Fianna Fáil ina seasamh ar imeall na haille déimeagrafaí

B’fhéidir nach bhfuil Sinn Féin sách láidir chun brú isteach sa rialtas faoi láthair, ach tá na comharthaí ann go bhfuil siad ar an mbealach

Fianna Fáil ina seasamh ar imeall na haille déimeagrafaí

Cé nach bhfuil feachtas uachtaránachta Fhianna Fáil sna ceannlínte faoi láthair, is cosúil nach bhfuil aon mhaolú ar an aighneas sa bpáirtí – aighneas go deimhin atá ag teacht ón bhfeachtas ina fheachtas, agus ceisteanna anois dhá gcur faoi céard atá i ndán don pháirtí sa todhchaí.

Le tamall fada tá aoisphróifíl lucht tacaíochta Fhianna Fáil ag i méid. Mar shampla, i bpobalbhreith san Irish Times i mí Iúil, ní raibh ach 11% den dream faoi 24 ag tacú leis an bpáirtí, agus 18% den dream idir 25-34 a bhí acu. 40% agus 42% faoi seach bhí ag Sinn Féin.

Ar an taobh eile, ámh, thacaigh 23% den dream idir 50 is 64 agus 39% díobh siúd os cionn 65 le Fianna Fáil, i gcomparáid le 19% is 15% ag Sinn Féin.

B’fhéidir nach bhfuil Sinn Féin sách láidir chun brú isteach sa rialtas faoi láthair, ach tá na comharthaí ann go bhfuil siad ar an mbealach.

Mar an gcéanna maidir leis an mbriseadh síos de réir aicme.  Go stairiúil bhíodh Fianna Fáil níos láidre sna haicmí C2 agus DE (an lucht oibre) ná aon pháirtí eile. Ach anois tá 20% den C2 le Fianna Fáil agus 23% den DE.  Tá 27% agus 29% ag Sinn Féin.

Agus i measc na haicme is saibhre, aicme AB, tá 18% ag Fianna Fáil, 11% ag Sinn Féin agus 27% ag Fine Gael.

Cinnte, is túisce a gcaitheann na haicmí saibhre a vóta ná na haicmí is boichte, agus tá ráta vótála níos airde i measc daoine aosta ná mar atá i measc daoine óga, ach tá na figiúirí ag dul in aghaidh Fhianna Fáil ag gach leibhéal.

Tá a fhios ag cuid mhaith de lucht Fhianna Fáil go mbeidh siad i dtrioblóid mura féidir leo na figiúirí seo a athrú.

Ag labhairt dó ag comóradh Éamon de Valéra in Inis níos túisce an mhí seo, dúirt an feisire Eorpach Billy Kelleher, duine de lucht cáinte an cheannaire, Micheál Martin, go bhfuil Fianna Fáil ina seasamh ar imeall na haille déimeagrafaí. “Níl an páirtí ag déanamh a dhóthain le dul i ngleic le daoine óga,” dúirt sé. “Ní mór dúinn a bheith ag éisteacht leo, agus gan dearmad a dhéanamh ar a dtuairimí díreach toisc nach n-aontaímid leo nó nach dtuigimid iad.

“Mar pháirtí, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh i ndaoine óga, a bheith sásta díospóireacht a dhéanamh leo, agus a bheith toilteanach a admháil go bhfuil muid mícheart uaireannta.”

Thagair sé freisin don aicme oibre. Dúirt sé go raibh an páirtí tar éis a mbuntacaíocht in eastáit de chuid na haicme oibre agus i measc na bpobal ar an imeall a chailliúint – an dream a chothaigh an páirtí le 100 bliain anuas.

Agus éist lena raibh le rá ag James O’Connor, Teachta Dála as Corcaigh Thiar nach bhfuil ach 27 bliain d’aois, agus duine den dream is cáintí ar fad ar Martin.  Ag scríobh san Irish Times, dúirt sé: “Táim sa pholaitíocht chun rudaí a bhaint amach agus chuaigh mé le Fianna Fáil mar gurbh é an páirtí a bhí i gcónaí in ann réitithe a chur i gcrích. Chruthaigh an spiorad sin fís na mban agus na bhfear a tháinig le chéile chun an páirtí a bhunú i Meitheamh 1926.

“Sin é a thug spreagadh do bhrocais tithíochta a ghlanadh agus don togra tógála tithe sna 1930idí. Thug sé an spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh san oideachas dara leibhéal saor sna 1960idí agus an t-oideachas a leathnú níos faide agus níos airde ón deich mbliana sin ar aghaidh, leathnú a bhfuil ár rath eacnamaíoch inniu mar thoradh air.”

Is fiú a thabhairt faoi ndeara nach bhfuil na daoine seo, agus daoine nach iad, ag díriú a n-aird ar stíl cheannasaíochta Martin, nó ar na cinntí a dhein sé faoin bhfeachtas uachtaránachta, ach ar cheisteanna atá i bhfad níos lárnaí do thodhchaí an pháirtí.

Céard le haghaidh Fianna Fáil?  Cén fhís atá ag an bpáirtí don tír sa todhchaí?

Feictear domsa gur thug Martin cúl leis an aicme oibre.  Ghéill sé an talamh sin do Shinn Féin. Cén difir atá anois ann idir Fianna Fáil agus Fine Gael?  Fiú maidir le ceist na teorann is minice Fine Gael ná Fianna Fáil ag caint fúithi.

Tá Fine Gael sách lag, cinnte, mar is léir san easpa daoine a bhí ann le teacht i gcomharbas ar Pascal Donohoe mar aire airgeadais.  Ach sa bhfadtéarma feictear dom go bhfuil Fianna Fáil níos laige fós.  Mura féidir leo cúis a shoiléiriú faoi cén fáth a bhfuil siad ann, gheobhaidh siad bás, luath nó mall.

Fág freagra ar 'Fianna Fáil ina seasamh ar imeall na haille déimeagrafaí'