Bua ag teastáil go géar ó na Conallaigh chun cuid den ghruaim a ruaigeadh

Cé gurb iad na cluichí i Staid an Ghearaltaigh agus Staid an Phiarsaigh cluichí móra peile an deireadh seachtaine, beidh an dá choimhlint eile chomh tábhachtach céanna

Bua ag teastáil go géar ó na Conallaigh chun cuid den ghruaim a ruaigeadh

Dé Sathairn, 20 Bealtaine

An Clár v Dún na nGall – Páirc Uí Chíosóig, 2.00in

Léiríodh ar an bpodchraoladh Second Captains an tseachtain seo an drochbhail atá ar chúrsaí peile i nDún na nGall. Dúirt iarlaoch na gConallach Michael Murphy nár léir dó cén chaoi a n-éireodh le Dún na nGall an ceann is fearr a fháil ar chontae an Chláir in Inis tráthnóna.

Ba bhreá le lucht tacaíochta na gConallach dá mbeadh fear mór Ghleann tSúilí acu i bPáirc Uí Chíosóig inniu chun ceannaireacht a thabhairt d’fhoireann nach bhfuil cuma ná caoi uirthi ó d’éirigh Murphy as ag deireadh na bliana seo caite.

Ní hé imeacht Murphy an t-aon chúis go bhfuil Dún na nGall ag streachailt go mór i mbliana, áfach, agus imreoirí mór le rá eile cosúil le Paddy McBrearty agus Ryan McHugh ar iarraidh de bharr gortuithe. Mar bharr ar an donas, tá leithéidí Michael Langan agus Peadar Mogan leonta anois chomh maith.

Fágann sin go bhfuil na Conallaigh spíonta go maith agus iad ag triall ar Inis ach ghlanfadh bua inniu cuid mhaith den ísle brí atá thart ar an bhfoireann. Le struchtúr nua na craoibhe, beidh an fhoireann a bhuann inniu nach mór cinnte d’áit i réamhbhabhta ceathrú ceannais.

Níor cheart gur lagmhisneach ar fad a bheadh ar Dhún na nGall ach an oiread mar ní hé go bhfuil na Cláirínigh ar mhuin na muice faoi láthair. Bhí bua spreagúil ag foireann Colm Collins ar Chorcaigh i mbabhtaí ceathrú ceannais na Mumhan ach thug Ciarraí stánáil dóibh sa chluiche ceannais coicís ó shin agus bhíodar lag go maith san earrach nuair a díbríodh ó Roinn 2 na sraithe iad.

Beifear ag súil le taispeántas maith sa bhaile tráthnóna agus beidh an dá fhoireann ag díriú ar an gcluiche seo chun tús a chur leis an teacht aniar is gá.

Bainisteoir Chill Dara, Glen Ryan ©INPHO/Laszlo Geczo

Dé Domhnaigh, 21 Bealtaine

Sligeach v Cill Dara – Páirc Markievicz, 2.30in

Caithfidh Sligeach téarnamh ón ngreadadh a thug Gaillimh dóibh i gcluiche ceannais Chonnacht agus ní bheidh sé éasca i measc na mboc mór ag an bhfoireann seo ó Roinn 4 ach breathnóidh siad ar an gcluiche seo mar an deis is fearr atá acu cluiche a bhaint sa ghrúpa seo.

Tá Sligeach láidir go maith i measc na dtosaithe agus an-chumas ag Seán Carrabine agus Niall Murphy. Tá neart fuinnimh chomh maith ag Pat Spillane agus d’fhéadfadh siad deacrachtaí a chruthú do Chill Dara.

Caithfidh Sligeach cuid de na botúin a rinne siad in aghaidh na Gaillimhe a cheartú, áfach, Bhí na cúil a d’aimsigh Gaillimh i gCaisleán an Bharraigh bog go maith agus ní bheidh aon teacht aniar i ndán do Shligeach má ghéilleann cúpla cúl bog sa cheann seo.

Bhí cuma mhaith ar Chill Dara d’fhormhór a gcluiche in aghaidh Átha Cliath i mbabhta leathcheannais Laighean ach chúlaigh foireann Glenn Ryan i dtreo dheireadh an chluiche agus thug siad deis d’fhir na príomhchathrach an cluiche a bhaint. Níor cheart go dtarlódh an rud céanna inniu.

Fág freagra ar 'Bua ag teastáil go géar ó na Conallaigh chun cuid den ghruaim a ruaigeadh'