Mí ó shin d’fhuadaigh fórsaí Iosrael ó bhád mé, anois tá fáilte á cur roimh an stát sin go dtí ócáid seoltóireachta in Éirinn

Mí i ndiaidh na n-ionsaithe ar rannpháirtithe agóid chabhlach Gaza tá fáilte á cur roimh Iosrael go hÉirinn ag an gComhdháil Seoltóireachta Dhomhanda atá ar siúl i nDún Laoghaire

Mí ó shin d’fhuadaigh fórsaí Iosrael ó bhád mé, anois tá fáilte á cur roimh an stát sin go dtí ócáid seoltóireachta in Éirinn

Agus mé ag seoltóireacht trasna na Meánmhara go luath i mí Dheireadh Fómhair, chreach na foghlaithe mara mo bhád. In éadan mo thola, thug saighdiúirí le raidhfilí mé go dtí a dtír féin agus chuir siad sa phríosún mé ansin.

Mar agóid i gcoinne an chinedhíothaithe a bhí á dhéanamh ag na fórsaí céanna sin 65 ciliméadar ó láthair, chuaigh mé ar stailc ocrais ar feadh na gcúig lá a chaith mé i ngéibheann gan cúram leighis ná uisce glan. Ar deireadh, ‘dhíbir’ na fuadaitheoirí mé ón tír chéanna ar aistrigh siad mé chuici leis an lámh láidir ar an gcéad dul síos, agus bhí mo bhád fós robáilte acu. Anois leanann siad ar aghaidh leis an gcinedhíothú; tá ‘sos cogaidh’ ann ach gan an cogadh a bheith ar sos.

Is é stát Iosrael an phíoráid sa scéal seo agus bhí mise páirteach i gcabhlachán a bhí ag iarraidh cúnamh a thabhairt go Gaza. Ar chúis ait éigin, bíonn na sonraí sin faoin scéal bunoscionn ag go leor daoine atá i gcumhacht.

Mí i ndiaidh na n-ionsaithe ar rannpháirtithe an chabhlacháin – 20 saoránach Éireannach san áireamh – tá fáilte á cur roimh Iosrael go hÉirinn ag an gComhdháil Seoltóireachta Dhomhanda atá ar siúl i nDún Laoghaire go dtí an 8 Samhain. Leag an Chomhdháil chéanna smachtbhannaí ar rannpháirtíocht na Rúise agus na Bealarúise tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022, agus an ceart ar fad acu. Ach níor cuireadh an caighdeán céanna i bhfeidhm i gcoinne Iosrael, a rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go raibh cás cinedhíothaithe le freagairt aige in 2023.

Beidh Smadar Pintov i láthair i nDún Laoghaire ina cáilíocht mar Phríomhfheidhmeannach Chumann Seoltóireachta Iosrael. Is minic a scaoileann agus a mharaíonn cabhlach an stáit chéanna Palaistínigh agus iad ag iascaireacht ina n-uiscí féin agus ina limistéar iascaigh féin. Ó 2010 i leith, rinne Iosrael ionsaí ar gach Cabhlachán na Saoirse a rinne iarracht an léigear mídhleathach ar Gaza a bhriseadh. Anois tá fáilte á cur againn roimh lucht seoltóireachta as Iosrael chuig óstán sómasach ar chósta Dhún Laoghaire. Is ait an mac an saol.

Tacaíonn formhór ghnáthmhuintir na hÉireann leis na Palaistínigh le blianta fada; is bunaithe air sin a bhí cuid den naimhdeas a léirigh fórsaí Iosrael inár leith ar an gcabhlachán. Ar chúis éigin nach léir, cheap cuid de na gardaí príosúin gur Gearmánach mé – tá Gearmáinis líofa agam, ach ní raibh fonn rómhór orm í a labhairt in Iosrael, ar an gceann caol de, agus bhí cuma níos béasaí orthu ar an mbun sin ná mar a bhí nuair a rugadh orm. ‘Why are you speaking Irish?’ a dúirt saighdiúir linn go hamhrasach agus an sárú ar an mbád ar siúl; lena cheart a thabhairt dó, chuaigh sé i bhfeidhm orm go raibh sé ar eolas aige gurbh ann don teanga seo.

