Buabhall Gaeltachta an chéad bhuabhall riamh a díoladh ar mhargadh in Éirinn

Fuarthas idir €600 agus €1,140 ar bhuabhaill as Gaeltacht Mhúscraí nuair a cuireadh ar díol inné iad

Buabhall Gaeltachta an chéad bhuabhall riamh a díoladh ar mhargadh in Éirinn

Buabhall Gaeltachta an chéad bhuabhall riamh a díoladh ar mhargadh in Éirinn.

Johnny Lynch, feirmeoir agus déantóir cáise as Cill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí a dhíol na buabhaill.

Mí Deireadh Fómhair 2009 a thug Johnny Lynch faoi chrú na mbuabhall i Múscraí agus tá 500 díobh anois aige ar fheirm 150 acra.

Déanann an Loingseach cáis mozzarella ó bhainne a thréada agus cineál cáis halloumi ón bhfarasbarr a bhíonn aige. Faigheann a chomhlacht, Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

Díoladh cuid dá thréad ag margadh ainmhithe Dhurlas Éile tráthnóna inné agus an-suim go deo léirithe sna hainmhithe.

Ceithre lao fireann, idir cúig agus ocht mí d’aois, agus ceithre bhullán atá thart ar 10 mí a díoladh.
Bhí na hocht ngamhain á ndíol ina gcúig bhaisc ag marglann Dhurlais. Bhí cead ag 40 duine a bheith i láthair agus chuir daoine eile a dtairiscintí isteach ar líne.

“Tá rudaí craiceáilte, ar mire ceart,” a deir Jamie Nolan ón aip MartEye a rinne craoladh beo ar an gceant.

Dúirt Nolan leis an Irish Times gur chuir breis is 2,000 feirmeoir in iúl gur mhaith leo tairiscint a dhéanamh orthu.

D’ainneoin na cainte go léir, ní raibh Johnny Lynch féin ábalta aon phraghas a chur ar a chuid buabhall roimh cheant an lae inné.

“Tá an-suim iontu,” a deir sé “ach is í an fhadhb nach raibh a leithéid seo ar díol cheana sa tír agus ní féidir a rá cé a bheidh á n-iarraidh ná cén praghais a bheifear sásta a íoc. Déarfaidh mé rud amháin leat – bheadh an-iontas go deo orm dá mbeidís ag teacht abhaile agam.”

Fág freagra ar 'Buabhall Gaeltachta an chéad bhuabhall riamh a díoladh ar mhargadh in Éirinn'