidh Micheál Martin, toisc gur lú, tríd is tríd, an dochar a dhéanfadh rannpháirtíocht i gcomhrialtas  d’Fhianna Fáil ná suí ar an gclaí. Más amhlaidh a roghnóidh Martin, beidh idir dhúshláin agus deiseanna suntasacha roimhe.  

Na dúshláin. Beidh air cur ina luí ar a pháirtí féin aontú leis. Beidh air a phost mar cheannaire a chosaint, b’fhéidir. Beidh air ar mhargadh a dhéanamh le páirtí/páirtithe eile, b’fhéidir, sula dtosóidh an idirbheartaíocht.

Beidh air margadh comhrialtais a dhéanamh le Sinn Féin, agus b’fhéidir post an Taoisigh a roinnt le Mary Lou McDonald. Beidh air muinín a chothú sa rialtas nua ionas nach dtitfidh sé as a chéile.

Mura n-éiríonn le ceannaire Fhianna Fáil na dúshláin thuas a shárú, beidh olltoghchán á reáchtáil sula fada.

A dhaoine uaisle, tá an Crannchur Náisiúnta nua ag tosú.

Deis ag gach páirtí duaiseanna breátha a bhaint, nó a chailliúint. Ticéad ar fáil do gach páirtí atá toilteanach polasaithe a d’fhógair siad le mí a chur i leataobh anois.

Ar mhaithe le leas an náisiúin, tá a fhios agat.

Fág freagra ar 'Bunófar rialtas má thugann Sinn Féin agus Fianna Fáil aghaidh ar an bhfírinne…'