Bualadh bos 13 nóiméad tugtha do scannán a rinneadh sa Ghaeltacht

Taispeánadh an scannán nua de chuid Martin McDonagh, ‘The Banshees of Inisherin’, den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta na Veinéise an tseachtain seo

Bualadh bos 13 nóiméad tugtha do scannán a rinneadh sa Ghaeltacht

D’fhág scannán a rinneadh sa Ghaeltacht an slua ina seasamh agus ag bualadh bos ar feadh beagnach ceathrú uaire ag féile scannán mór le rá an tseachtain seo.

Taispeánadh an scannán The Banshees of Inisherin den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta na Veinéise Dé Luain agus chuaigh sé i bhfeidhm chomh mór ar an slua a bhí i láthair gur chaith siad 13 nóiméad ag tabhairt na ngártha molta dó.

Ba é sin an bualadh bos is faide a fuair aon scannán ag an bhféile go dtí seo i mbliana.

Rinneadh The Banshees of Inisherin a scannánú an bhliain seo caite ar dhá oileán Gaeltachta – Inis Mór agus Acaill.

Is é Martin McDonagh, fear de bhunadh Chonamara, a scríobh agus a stiúir an scannán agus na haisteoirí Brendan Gleeson agus Colin Farrell atá sna príomhpháirteanna ann. D’oibrigh an triúr le chéile cheana ar an scannán In Bruges, scannán ar tugadh an-mholadh dó. Tá Kerry Condon agus Barry Keoghan ar bheirt eile de na príomhaisteoirí sa scannán.

Tá ardmholadh faighte ag an scannán ó na léirmheastóirí go dtí seo.

Thug Variety ‘a quietly magnificent film’ ar The Banshees of Inisherin.

Tá an-mholadh faighte ag na radhairc tíre sa scannán. Dúirt Martin McDonagh, a chaith cuid mhaith dá óige i gConamara, go raibh sé mar sprioc aige a ceart a thabhairt d’áilleacht an cheantair a oiread agus ab fhéidir leis.

Tá aithne mhór ar McDonagh, a rugadh agus a tógadh i Londain, i nGaeltacht Chonamara. Tá cónaí ar a thuismitheoirí sa Spidéal agus is as Leitir Mealláin a athair, Johnny Mhichael Choilm Mac Donncha.

Is é The Banshees of Inisherin an chéad scannán ag McDonagh atá suite in Éirinn ach bhain sé cáil amach mar dhrámadóir ar dtús báire agus dhá shraith drámaí scríofa aige atá bunaithe i gConamara agus ar Oileáin Árann.

Suite ar oileán ficseanúil Inisherin le linn an Chogaidh Chathartha, insíonn an scannán scéal Phádraic (Colin Farrell) agus Choilm (Brendan Gleeson), beirt a bhí an-mhór lena chéile i gcónaí go dtí gur chuir duine acu críoch thobann leis an gcairdeas. Bíonn tionchar mór aige sin orthu beirt.

Tá an scannán á lua cheana ag saineolaithe scannáin i measc na saothar a d’fhéadfadh a bheith san iomaíocht ag na gradaim Oscar an bhliain seo chugainn.

Beidh The Banshees of Inisherin le feiceáil sna pictiúrlanna in Éirinn ón 21 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Bualadh bos 13 nóiméad tugtha do scannán a rinneadh sa Ghaeltacht'