‘Briseann sé mo chroí – ní chuige seo a bunaíodh TG4’ – Ó Feinneadha

Tá cáineadh poiblí déanta ar TG4 den chéad uair riamh ag duine de na daoine is mó a luaitear leis an bhfeachtas ar son TG4 toisc ‘imní agus díomá’  chomh mór sin a bheith air faoi chur chuige teanga an stáisiúin sa tsraith ‘Laochra Gael’

‘Briseann sé mo chroí – ní chuige seo a bunaíodh TG4’ – Ó Feinneadha

Ba chóir do TG4 “athmhachnamh ó bhonn” a dhéanamh ar a chur chuige i bhfianaise an méad Béarla a bhí sa tsraith is déanaí den chlár Laochra Gael, dar le Ciarán Ó Feinneadha, duine de na daoine is mó a luaitear le bunú an stáisiúin Ghaeilge.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, deir Ó Feinneadha, ar cuireadh príosún air nuair a dhiúltaigh sé ceadúnas teilifíse a íoc mar chuid den fheachtas ar son bhunú theilifís na Gaeilge, go raibh sé croíbhriste mar gheall “ar an athrú polasaí scannalach” sa stáisiún.

Deir sé go raibh “fearg, imní agus díomá” air go háirithe air faoin gclár faoi Rena Buckley, an peileadóir agus iománaí iomráiteach as Corcaigh. Bhí conspóid mhór ann faoin gclár sin ina raibh na hagallaimh le Buckley féin agus lena hiarbhainisteoir Éamonn Ryan i mBéarla in ainneoin Gaeilge a bheith acu beirt.

Is é seo an chéad uair riamh ag Ciarán Ó Feinneadha, a bhí ina bhall de chéad chomhairle an stáisiúin, labhairt amach go poiblí i gcoinne TG4.

“Níl aon cháineadh déanta agamsa go poiblí ar TG4 riamh roimhe seo. Bhí mé lárnach san fheachtas roimh bhunú an stáisiúin agus bhí mé ar an gcéad chomhairle ag an stáisiún ina dhiaidh sin agus shocraigh mé nach ndéarfainn aon rud diúltach go poiblí agus nach mbeinn i mo chrá croí ag na daoine a bhí ag obair ann, ach ní fhéadfainn ligin do rud chomh scannalach leis seo tarlú gan mo thuairim a nochtadh faoi.

“Bhí sé chomh náireach sin nach bhféadfainn fanacht i mo thost. Tá sé dochreidte go mbeadh beirt le Gaeilge mhaith curtha ag caint as Béarla ar TG4. Ní chuige sin a bunaíodh an stáisiún agus ní chuige sin atá airgead poiblí á chur ar fáil dó. Má leanann TG4 ar aghaidh leis an gcineál seo polasaí, is é an toradh a bheidh air ná go dtosóidh daoine ag cur na ceiste, cén fáth go bhfuil sé ann ar chor ar bith?”

Dúirt Ó Feinneadha gur ghlac sé féin leis i gcónaí go mbeadh méid áirithe clár Béarla ar TG4 agus nach raibh aon fhadhb riamh aige, mar shampla, le scannáin Western nó eile a bheith á gcraoladh ar TG4 “ar mhaithe leis na bearnaí a líonadh”.

Ach deir sé gur “scéal eile ar fad é airgead an stáit a bheith á chaitheamh ar chlár Gaeilge ina bhfuil an clár go léir i mBéarla taobh amuigh den reacaireacht”.

Dar le Ó Feinneadha gur TG4 féin a bheidh thíos leis má leantar leis an gcur chuige a bhí i réim ar Laochra Gael agus go bhfuil dualgas ar phobal na Gaeilge labhairt amach faoin gcur chuige a dtugann an stáisiún an ‘straitéis twin pole’ air.

“Caithfidh muidne, pobal na Gaeilge, é seo a rá anois agus labhairt amach faoi seo mar is é an toradh a bheidh air faoi dheireadh ná go dtosóidh daoine atá i gcoinne na Gaeilge ag cur na gceisteanna seo.

“Dá mbeadh feachtas amárach ann chun deireadh a chur le TG4 agus dá seasfadh duine de lucht an fheachtais sin ar an ardán ag rá gur cur amú airgid a bhí i gcláracha mar seo, bheadh sé an-deacair an caiteachas a chosaint agus easaontú leis.”

Tá Ó Feinneadha diongbháilte de nach luíonn an polasaí lucht féachana atá anois ag TG4 leis na cúiseanna ar bunaíodh é i 1996 agus nach n-oirfidh an polasaí sin do stáisiún Gaeilge go deo.

