Buaiteoirí Dhuais Michael Hartnett fógartha

B'éigean duais na bliana seo, a bhronnfar ag Éigse Michael Hartnett (16-18 Aibreán) a roinnt idir bheirt, Marcus Mac Conghail agus Caitríona Ní Chléirchín, as feabhas a gcuid saothar

Buaiteoirí Dhuais Michael Hartnett fógartha
Marcus Mac Conghail agus Caitríona Ní Chléirchín, filí

 

Fógraíodh inné (Dé Máirt 31 Márta) gurb iad Marcus Mac Conghail agus Caitríona Ní Chléirchín comhbhuaiteoirí Dhuais Filíochta Michael Hartnett i mbliana.

As ucht a chéad chnuasach, ‘Ceol Baile’, a bronnadh an duais ar Mharcus Mac Conghail. An dara cnuasach léi, ‘An Bhrídeach Sí’, a thuill an duais do Chaitríona Ní Chléirichín, rud a fhágann go mbeidh an gradam á roinnt eatarthu beirt.

Bronnfar an duais orthu ag oíche oscailte Éigse Michael Hartnett sa Chaisleán Nua, Co. Luimnigh, i lár na míosa seo.

Comhairlí Cathrach agus Contae Luimnigh a mhaoiníonn an comórtas seo, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, a chuirtear ar siúl gach bliain chun saothair Bhéarla agus saothair Ghaeilge Michael Hartnett a cheiliúradh. Bronntar €4,000 ar an bhfile buacach chaon bhliain as feabhas an chéad nó an dara cnuasach leis atá foilsithe le trí bliana.

Orthu siúd ar bronnadh an duais orthu roimhe seo, bhí Julie O’Callaghan, Vona Groarke, Kerry Hardie, Sinead Morrissey, Paddy Bushe, Maurice Riordan, Aine Ni Fhoghlu, James Harpur, Peter Sirr, Stiofán O’Cadhla, Mark Roper agus Jo Slade.

Dúirt Caitríona Ní Chléirchín, a thíolaic a cnuasach rathúil dá máthair a cailleadh le déanaí, go mba údar inspioráide di an duais seo a thabharfas ugach di leanúint uirthi ag scríobh filíochta i nGaeilge. Dúirt sí go mba mhór an onóir di í.

“Tá mo shaol tugtha agam don fhilíocht Ghaeilge mar fhile, mar léachtóir agus mar léirmheastóir. Tá an-mheas agus an-chion agam ar fhilíocht Michael Hartnett, go háirithe an bailiúchán Necklace of Wrens agus an dán ‘An muince dreolíní’ ansin. Bhí sé d’onóir agam gur foilsíodh dán liom sa chnuasach ‘I live in Michael Hartnett’, a seoladh ag Éigse Michael Hartnett 2013. Is rímhór an onóir dom an duais seo a fháil”, arsa Ní Chléirchín.

D’admhaigh a comhbhuaiteoir, Marcus Mac Conghail, gur beag coinne a bhí aige leis an duais.

“Níor bhuail mé riamh le Michael Hartnett ach is cuimhin liom an chaint ar fad faoina dhán ‘A Farewell to English’ agus mé ag fás suas. Chuaigh a ghníomh ealaíne go mór i bhfeidhm orm ag an am agus is deacair dom a chreidiúint go bhfuil an duais seo bronnta orm anois,” arsa an file, cumadóir agus amhránaí as Baile Átha Cliath.

“Cumhachtach, misniúil agus tábhachtach” na focail a dúradh le cur síos a dhéanamh ar fhilíocht na beirte. Ba é tuairim na moltóirí gur filí iad a bhfuil glór ar leith acu a bhfuil sainchomharthaí sóirt ag gabháil leis:

“Léiríonn An Bhrídeach Sí, an dara cnuasach de chuid Chaitríona Ní Chléirchín go bhfuil an file seo tagtha in inmhe. Tá Ní Chléirchín os cionn a buille sa teanga sna dánta soléite dodhearmadta seo a bhfuil an traidisiún agus an nuálaíocht ag obair as lámh a chéile iontu, bíodh sí ag plé le scéal ón seachtú haois déag, miotaseolaíocht na Gaeilge nó a saol féin. Tá paisean agus mothúcháin mhóra anseo anuas ar mhachnamh séimh ar an mbás agus ar an ngrá.”

Ar thagairt d’fhilíocht Mhic Conghail dóibh, dúirt siad:

“Tá filíocht Mharcuis Mhic Chonghail fréamhaithe sa cheol agus sa saol nua-aimseartha. Tá dánta fuinniúla Beat, liricí áille ciúine agus véarsaí dána dea-ghiúmaracha ina chnuasach Ceol Baile. Tá dúchas na Gaeltachta agus scóp na nua-Ghaeilge cathrach ag saibhriú a chéile ina chuid dánta”.

Is é Méara Luimnigh a bhronnfaidh an duais orthu ag oíche oscailte Éigse Michael Hartnett ar an Déardaoin, an 16 Aibreán. Léifidh an bheirt dánta os ard as a gcnuasaigh bhuacacha agus ansin tabharfaidh an t-údar aitheanta Joseph O’Connor caint uaidh faoi ‘Memories of an evening with Michael Hartnett’.

Leanfaidh an fhéile ar aghaidh ar feadh trí lá go dtí an 18 Aibreán, tráth a chloisfear leithéidí David Power, Doireann Ní Ghríofa agus Kevin Barry i mbun aithrise agus scéalaíochta.

Fág freagra ar 'Buaiteoirí Dhuais Michael Hartnett fógartha'