‘Buille an bháis’ don Ghaeilge a bheadh i bhforbairt nua tithíochta i nGaeltacht na nDéise

Tá iarratas curtha isteach ag Shinebright Limited chuig Comhairle Contae Phort Láirge chun 46 teach nua a thógáil ar shuíomh i Maoil an Choirnigh i gceartlár na Rinne

‘Buille an bháis’ don Ghaeilge a bheadh i bhforbairt nua tithíochta i nGaeltacht na nDéise

Tá imní léirithe daoine faoi iarratas cead pleanála d’fhorbairt tithíochta ina mbeadh beagnach leathchéad teach i lár Ghaeltacht na nDéise.

Tá an t-iarratas curtha isteach ag Shinebright Limited chuig Comhairle Contae Phort Láirge chun 46 teach nua a thógáil ar shuíomh i Maoil an Choirnigh i gceartlár na Rinne.

Tá cuid de mhuintir na háite go láidir i gcoinne na forbartha, áfach, agus é ráite gur “buille an bháis” don Ghaeilge sa cheantar a bheadh ann dá dtabharfaí cead pleanála na tithe sin a thógáil.

Tá Cárthach Ó Faoláin ar dhuine díobh siúd a chuir aighneacht faoi bhráid Chomhairle Contae Phort Láirge ag cur i gcoinne na forbartha agus mhínigh sé céard a bhí ag cur as do chuid de mhuintir na háite ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Ní hé go bhfuil daoine ag iarraidh a bheith róchosantach faoin áit ach tá na Gaeltachtaí ag staid an-leochaileach ar fad,” a dúirt Ó Faoláin.

“Ní hé go bhfuil muid ag cur stop le daoine teacht isteach. Ach an líon mór seo a shá isteach i lár baile fearainn beag bídeach… tá sé scannalach i ndáiríre, nach smaoineodh aon duine air agus nach dtuigfidís an baol atá ann don teanga.

“Is deacair domsa agus is deacair do dhaoine eile ar fud an cheantair é sin a thuiscint.”

Tá sé leagtha amach i bPlean Forbartha Chomhairle Contae Phort Láirge go gcaithfear 60% de na tithe i bhforbairt tithíochta phríobháideach i gceantar Gaeltachta a dhíol le cainteoirí líofa Gaeilge, ach dúirt Ó Faoláin nach bhfuil aon mhuinín aige go gcloífear leis sin.

“Mar a thuigeann go leor daoine ar fud na nGaeltachtaí, níl na comhairlí contae rómhaith ag cur i bhfeidhm na riachtanas teanga sna forbairtí tithíochta seo,” arsa Ó Faoláin.

“Ní féidir linn iontaoibh a bheith againn as comhairle contae a bheith ag cur i bhfeidhm na gcoinníollacha teanga anseo.

“Abair go raibh fiú 50% de na tithe líonta le cainteoirí Gaelainne, bheadh an líon céanna fós nach mbeadh an teanga acu. Tá sé sin chun cúrsaí teanga a chur as riocht go hiomlán anseo.”

Leagan amach na forbartha i Maoil an Choirnigh

Dúirt Ó Faoláin go raibh ceantar na Rinne áisiúil do dhaoine a bhíonn ag obair i nDún Garbhán, i gCorcaigh nó i bPort Láirge ach mhaígh sé go raibh an plean 46 teach nua a thógáil ann “ag dul thar fóir go hiomlán”. Dúirt sé nach bhféadfaí a chinntiú go mbeadh na daoine a thagann isteach sa cheantar páirteach i “saol cultúrtha na háite”.

“Tá an teanga chomh leochaileach go bhfuil sé ródheacair dúinne seasamh siar agus fáiltiú roimh dhaoine,” a dúirt Ó Faoláin.

Tá conspóid mhór i Ráth Chairn faoi láthair tar éis do Chomhairle Contae na Mí cead pleanála a thabhairt d’fhorbairt óstáin agus scéim tithíochta sa bhaile Gaeltachta.

Sa chás sin, chinn an Bord Pleanála cead a thabhairt don fhorbairt agus iad sásta le moladh an fhorbróra go gcuirfí cuid mhaith de na tithe nua ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

San Ard-Chúirt, ceadaíodh athbhreithniú breithiúnach do chomharchumann Ráth Chairn chun dúshlán an Bhoird Pleanála a thabhairt maidir lena chinneadh cead pleanála a thabhairt don fhorbairt.

Bhí comharchumann Ráth Chairn i measc na n-eagras a chuir aighneacht isteach i gcoinne na forbartha tithíochta nua sa Rinn.

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Phort Láirge cinneadh faoin gcead pleanála a dhéanamh faoi cheann coicíse.

Fág freagra ar '‘Buille an bháis’ don Ghaeilge a bheadh i bhforbairt nua tithíochta i nGaeltacht na nDéise'

  • Pauline Uí Argáin

    Cuirtear srianta 20% san Eilbhéis ar an méid tithe saoire a cheadaítear i gceantair leochaileacha chun an pobal a chosaint. Is mithid dúinn rialacha nua a chur i bhfeidhm go práinneach chun an Ghaeltacht a chosaint. Seasaim an fód le muintir na Rinne.

  • Con Ó Murchú

    Dingle eile bhfeadar.