Bua éasca i ndán do Sexton agus a chomrádaithe

Cuirfear tús anocht i bPáras le Corn an Domhain sa rugbaí agus amárach a chuirfidh foireann na hÉireann tús lena bhfeachtas

Bua éasca i ndán do Sexton agus a chomrádaithe

Tá deireadh leis an gcaint, deireadh freisin leis an réamh-ullmhúchán.  Seo é!  Tá an crú ar an tairne anois agus ní bheidh cluais le fáil ag aon leithscéal.

Más linn greim a fháil ar Chorn Webb Ellis, Corn an Domhain sa rugbaí, tosaíonn an t-aistear sin tráthnóna amárach sa Stade de Bordeaux, i mBordeaux nuair a bheas foireann Andy Farrell ag tabhairt faoin Rómáin.

Is léir ón slua ollmhór Éireannach atá timpeall Bhordeaux le cúpla lá anuas gur éirigh leo greim a fháil ar thromlach an 42,000 ticéad don Stade de Bordeaux agus go mbeidh siad breá glórach agus The Fields of Athenry go hard san aer acu.

Ní haon ábhar iontais é sin.  Ní raibh foireann as Éirinn ariamh chomh hullamh d’aon chomórtas rugbaí. Foireann na hÉireann atá ar bharr ordlathas rugbaí an domhain.  Is iad curaidh na Sé Náisiún agus chuir siad na hAll Blacks de dhroim seoil sa Nua-Shéalainn le gairid. Ní hamháin sin, seachas Cian Healy, an frapa a gortaíodh sa gcluiche i gcoinne Shamó coicís ó shin, tá fáil ag Andy Farrell na himreoirí go léir a bhíonn mar chéad rogha aige. Mar a dúirt mé níos tuisce, is deacair teacht ar aon leithscéal roimh an deichiú craobh domhanda.

An chéad sprioc atá ag Farrell agus a chuid imreoirí ná áit sna babhtaí ceathrú ceannais a chinntiú. Ciallaíonn sin go gcaithfidh siad an bua a fháil i dtrí cinn den cheithre chluiche a bheas á n-imirt acu i ngrúpa B, mar nach mbeidh ach dhá fhoireann ag dul chun cinn go dtí an chéad babhta eile den chomórtas.

Dá bhrí sin tá mí-ádh ar an Rómáin gurb iadsan atá i gcoinne na hÉireann sa gcéad chluiche amárach. Sa naoú háit déag ar domhan atá siadsan faoi láthair agus níl deoraí ag tabhairt seans ar bith dóibh bua a fháil in aon chluiche sa chomórtas seo.

Tá na geallghlacadóirí ag tuar go mbeidh farasbarr seasca pointe ar a laghad ag foireann na hÉireann ach a gcríochnóidh an cluiche agus bhí sin a rá acu fiú sular fhógair Farrell a fhoireann. Tá mé cinnte go bhfuil an ceart ar fad acu agus go mbeidh ceithre úd ar a laghad ag Éirinn.

Sin an chéad sprioc don chéad chluiche ach tá an dara sprioc chomh tábhachtach céanna –  go dtiocfaidh chuile imreoir slán ón gcoimhlint, Johnny Sexton go háirithe.

Imreoidh pé foirne a bhéas ag imirt sa gcraobh seacht gcluiche idir seo agus an cluiche ceannais, rud a chiallaíonn go mbeidh dúshlán agus go deimhin go leor den ádh ag baint lena chinntiú go bhfanann imreoirí slán agus aclaí go deireadh. Sea, bua éasca do Sexton agus a chomrádaithe amárach sula rachaidh siad ó thuaidh go Nantes le tabhairt faoi Thonga sa dara cluiche.

Dála an scéil, beidh suim ag chuile Éireanach sa searmanas oscailte agus sa gcéad chluiche a bheas ann anocht idir foireann an bhaile, na Francaigh, agus an Nua-Shéalainn. Cuimhnigh, má éiríonn linn na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach, gur dócha gur ag imirt i gcoinne na Fraince nó na nAll Blacks a bheas muid.

Ní iontas ar bith é go bhfuilim sáraithe ag dul ó bhialann go bialann, agus ó theach ósta go teach ósta i mBordeaux agus é ag cinnt orm áirithe a chur in áirithe don am sin tráthnóna.

Mar fhocal scoir, tá na geallghlacadóirí ag tuar gur ag na Francaigh a bheas an bua sa gcomórtas, go mbeidh an Nua Shéalainn sa dara háit, an Afraic Theas sa tríú háit agus muide sa ceathrú háit.

Caithfidh muid an port sin a athrú!

Fág freagra ar 'Bua éasca i ndán do Sexton agus a chomrádaithe'

  • jpmorley0@gmail.com

    Allez les verts!