BUISÉAD 2018: Súil ag eagraíochtaí teanga le dea-scéala inniu, ach ‘leideanna’ ann nach bhfuil ‘ródhearfach’

Inniu uair na cinniúna d’eagraíochtaí teanga ar fud na tíre agus iad ag súil le maoiniú breise i mBuiséad 2018, ach deir polaiteoir sinsearach amháin de chuid Fhianna Fáil nach bhfuil mórán dóchais san aer

BUISÉAD 2018: Súil ag eagraíochtaí teanga le dea-scéala inniu, ach ‘leideanna’ ann nach bhfuil ‘ródhearfach’

Inniu uair na cinniúna d’eagraíochtaí teanga ar fud na tíre agus iad ag súil le maoiniú breise i mBuiséad 2018 tar éis blianta de chiorruithe.

Tháinig laghdú ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta anuraidh in ainneoin go raibh dóchas ann cothrom an ama seo anuraidh go gcuirfí deireadh le blianta na gciorruithe móra a thosaigh aimsir na géarchéime eacnamaíochta.

Bhí an dóchas céanna ag eagraíochtaí teanga ar labhair Tuairisc.ie leo aréir, ach dúirt Éamon Ó Cuív, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil, le Tuairisc.ie, go bhfuil leid faighte aige óna chomhghleacaithe atá i mbun idirbheartaíochta leis an Rialtas faoi Bhuiséad 2018 nach mbeidh an scéal maidir le maoiniú na Gaeilge chomh “dearfach”  sin.

“Tá chuile achainí is féidir liom a dhéanamh leo déanta, agus tá mé ag iarraidh go seasfaidh siad an fód ní hamháin ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach maidir leis geallúintí a tugadh faoin maoiniú.

“Mar sin féin, ní airím ón méid atá cloiste agam go dtí seo go bhfuil cúrsaí chomh dearfach sin. Is cinnte nach bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar bharr an liosta ag an rialtas, agus tá mé ag fáil go leor leideanna nach bhfuil fonn ar an rialtas seasamh lena gheallúintí. Ach tá gach ar féidir leo déanta ag ionadaithe Fhianna Fáil,” a dúirt Ó Cuív.

Tá Conradh na Gaeilge ag lorg €5.3 milliún breise d’Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge le go mbeifí in ann an plean infheistíochta atá molta ag an eagraíocht teanga, agus aontaithe ag os cionn 80 eagraíocht eile, a chur i bhfeidhm.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, le Tuairisc.ie go síleann sé go ndearna an Conradh “cás maith” agus iad i mbun stocaireachta i measc polaiteoirí le bliain anuas agus súil acu go gcuirfí tuilleadh maoinithe ar fáil do 2018.

“Bhí muid láidir agus éifeachtach, ach beidh le feiceáil an éireoidh linn. Tá rud amháin cinnte ar aon nós, roimhe seo níl an rialtas tar éis maoiniú breise a chur ar fáil don Ghaeltacht agus don Ghaeilge nuair a cuireadh airgead breise ar fáil i réimsí eile.

“Tá muid ag lorg €5.3 milliún ar an iomlán, €1.5 milliún don phleanáil teanga sa Ghaeltacht sna áireamh ansin. Caithfear roinnt den airgead a ciorraíodh a thabhairt ar ais, agus tá airgead le cur ar fáil don lárionad Gaeilge ó dheas freisin,” a dúrit sé.

Dúirt de Spáinn go bhfuil “cás láidir” déanta ag TG4 freisin agus go bhfuil sé ag súil go dtabharfaidh an Rialtas “i bhfad Éireann níos mó tacaíochta” don stáisiún Gaeilge i mbliana. Thagair sé don mhaoiniú a chuirtear ar fáil don stáisiún S4C sa Bhreatain Bheag mar eiseamláir.

Tá ráite ag Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, go dteastaíonn €6 mhilliún breise thar thréimhse cúig bliana le “stad a chur le síorthitim” lucht féachana TG4 agus chun go bhféadfadh an stáisiún Gaeilge ‘fás arís’. Tá €4 mhilliún eile á lorg ag an stáisiún do 2018, sa bhreis ar an €32 milliún a fuarthas i mbliana ón státchiste.

Dúirt Príomhfheidhmeananch Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, le Tuairisc.ie go bhfuil an eagraíocht “ag súil le hoibriú as lámh a chéile leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta” agus le ranna agus dreamanna eile a chabhródh leo “forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta a chothú agus a chruthú”.

Tá straitéis nua á cur i dtoll a chéile ag an Údarás faoi láthair do na blianta 2018-20 leis an sprioc sin a bhaint amach agus “le tacú le pobail teanga bhríomhara a chruthú”.

“Leagfaidh an straitéis nua spriocanna dúshlánacha uaillmhianacha amach ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta agus cuirfidh an tÚdarás fáilte roimh cibé acmhainní a bheidh ar fáil ónár Roinn féin [Roinn na Gaeltachta] agus foinsí eile. Bainfear an úsáid is fearr gur féidir as na hacmhainní sin chun straitéis na heagraíochta a chuir i gcrích ar leas na Gaeltachta agus na Gaeilge,” a dúirt Ó hÉanaigh.

Léiríonn figiúirí a d’eisigh Roinn na Gaeltachta an tseachtain seo caite gur os cionn €48.4 milliún ar fad a fuair Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ón státchiste in 2010 i gcomparáid le €34.4 milliún in 2017, laghdú 30%.

Os cionn deich mbliana ó shin, in 2006, bhí buiséad €42.776 milliún ag Údarás na Gaeltachta féin. In 2008, sular tosaíodh ar bhuiséad na heagraíochta Gaeltachta a chiorrú, bhí buiséad caipitil €25.5 milliún aige, i gcomparáid le €8.2 milliún in 2017.

Tháinig méadú ar bhuiséad an Údaráis in 2015 agus 2016 den chéad uair ó 2010, ach laghdú a bhí i gceist arís i mBuiséad 2017, fiú nuair a chuirtear san áireamh an €1.5 milliún breise a aimsíodh don eagraíocht fiontraíochta i ndiaidh an bhuiséid sin.

Tháinig méadú anuraidh ar an maoiniú a fuair Foras na Gaeilge ón státchiste ó dheas den chéad uair ó 2010, ach tugadh maoiniú breise aon uaire don eagraíocht in 2016 agus in 2017, cuid de a bhain le haistriú a gceannárais ó Chearnóg Mhuirfean go dtí Sráid Amiens, obair atá faoi lán seoil faoi láthair.

Fág freagra ar 'BUISÉAD 2018: Súil ag eagraíochtaí teanga le dea-scéala inniu, ach ‘leideanna’ ann nach bhfuil ‘ródhearfach’'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Ar ndóigh b’é Éamon Ó Cuív é féin a chuir tús le ré na ngiorruithe nuair a thug sé an tua do mhaoiniú an Fhorais agus an Údaráis i 2002, trath ná raibh na deacrachtaí airgid againn is atá anois.