Bhí bealaí níos simplí ann roimhe seo leis an laethanta idir muid féin agus an Nollaig a thomhas ar an bhféilire. Ní fhéadfaí cruinneas na mbealach sin a cheistiú. Bhíodar daingnithe i saol na tuaithe. ‘Sé seachtainí ó Lá’l Cáilín go Lá Nollag,’ a d’abraítí.
Ar ndóigh theastódh, ar an gcéad iarraidh, go mbeadh a fhios agat cérbh é Cáilín agus cén lá a dtugtaí ómós dó. Chomh maith leis sin, níor mhór saol Chonamara agus na tuaithe a shamhlú roimh aois na hintleachta saorga [AI]. B’in é an t-am a raibh stádas ag Naomh Cáilín.
Bhítí ag glaoch air, ag fógairt air agus ag impí air. ‘A Cháilín’ a d’abraití, nó dá mba chás mór iontais nó anó a bhí ann: ‘A Cháilín Mhíorúiltigh’. Leis an scéal fada a ghiortú, thart ar 1,900 blianta ó shin a bhí Cáilín ar chósta thiar Chonamara. Bhí bunáit aige i gceantar an bhaile Fíonach i gContae Liatroma. Sé naomhphátrún an chontae sin fós é. Ach chaith sé aimsir i gConamara freisin.
Théadh cuimse daoine ar oilithreacht go Tobar Cáilín i mBaile Conaola san aimsir a caitheadh ar a lá féile, an 13 Samhain. Beagán a théann chuig an tobar anois ach fós féin, cloisfidh tú an chaint in iarthar Chonamara: sé seachtainí ó Lá’l Cáilín go Lá Nollag. Níl le déanamh ach na laethanta a chomhaireamh – 42.
Níor bhain sé leis an saol úd go dtabharfaí cuntas ar na ‘shopping days’ idir Lá’l Cáilín agus Lá Nollag.
Faraor, ní dhéanfar aon siopadóireacht Nollag níos mó Tigh John Woods i gCloch na Rón i gConamara. Dúnadh an doras den uair dheiridh Dé Sathairn seo caite. Bhí sé saothraithe go maith ag Séamus Lowry agus ag a bhean chéile Christina, iníon le John Woods. Ba as oileán Inis Leacan iad muintir Woods; chuile sheans gur as Cúige Uladh a thángadar an chéad lá ariamh. D’imigh na daoine as Inis Leacan agus bhí muintir Woods ar dhream acu sin. Ba shean-aintín liom féin a bhí ina máthair acu, Baibín Choilm Seoige.
Cheannaigh John Woods agus a bhean, Bríd, an siopa i gCloch na Rón agus rinneadar gnó maith ann. Is iomaí sin Nollaig ar thug mé mo mháthair ansin; bhí sí gar i ngaol leo, agus nádúr dá réir aici leis an áit.
An lá cheana ar shráid Chloch na Rón agus siopa Woods ag dúnadh, dúirt fear liom go mba mhaith ba chuimhneach leis na curachaí ag teacht anall trasna an chuain as Inis Ní agus daoine ag iomramh ar ais le siopadóireacht na Nollag.
Mar a tharla sé, ba é an lá sin ar dúnadh Tigh Woods a bhí Micheál Mac an Ríogh as Inis Ní dá thórraimh i dTeach Pobail Chloch na Rón. Ní rabhadar ann níos fearr ná é ag déanamh cur síos ar Inis Niaidh, ar stair an cheantair agus ar chúlra na ndaoine. Bhí cuimhne mhaith aige ar go leor; bhí Micheál buailte ar 90 nuair a shéalaigh sé.
Bhí go leor as Iorras Aithneach abhus ag an tórraimh. Bhí go leor ceangail idir an taobh sin, agus an taobh ó thuaidh de Chuan na Beirtrí Buí- taobh Chloch na Rón – agus, ar ndóigh, ba as Leitir Ard í Neansaí, bean Mhichíl.
Ní ar phár ná ar pháipéar a bhí an t-eolas ag Micheál; bhí sé uilig greanta ina intinn agus scríofa ina chroí agus an cuntas aige ar bharr a theanga.
Ochtó bliain ó shin a tháinig John Woods agus Biddy Ní Chualáin, daoine óga fuinniúla, i mbun an tsiopa i gCloch na Rón. Bhí fear de mhuintir Courcey ann roimhe sin. 100 bliain uilig. Taobh le siopa amháin atá an baile anois; bhí sé agus seacht de cheanna ann scaitheamh.
D’fheabhsaigh an saol go mór ach tá crainnte daracha dá leagan. Aois an AI linn, an eacnamaíocht ag ropadh léi ach pobail tuaithe ann anois atá ar an lagtrá.
Bhí siosca tórraimh thart ar Theach an Phobail. Daingníodh an laiste ar shiopa Woods. Bhí muid buailte ar ghearróga beaga na Nollag ach go raibh spéir réaltógach ag taisspeáint an chosáin.
‘Sé seachtainí ó Lá’l Cáillín go Lá Nollag.’
Pádraig
Cuntas an-bhreá. Grma