“Briseann sé mo chroí mar ní chuige seo a bunaíodh TG4. An fáth gur bunaíodh TG4 ná chun seirbhís a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Deis a bhí ann freisin a léiriú don phobal gurb ann dúinn agus don Ghaeilge. Anois tá agallaimh i mBéarla le Gaeilgeoirí á gcraoladh. Má tá aon ‘líne dhearg’ ann ó thaobh TG4, sin é. Ní cheart go dtarlódh sé. Tá sé scannalach.

“Nílim ag cur locht ar an mbeirt [Rena Buckley agus Éamonn Ryan], sin murar dhiúltaigh siad glan agallamh a dhéanamh i nGaeilge. Ní dóigh liom go ndéanfaidís sin. Tá an locht ar TG4. Cuireann sé iontas agus díomá orm, ach tá an Béarla ag sleamhnú isteach le tamall i gcláracha a dtugtar cláracha Gaeilge orthu. An bunphointe, ní clár Gaeilge dáiríre clár ina mbíonn na hagallaimh go léir, nó beagnach na hagallaimh go léir i mBéarla.

“Tá sé seo go hiomlán i gcoinne an éitis a bhí taobh thiar de TG4 nuair a bunaíodh é. Agus tá a fhios agam sin mar bhí mé mar bhall den chéad chomhairle agus cinnte dearfa tá sé seo glan i gcoinne gach rud a chreideamar ag an am.”

Agus cosaint á déanamh ag TG4 ar an méad Béarla a bhí le cloisteáil ar Laochra Gael, dúirt lucht bainistíochta an stáisiúin gur ar mhaithe le ‘doirse a oscailt’ seachas ‘doirse a dhúnadh’ a bhí an stáisiún. Dar le Ó Feinneadha gur “masla” do phobal na Gaeilge a bhí sa chaint sin.

“Tá 99 cainéal eile agam le doras an Bhéarla a oscailt dom. Bunaíodh TG4 le doras a oscailt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, doras a bhí dúnta orthu. Masla is ea é domsa agus go leor eile de phobal na Gaeilge a bhfuil go leor dár saol caite againn ag iarraidh daoine a mhealladh go dtí an Ghaeilge a rá go bhfuilimid ag iarraidh doirse a dhúnadh ar Bhéarlóirí má táimid i gcoinne polasaí mar seo.

“Ní osclaíonn tú doirse don Ghaeilge trí phobal na Gaeilge a mhaslú agus masla do phobal na Gaeilge atá i gcláracha mar seo.”

Deir Ó Feinneadha gurb é ceann de na rudaí ba láidre a chreid sé féin agus lucht eile an fheachtais ar son bhunú Theilifís na Gaeilge ná gur ghá a chruthú don ghlúin óg go raibh laochra ann a labhair an Ghaeilge. Ghoill sé go mór air, a deir sé, gur “a mhalairt de theachtaireacht” a bhí á tabhairt anois.

“Ceann de na rudaí ba mhó a bhí i gceist againne leis an bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse ná go rabhamar ag iarraidh go bhfeicfí laochra ar an scáileán ag labhairt as Gaeilge, laochra ceoil agus spóirt agus eile. Sin rud tábhachtach, go háirithe don dream óg. Ach in ionad sin cuireadh Gaeilgeoirí líofa ag Béarlóireacht. Cén saghas teachtaireacht í sin do dhaoine óga na tíre?

“Ní thuigim ach oiread cén fáth nár iarradh ar níos mó iriseoirí nó iarimreoirí le Gaeilge labhairt ar na cláracha. Níl aon easnamh ann. Tá sé dochreidte mar chur chuige ar stáisiún Gaeilge go gceapfaí go gcaithfí dul i muinín an Bhéarla arís agus arís eile ar chláracha mar seo.”

Le linn na conspóide faoi Laochra Gael ag tús na míosa seo, mhaígh TG4 go rabhthas ag freastal “níos doimhne ná riamh” ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge “ag gach aois” le cláir ar nós Bailte agus Bádóirí agus leis na “cainéil nua” ar líne ‘Molscéal’ agus ‘BLOC’ agus le líon na gclár a choimisiúnaítear do pháistí.  

“Ag croí straitéis ‘twin-pole’ TG4, tá treisiú ar an bhfreastal ar na pobail a labhraíonn Gaeilge,  ach freisin, cruthaíonn muid bealach isteach chuig an nGaeilge don náisiún ar fad.  Osclaíonn muid doirse, ní dhúnann muid iad,” a dúradh i ráiteas TG4 ag an am.

