Buiséad níos déine agus níos gortaí á thuar

Beidh €7.9 billiún ar fáil le caitheamh agus beidh €1.5 billiún á chur ar fáil trí chiorruithe cánach i mBuiséad 2026 a fhógrófar inniu

Buiséad níos déine agus níos gortaí á thuar

Buiséad níos déine agus níos gortaí ná mar a bhí againn le cúpla bliain atáthar a thuar i mbliana.

Díolfaidh an Rialtas an tíobhas i mBuiséad 2026 leis an bpobal mar bheart críonna stuama lena chinntiú nach dtéitear thar fóir leis an gcaiteachas tráth a bhfuil taraifí éagsúla ag bagairt agus an saol ar fad níos corraí.

Anuraidh agus olltoghchán ar na bacáin, caitheadh €2.2 billiún ar phacáiste costas maireachtála, ach tá an chosúlacht air go bhfuil deireadh leis na féiríní buiséid sin.

Meastar gur pacáiste €9.4 billiún ar fad a bheidh i gceist i mBuiséad 2026.

Beidh €7.9 billiún ar fáil le caitheamh agus beidh €1.5 billiún á chur ar fáil trí chiorruithe cánach.

D’ainneoin an ghéarchéim atá ag baint leis an gcostas maireachtála faoi láthair, níl sé i gceist aon leasú a dhéanamh ar an gcáin phearsanta sa mBuiséad seo.

Tá sé geallta ag an Aire Airgeadais, Paschal Donohoe, gur “postanna agus infheistíocht” an tosaíocht is mó atá leis an bpacáiste cánach i mBuiséad 2026.

Ar na leasuithe a dhéanfar ar an gCáin Bhreisluacha [VAT], deirtear go laghdófar an ráta CBL ar árasáin nua go dtí 9% mar ugach do thionscal na tógála agus go gcuirfear síneadh leis an laghdú a rinneadh ar an gcáin bhreisluacha ar bhillí gáis agus leictreachais ar thithe cónaithe.

Laghdófar an ráta CBL in earnáil an fháilteachais ó 13.5% go dtí 9%. beidh an t-ísliú sin i gceist do bhialanna agus caiféanna seachas d’óstáin.

Ar ndóigh tarraingeoidh an moladh sin caint is conspóid mar go rachaidh an laghdú sin chun tairbhe do chomhlachtaí móra ilnáisiúnta amhail McDonald’s agus Burger King freisin.

Ardú €12 sa tseachtain a cuireadh ar an bpinsean agus ar íocaíochtaí sóisialta eile anuraidh ach tá caint ann go bhféadfadh go mbeadh sin euro nó dhó níos lú i mbliana, agus gan ach €10 nó €11 á lua.

Tá ardú le déanamh ar an Liúntas do Theaghlach atá i bhFostaíocht agus an Liúntas Breosla.

Tá luaidreáin thart go mbeidh beagnach €200 á chur leis an liúntas breosla le cuidiú a thabhairt do phinsinéirí agus do dhaoine atá faoi mhíchumas déileáil leis an costais arda a bhaineann le fuinneamh.

Meastar go dtabharfar €7 breise sa tseachtain dóibh siúd atá a bhfuil sé ag dul dóibh agus d’fhágfadh sin €196 ar fad i gceist leis. Ní íoctar an liúntas breosla ach 28 seachtain sa mbliain, ó mhí Mheán Fómhair go mí Aibreáin.

Cuirfear leis na critéir incháilitheachta don liúntas a bhfuil tástáil maoine ag gabháil leis ionas go mbeidh níos mó daoine in ann glaoch air.

Beidh pinsinéirí agus daoine atá i dtuilleamaí íocaíochtaí leasa shóisialaigh ag faire agus ag súil go géar le híocaíocht dhúbailte i gcomhair na Nollag. Níl aon chaint go mbeadh an liúntas leanaí á dhúbailt.

Cuirfear €200 d’ardú ar an tairseach ioncaim a bheidh i gceist do chúramóir singil agus €400 do lánúin.

Faoi láthair cuirtear deontas €325 ar fáil d’ealaíontóirí faoin scéim bunioncaim do na healaíona agus tá sé i gceist an deontas sin a choinneáil ach é a bheith ar bhonn buan feasta.

Ceaptar go gcoinneofar an creidmheas cánach ar chíos atá againn faoi láthair chomh maith leis an Scéim Cabhair le Ceannach (CLC)

Tá sé i gceist €500 a ghearradh de na táillí tríú leibhéal, ó €3,000 to €2,500.

Táthar ag súil go bhfógrófar maoiniú le haghaidh 1000 garda eile a earcú.

Cuirfear 50 cent cánach ar gach millilítear den leacht a bhíonn i dtoitíní leictreonacha agus síltear go n-ardófar an praghas ar ghaltoitíní agus ar thoitíní tobac freisin.

Ag a 1.00pm inniu a sheasfaidh an tAire Airgeadais, Paschal Donohue, os comhair na Dála chun óráid Bhuiséad 2026 a dhéanamh agus ina dhiaidh, thart ar 1.45pm, beidh an t-urlár ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Jack Chambers, le plean an rialtais do chaiteachas na bliana seo romhainn a chur faoi bhráid an chomhluadair agus na tíre.

Fág freagra ar 'Buiséad níos déine agus níos gortaí á thuar'