Breithiúnas na bpáirtithe móra polaitiúla le tástáil sa toghchán

Ceapann Fine Gael go bhfuil ceacht foghlamtha, is dóigh le Micheál Martin go bhfuil an fear ceart roghnaithe aige agus tá cinneadh mór fós le déanamh ag Sinn Féin

Breithiúnas na bpáirtithe móra polaitiúla le tástáil sa toghchán

Tá dáta againn ar deireadh agus tuairim níos fearr againn faoi cé hiad na hiarrthóirí a bheidh ann. Ach cén sórt feachtais a bheidh againn don toghchán uachtaránachta as seo go ceann seacht seachtainí? Tá sé soiléir go bhfuil daoine ar nós cuma liom den chuid is mó faoin bhfeachtas agus na hiarrthóirí faoin tráth seo, ach an féidir an méad céanna a rá faoi na páirtithe móra polaitiúla a bheidh ag breathnú ar thoradh an toghcháin seo mar léargas ar mheas an phobail orthu féin.

Tá a muinín curtha ag Fine Gael san iar-aire Heather Humphreys agus seolfar feachtas an pháirtí an tseachtain seo chugainn. Ba bhreá le Fine Gael an toghchán seo a bhuachan. Níor éirigh le hiarrthóir dá gcuid riamh agus nuair ba mhó a bhí rath ar an bpáirtí in 2011 rinne siad praiseach den fheachtas. Dúirt an Taoiseach Enda Kenny leis an bpáirtí agus iad ag roghnú iarrthóra go raibh siad ionann is cinnte go mbeadh an uachtaránacht faoina gcúram tar éis an toghcháin in 2011. Go háirithe dá roghnóidís iaruachtarán Pharlaimint na hEorpa Pat Cox mar iarrthóir, mar a mhol ceannaireacht Fhine Gael do na toscairí ag an gcoinbhinsiún. Níor thaitin leosan go mbeadh iarrthóir ag teacht thar tír isteach agus roghnaigh siad Gay Mitchell – bhí drochfheachtas aige agus drochthoghchán ag an bpáirtí, dá réir.

Tá ceacht foghlamtha acu an babhta seo, dar leo féin pé scéal é. Tá bean roghnaithe acu a thabharfaidh daoine le chéile, dar leo. Protastúnach ó cheann de chontaetha na teorann is ea í agus an cháil uirthi go mbaineann sí ceart do dhaoine. Beidh súil acu go n-éireoidh léi tacaíocht a mhealladh a bheidh níos airde ná tacaíocht an pháirtí agus beidh siad ag súil le botúin ó na páirtithe eile a chuideoidh leo ansin.

An bhfuil ceann de na botúin sin déanta ag ceannaire Fhianna Fáil lena rogha féin mar iarrthóir? Ba dhóigh leat ó bheith ag éisteacht le Bertie Ahern agus é ag fógairt nach mbeadh sé san iomaíocht go síleann an t-iarThaoiseach go bhfuil.

Más fíor na luaidreáin ar fad is liosta le háireamh an líon daoine ar labhair Martin leo i gcaitheamh an tsamhraidh agus é ar thóir duine a mheallfadh vótaí i dtreo an pháirtí. Sé Jim Gavin, iarbhainisteoir peile fhoireann peile Bhaile Átha Cliath, an fear atá roghnaithe aige lena bheannacht a thabhairt dó. Ní mó ná sásta atá go leor de bhaill an pháirtí go rachfaí amach i measc an phobail ar thóir iarrthóra agus is léargas ar an míshástacht sin cinneadh Billy Kelleher, an feisire Eorpach do thoghcheantar an Deiscirt, é féin a chur i láthair an pháirtí. Pé acu den bheirt a roghnófar ag cruinniú an pháirtí Dé Máirt seo chugainn – agus is cosúil gurb é Gavin a bheidh ann – tá deighilt cothaithe sa bpáirtí nach ndéanfaidh aon leas dóibh le linn an fheachtais ná amach anseo.

Is críonna an té a déarfadh céard atá ar siúl ag Sinn Féin a fhógróidh a gcur chuige don toghchán níos déanaí an mhí seo. An bhfuil siadsan deighilte faoi iarrthóir a roghnú nó faoin duine a bheadh i gceist? Nó an amhlaidh gur cheart dóibh tacú le Catherine Connolly mar iarrthóir de chuid na heite clé?

Cuirfidh an sirriam iarrthóirí neamhspleácha atá ag cur a gcuid ainmneacha chun cinn le castacht an toghcháin do na páirtithe móra freisin ach i ndeireadh an lae is beag dochar a dhéanfaidh siad don tacaíocht atá acu. An mbeidh ar chumas na bpáirtithe móra leas a bhaint as an bhfeachtas uachtaránachta cur lena gclú sa tréimhse seo romhainn? A mhalairt go deimhin, atá fíor go dtí seo agus deighilt seachas aontas dá chothú ag ceist na huachtaránachta i measc bhaill na bpáirtithe.

Fág freagra ar 'Breithiúnas na bpáirtithe móra polaitiúla le tástáil sa toghchán'