Dar le Ciarán Ó Feinneadha, áfach, go bhfuil sé in am féachaint athuair ar an straitéis faoina ndéanann an stáisiún dhá chineál clár a choimisiúnú don dá chineál lucht féachana, pobal na teanga agus an pobal ‘náisiúnta’.

“Is polasaí nua é seo agus caithfear athmhachnamh ó bhonn a dhéanamh air agus filleadh ar an dtuiscint a bhíodh ann ar cad is clár Gaeilge ann. Tá cláracha Gaeilge maithe á ndéanamh fós ag TG4. Féach Bailte, mar shampla, clár Gaeilge den scoth. Ach an rud seo gur do phobal na Gaeilge Bailte agus don phobal ar fad Laochra Gael, níl aon chiall leis. Is léir gur polasaí Béarla de chineál éigin atá i gceist ach má tá na cláir seo nó an chuid is mó acu i mBéarla, cén leas atá sé a dhéanamh don Ghaeilge?

“Tá sé deacair a chreidiúint tar éis níos mó ná 20 bliain gurb í an teachtaireacht ná ‘tá Gaeilge againn ach nílimid sásta í a úsáid’.”

Deir Ó Feinneadha gur gá do TG4 éisteacht leis an mionlach teanga ar bunaíodh an stáisiún le freastal orthu toisc go raibh “éagóir” á déanamh ag RTÉ orthu. Deir sé nach cuimhin leis aon ábhar eile a spreag “oiread céanna feirge” i measc lucht a aitheantais a bhíonn ag féachaint ar TG4, idir Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí, agus a spreag conspóid Laochra Gael.

“Aon duine a cheapann gur mionlach atá ag déanamh imní faoin scéal seo tá an ceart acu, ach is sinne an mionlach ar bunaíodh Teilifís na Gaeilge dóibh. Ní rabhamar ag iarraidh riamh go mbeadh sí teoranta mar sheirbhís ná d’aon dream amháin ach bunaíodh í le freastal ar mhianta agus ar riachtanais mionlach teanga agus níl cláracha mar seo ag freastal ar mhianta ná riachtanais an phobail sin ar bunaíodh TG4 dóibh.

“Tuigim go bhfuil dúshlán mór roimh stáisiún teilifíse Gaeilge ó thaobh lucht féachana. Thuigfinn an fáth go mbeadh bainisteoirí an stáisiúin ag iarraidh níos mó de phobal an Bhéarla a mhealladh, ach ní hé seo an bealach lena dhéanamh.”

Fág freagra ar '‘Briseann sé mo chroí – ní chuige seo a bunaíodh TG4’ – Ó Feinneadha'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Sách ráite agat, a Chiaráin. Cuireann sé olc orm nuair a fheicim duine le Gaeilge réasúnta líofa nó fiú amháin an líofa faoi agallamh i mBéarla ar chláracha ‘Gaeilge’ ar TG4. Ní féidir linn ligint don cur i gcéill seo atá ar bun ethos bunaithe TnaG a lagú.

  • Cluain Sceach

    An ceart ar fad agat, a Chiaráin. Níl deireadh ráite fós faoi seo.

  • Gearóid Ó Murchú

    Tá sé mar an gcéanna leis an bpolasaí nó easpa polasaí atá ag RTÉ. Cainteoirí dúchais Gaeilge ag Béarlóireacht le chéile. …Dáithí, Maura Dirrane, Gráinne Seoighe, Bláthnaid etc etc
    An ag oscailt dóirsí don Ghaeilge atá siad siúd chomh maith?

  • T Ó Cualáin

    Chuir TG4 deireadh leis an gclár ‘Seó Spóirt’, clár breá a raibh tóir air i measc na nGael agus ag lucht spóirt nach labhrann ach Béarla. Ní bhaineann an dearcadh, arb é dearcadh RTÉ é, le cláir spóirt amháin. Ag freastal ar lucht an Bhéarla atáthar seasta. An dream a bhfónfadh fotheidil Ghaeilge dóibh ní chuirtear ar fáil dóibh iad agus cuirtear cinn Bhéarla ar fáil gan bhuíochas dóibh siúd nach dteastaíonn siad uathu.

