Bua agus bónas ag teastáil ó Pat Lam agus na Connachtaigh

Tá foirne na hÉireann ag iarraidh chuile leas a bhaint as líon na n-imreoirí atá in easnamh agus ar dualgas ag an gCorn Domhanda ón gcuid is mó de na foirne eile sa gcomórtas

Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. INPHO/James Crombie
Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. INPHO/James Crombie

Tá babhta 4 den Pro 12 linn an deireadh seachtaine seo, tar éis sos seachtaine sa gcomórtas. Is cinnte go mbeidh foirne na hÉireann, agus na gConnachtach go háirithe, ag iarraidh chuile leas a bhaint as líon na n-imreoirí atá in easnamh agus ar dualgas ag an gCorn Domhanda ón gcuid is mó de na foirne eile sa gcomórtas.

Sa mbaile ar an mBóthar Beag atá na Connachtaigh an Aoine seo, iad i gcoinne Zebre na hIodáile, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua i gcomórtas na bliana seo. Ní hionann an cás ag na Connachtaigh é. Fuair siad an lámh in uachtar in dhá chluiche as trí cinn a d’imir siad go dtí seo. Seans go raibh an t-ádh ar na Connachtaigh go raibh buntáiste an bhaile acu sa dá chluiche sin a bhuaigh siad.

Cé gur deacair bua do Zebre a fheiceáil an Aoine seo, ní dóigh go mbeidh Pat Lam sásta le bua agus ceithre phointe amháin. Beidh sé ag éileamh ceithre úd agus an cúigiú pointe bónais a théann leis, fios aige go bhfuil deis ar leith aige na laethanta seo agus gur gá do na Connachtaigh chuile dheis a thapú i mbliana, rud nach ndearna siad anuraidh.

As baile, ag imirt in Parc y Scarlets atá Cuige Laighean an Aoine seo iad ag tabhairt faoi na Scarlets, foireann atá ar bharr an tábla faoi láthair. Cé nach scarann ach dhá phointe na foirne seo ar an tábla, tá na Laighnigh sa séú háit, i bhfad taobh thiar de na Scarlets.

Mar bharr ar na deacrachtaí atá ag na Laighnigh, chuir Joe Schmidt fios ar Rhys Ruddock agus Mick McCarthy mar ionadaithe do phainéal na hÉireann mar chlúdach do Peter O’Mahony agus Paul O’Connell, fir atá gortaithe ón gcluiche i gcoinne na Fraince. Fágann sin go bhfuil naoi n-imreoirí déag ó Chúige Laighean ag an gCorn Domhanda, 18 ar phainéal na hÉireann agus Zane Kirchner leis an Afraic Theas. Beidh brú damanta ar fhir Leo Cullen más leo pointe de chineál ar bith a thabhairt abhaile leo.

As baile freisin atá na hUltaigh, iad i nDún Éideann i gcoinne fhoireann na cathrach atá sa dara háit ar an tábla, trí áit chun cinn ar fhir Bhéal Feirste. Tá níos mó imreoirí ó Dhún Éideann ag an gCorn Domhanda ná atá ó Chuige Uladh ach mar sin féin, seans maith go mbeidh an lá leo de bharr gur acu atá buntáiste an bhaile agus nár chaill siad fiú is cluiche amháin ón trí cinn a d’imir siad go dtí seo.

An-luath ag 1.30 i.n  ar an Satharn, roimh chluichí ceathrúceannais an Choirn Dhomhanda a bheas na Muimhnigh ag imirt i gCorcaigh agus iad ag tabhairt faoi Bhlues Chaerdydd.

Is cinnte go mbeidh Axel Foley, atá i gceannas ar na Muimhnigh ag iarraidh cur leis an sárthús atá curtha ag an gCúige le Pro 12 na bliana seo, trí bhua as trí chluiche, agus ceann acu sin sa mbaile i gcoinne Ospreys (20 -18).

Cuir é sin i gcomparáid le Caerdydd a d’imir trí chluiche freisin ach a chaill péire acu. Beidh iontas ar chách má theipeann ar na hÉireannaigh sa gcluiche seo, ainneoin an líon imreoirí atá ar iarraidh uathu.

Fág freagra ar 'Bua agus bónas ag teastáil ó Pat Lam agus na Connachtaigh'