Ní raibh na póilíní ag calafort Ashdod chomh feasach leis. ‘Ireland best country’ arsa ceann acu agus ruathar á dhéanamh acu ar mo mhála, agus ba iad a bhí sna trithí gáire faoin gciúta seo. Thóg sé cúig nóiméad ar a laghad orthu a shocrú gur ‘litríocht an namhad’ a bhí sa leabhar Iodáilise le Francesca Albanese a bhí agam, cé go raibh an focal ‘Palestina’ i gceannlitreacha sofheicthe ar an gclúdach. Láimhseáil siad é amhail is nár chonaic siad leabhar riamh ina saol, rud a mhíneodh neart rudaí dá mb’fhíor é.

Sa phríosún, ba nós leo cuardaigh phearsanta a dhéanamh ar na mná gan chúis, a méara a chliceáil chun glaoch orainn, aon sórt ruda a cheap siad a dhéanfadh beag dínn — cé nár éirigh leo riamh. ‘You wanna be animals, be animals’, a dúirt garda linn sa gcillín agus é ag bagairt orainn le deoirghás. Rinneamar gáire chomh luath is a d’imigh sé. ‘Pezzo di merda’, arsa comrádaí Sicileach. ‘The Problem Cell’ a tugadh orainn sula i bhfad. Bhuail an Sicileach ar an doras, chuir bean as an Éigipt eascainí Arabacha ina ndiaidh, chas mé féin agus na Francaigh amhráin reibiliúnacha.

Bhí pribhléid againne agus sinn ag cur i gcoinne na ngardaí sin; bhí cosaintí againn nach mbíonn ag na Palaistínigh, a scaradh uainn le linn ár gcuid ama sa phríosún. Fiú inár gcásna, ba thréimhse bhrúidiúil é. Buaileadh go dona mo chara Noa Avishag-Schnall, Giúdach Éimineach, agus bhí súil dhubh aici fós nuair a d’fhágamar slán ag a chéile san Iordáin. Bhí siad sách garbh liom féin, ach bhí siad i bhfad níos measa le mná de dhath; bhrúigh siad mise chun mé a bhogadh ó chillín go cillín, ach is amhlaidh a tharraing siad a gcuid gruaige ar roinnt ban de dhath.

Is le cliarlathas ciníoch a chothaítear forghabháil choilíneach Iosrael, agus an córas céanna i bhfeidhm ina phríosúin. Is measa an mhí-úsáid a dhéantar i gcoinne na bPalaistíneach nach bhfuil cúnamh consalachta acu; céastar go rialta iad, coinnítear i ngabhann gan chúiseamh iad, agus ní ar feadh roinnt laethanta ach ar feadh blianta. Tharlódh sé go mbuailfeadh na gardaí chun báis iad agus gan aon bhaol pionóis ann.

Ní ghlacann an gnáth-Éireannach leis an drochíde seo. Caithfidh ár n-institiúidí oifigiúla an tuiscint agus an fhreagracht chéanna sin a ghlacadh. Sa chás go mbíonn cead ag Iosrael freastal ar an gComhdháil Seoltóireachta Dhomhanda an tseachtain seo, glacfar grianghraif d’úinéirí luaimh na hÉireann ag mealladh ionadaí an stáit sin le seaimpéin, agus uiscí Dhún Laoghaire ag glioscarnach sa chúlra. Lá éigin feicfidh ár bpáistí agus ár ngarpháistí na pictiúir sin. Beidh a fhios acu gur tógadh iad agus cinedhíothú fós ar siúl.

Fág freagra ar 'Mí ó shin d’fhuadaigh fórsaí Iosrael ó bhád mé, anois tá fáilte á cur roimh an stát sin go dtí ócáid seoltóireachta in Éirinn'

  • Cluain Sceach

    Alt ana-bhreá. Treise le Naoise.

  • Pat Butler

    Mo sheasamh ort, a Naoise!

  • Pól Réamonn

    Mí i ndiaidh na n-ionsaithe ar rannpháirtithe agóid chabhlach Gaza tá fáilte á cur roimh Iosrael go hÉirinn ag an gComhdháil Seoltóireachta Dhomhanda atá ar siúl i nDún Laoghaire – Is ardleibhéal easaontais chognaíoch é sin a chleachtaimid san Iarthar.

  • Pádraig

    A Chomdháil Seolteóireachta Dhomhanda, mo náire shaolta sibh.
    A Naoise Dolan, mo ghradhain thu!