  • Íde

    Táim ar aon tuairim leat a Chiarán. Togha fir! Thug mé faoi deara leis nach dtagraíonn an Nuacht don chonspóid. An dtabharfar deis cainte do Chiarán uasal ar TG4 anocht? Drochsheans

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    An ceart ar fad ag Ciarán. Ní hamháin i Laochra Gael a tharlaíonn é seo. Tá an port céanna sa chlár Mná an Cheoil, cláracha staire agus faisnéise (gan trácht ar Opry sa Iúir!). Tugann a leithéidí le tuiscint, móide fotheidil ann don Ghaeilge amháin, go bhfuil níos mó údaráis ar an ábhar ag na cainteoirí Béarla, agus téann sé seo i bhfeidhm ar mheon an duine. Nach bhfuil sé iorónta go bhfuil seo á phlé 50 bliain ó bunaíodh Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus cé cheap ag bunú TG4 go mbeadh seo amhlaidh?

  • Imreoir

    Ba chóir náire do bheith ar an GAA freisin.

    Cén mhaith beagán fústráil le hoifigeach Ghaeilge a cheapadh nuair nach ndéanann ceanncheathrú an GAA cinnte de go mbeidh deis ag a gcuid imreoirí go bhfuil Gaeilge acu labhairt i nGaeilge leis na meàin. Tá táirge luachmhar ag an GAA agus níor chóir ligint dos na meáin iachall a chur ar a gcuid imreoirí Béarla a labhairt leis na meáin Bhéarla ná leis na meáin Ghaeilge go háirithe.

  • Síle BÁC

    Maith thú a Chiaráin! Is léir nach bhfuil taighde déanta ag TG4 ar a lucht féachana náisiúnta. Tá na céadta míle cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge cosúil liomsa sa náisiún ag iarraidh cláracha i nGaeilge a fheiceáil. Níl TG4 ag freastal orainn faoi láthair.

  • Lillis Ó Laoire

    A clann féin….
    Ceacht atá do-fhoghlamtha, de réir cosúlachta.

  • Gabriel Rosenstock

    Ba dheas liom fotheidil Ghaeilge a fheiceáil ar chláir TG4! Sa tslí sin chuirfí léamh na Gaeilge chun cinn.

  • Colm Mac Séalaigh

    Ar nós Chiaráin agus daoine is leasc liom bheith ag gearán agus ag tabhairt amach faoi TG4 agus a bhfuil de chláir iontacha i nGaeilge craolta ó bunaíodh an stáitse – Seó Spórt, C.U. Burn, Ros na Rún is araile. Ach, aontaím go huile is go hiomlán lena bhfuil ráite ag Ciarán, agus iarraim ar bhainistíocht TG4 breathú arís go grinn ar an bpolasaí teanga atá i réim.

  • Peadar Ó Ceannabháin

    Ábhar tráthúil díospóireachta don chlár, 7 Lá!
    An bhfuil sé de ghus iontu nó de mhisneach acu tabhairt faoi? Leathshúil eile a chaitheamh orthu féin.

  • Seosamh O Ciardha

    Ní fhaca mè an clàr ach màs rud è gur chuireadh daoine le gaeilge faoi agallamh trè bhèarla ar tg4 bhuel is uafàsach an rud è-ta neart bearla le choisteail cheana fèin ar na staisiuin eile-ní gà duinn aon doirse a oscailt!

  • Máire

    An fhírinne ghlan, a Chiaráin. Agus muid anseo sa nGaeltacht ar ár ndícheall ag iarraidh a chur ina luí ar an nglún óg gur cheart dóibh a bheith bródúil as a gcuid Gaeilge. Ach chuile sheans gur cumhachtaí i bhfad na teachtaireachtaí a thagann chucu ón scáileán.

  • Taimín de Bhaldraithe

    An ceart ar fad agat a Chiaráin maidir le Béarla agus Béarlachas atá go forleathan i gcuid mhaith de chláracha TG4 faoi láthair.Má leantar leis an bpolasaí atá i bhfeidhm ag ceannasaíocht an stáisiúin maidir le tuilleadh lucht féachana a mhealladh agus an Ghaeilge dhá thruailliú an oiread sin gur gearr nach gcloisfear ach corr fhocal fánach anseo is ansiúd.Nach mbeadh sé chomh héasca céanna so,like,suppose ,really,alright,ok,sure,because agus araile bheith acu i nGaeilge seachas i mBéarla mar a bhíonn faoi láthair ach go háirithe sa sobal dhráma Ros na Rún.Glactar gan aon cheist leis an truailliú dar liomsa agus ní chuige sin a bunaíodh an stáisiún an chéad lá riamh.Tá géarghá le slacht a chur ar chúrsaí gan mórán moille ach an bhfuil sé de mhisneach ag an ceannasaíocht aon bhlas a dhéanamh sul má bhíonn rás TG4 rite agus gan fágtha againn ach meall truflais Ar ndóigh tá corr chlár den scoth fós ar fáil ach is beag iad sa lá atá inniu ann..tá súil le Dia go mbeidh athrú poirt ag an gceannasaíocht gan mórán moille

