Buaiteoirí ‘Leabhar na Bliana 2014’ fógartha

Gradam Uí Shúilleabháin bronnta ar Anamlón Bliana ó dhialanna an Ríordánaigh (Cló Iar-Chonnacht), curtha in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine agus Gradam Réics Carló buaite ag Daideo (Cois Life) le hÁine Ní Ghlinn

IRISH BOOK OF THE YEAR AWARDS03-2

Bronnadh anocht Gradam Uí Shúilleabháin  don leabhar is fearr do dhaoine fásta ar Anamlón Bliana ó dhialanna an Ríordánaigh (Cló Iar-Chonnacht), curtha in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine.

Daideo (Cois Life) le hÁine Ní Ghlinn a bhuaigh Gradam Réics Carló, an duais don leabhar is fearr do dhaoine óga.

Ag ócáid i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste a bronnadh na gradaim anocht.

Is é Foras na Gaeilge a mhaoiníonn Leabhar na Bliana agus é faoi riar Oireachtas na Gaeilge.

“Is comórtas liteartha ar leith é Leabhar na Bliana a thugann aitheantas faoi leith don tsárobair atá ar siúl ag foilsitheoirí na Gaeilge agus ag an am céanna a aithníonn ról tábhachtach na scríbhneoirí agus na n-ealaíontóirí sa phróiseas,” a dúírt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.

Dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn gur léirigh na 10 leabhar a bhí ar ghearrliosta na bliana seo “an dóigh a mbíonn idir scríbhneoirí, mhaisitheoirí agus fhoilsitheoirí ag teacht le chéile lena scileanna agus a smaointe ceannródaíocha a roinnt chun leabhair áille a chruthú”.

 

Fág freagra ar 'Buaiteoirí ‘Leabhar na Bliana 2014’ fógartha'