  • tg lurgan

    Tá ré órga na teilifíse caite. Is beag tionchair atá ag TG4 ar mheon an dream is tábhachtaí maidir le todhchaí na teanga labhartha – daoine faoi 25. Ní shin le rá nach bhfui fírinne &l fiúntas sa gcáineadh & tuairimaíocht ata léirtithe ach ta se sách imeallach don fhíor-cheist. Iompar teanga na n-óg an t-aon cheist – níl i ngach rud eile ach a bheith ag athshocrú deckchairs an Titanic.

  • Imreoir

    Níl na custaiméirí sásta, is léir.

  • Monica Ni Chadhain

    An ceart ar fad agat a Chiaráin. Bhínn féin ar na hAgóidí seo le mo mham Cáit Uí Chadhain agus chuaigh sí isteach sa bPriosún I féin mar dhiúltaigh sí an Ceadúnas teilifíse a íoc mar ní raibh Gaeilge ar bith ar Chainéal ar bith ar an teilifís.

  • Sibéal

    @tg lurgan
    Tá an ceart ar fad agat. Is é iompar teanga i measc daoine óga faoi 25 sa Ghaeltacht an cheist is práinní maidir le todhchaí na Gaeilge.
    Tá áit an-imeallach ag an teilifís i measc déagóirí agus daoine sna fichidí. Tá a leithéid “Molscéal” tar éis an bearna sin a thabhairt faoi deara agus tuigeann siad go mbíonn daoine óga ag breathnú ar an idirlín seachas ar an mbosca sa gcúinne.
    Tá tábhacht i bhfad níos mó go mbeadh polasaithe láidre Ghaeilge ag heagraíochtaí chultúrtha, clubanna spóirt agus óige sa Ghaeltacht agus is lú i bhfad an tábhacht atá le TG4 chun an Ghaeilge a Láidriú sa Ghaeltacht.

  • Seán Mag Leannáin

    Baineadh stangadh asam nuair a chuala mé Rena Buckley ag caint i mBéarla. Nílim cinnte áfach gur cóir an locht ar fad a chur ar na daoine a rinne an clár. Léigh mé áit éicint gur roghnaigh Rena féin go ndéanfadh sí na hagallaimh i mBéarla. Ach aontaím go hiomlán le tuairim Chiaráin i dtaobh an pholasaí teanga atá, de réir dealraimh, i réim sa stáisiún anois faoi stiúr an cheannasaí nua.

  • Antoine

    Diabhal ‘s ‘am ach ó m’uile chroí istigh , tá mé a cheapadh gur togha stáisiúin é TG4 . Togha jab atá dhá dhéanamh acu ar shon na Gaeilge . Diabhal tada mórán san alt thuas ach “ráinéis” dar liom .Bíonn de chlaonadh ag Ó Finneadh áibéil a dhéananh faoin ról atá aige …

  • Colm

    Gné eile den scéal seo, cén fáth gur amhráin i mBéarla is mó a sheinntear ag tús, le linn agus ag deireadh cuid mhór cláir Ghaeilge?

  • Pádraig

    Tá an ceart ag Gabriel.Mholfainn fotheidil as Gaeilge a úsáid chun litriú na Gaeilge a chur chun cinn

  • Daithi Mac Carthaigh

    Is comhartha sóirt an chine chloíte é a bheith leithscéalach faoina dteanga.
    Tá an galar sin ar an dá thaobh de Shruth na Maoile.
    Bhí tráth ann nuair ba mheasa an scéal in Albain, anois, is deacair a rá cé againn is measa.

  • brian-less

    Aontaim go hiomlán le Ciarán – agus cosúil le Gabriel ba mhaith liom fotheidil Ghaeilge a fheiceáil ar TG4 – ar son foghlaimeoirí cosúil liom féin! Agus bíonn an iomarca “alrights” ar Ros na Rún; an bhfuil siad ag ceiliúradh na Gaeilge, nó meath na Gaeilge? An bhfuil “ealaín” an sobal-dráma níos tábhachtaí ná beatha na Gaeilge?