Bhronn Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, duaiseanna ar bhuaiteoirí Ghradaim Ghnó le Gnó Mhaigh Eo ag ócáid bhronnta in Óstán an TF Royal i gCaisleán an Bharraigh, Maigh Eo le déanaí. Bhí duaiseanna de bhreis is €45,000 le buachan. Tugann Gnó Mhaigh Eo tacaíocht agus spreagadh d’earnáil an ghnó i Maigh Eo agus tacaíonn siad leo an Ghaeilge a úsáid mar acmhainn atá luachmhar agus brabúsach.
Tugann na Gradaim Ghnó aitheantas do ghnólachtaí i gCo. Mhaigh Eo a úsáideann an Ghaeilge agus cuireann sé chun cinn iad. Tá 4 chatagóir ann – Brandáil, Comharthaíocht, Ábhair Ghnó/Suíomh Gréasáin agus Seirbhís Ghaeilge. Aithnítear an luach brandála agus margaíochta atá ag an nGaeilge do ghnólachtaí agus an bealach go meallann sé custaiméirí Éireannacha agus custaiméírí thar lear araon.
NA BUAITEOIRÍ
OLLBHUAITEOIR
Tugtar an duais seo don ghnólacht a úsáideann an Ghaeilge i ngach gné den ghnó. Is pacáiste fógraíochta náisiúnta ar luach €20,100 a fuair an t-ollbhuaiteoir – €16,000 ó The Irish Times/Scéal, €2,000 ón gcraoltóir náisiúnta TG4 agus fógraíocht ar luach €2,100 ón stáisiún náisiúnta RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá spás faighte ag an ngnólacht ar chúrsa margaíochta in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (Maigh Eo) ar luach €750 chomh maith. Is iad an gnólacht Mescan Brewery a bhain amach an duais sin.
MESCAN BREWERY, COILL SALACH, CATHAIR NA MART
Tá Mescan Brewery lonnaithe i gCoill Salach, Cathair na Mart. Tá neart Gaeilge le feiceáil ar ábhair ghnó an ghnólachta. Feiceann tú ainmneacha Gaeilge ar na beoracha mar shampla ‘Spéartha Dorcha’ agus ‘Beoir na Nollag’ atá amuigh faoi láthair. Tá an líne lipéid ‘Ullamh agus Ábalta’ ar na t-léinte/geansaithe cochallacha. Tá an frása ‘Go raibh Mescan agat’ ar na t-léinte agus ar mhálaí. Tá an t-imeartas focal seo an-chliste agus an-éifeachtach – ní dhéanfaidh tú dearmad ar ainm an ghnólachta dá bharr. Baineann siad úsáid as an lógó ‘Déanta i Maigh Eo’, lógó a chruthaigh Gnó Mhaigh Eo le gnólachtaí beaga a fhorbairt. Labhraíonn cuid den fhoireann Gaeilge agus beidh suíomh gréasáin á sheoladh acu go luath a bheidh ar fáil i nGaeilge. Tuilleadh eolais: https://www.mescanbrewery.com/
BUAITEOIRÍ NA gCATAGÓIRÍ
Bhuaigh buaiteoirí na gceithre chatagóir fógraíocht ar luach €2,000 le The Connaught Telegraph, fógraíocht ar luach €2,000 le Midwest Radio, leathanach iomlán – próifíl le The Western People. Chomh maith leis sin, bhuaigh siad pacáiste dearaidh/cló ó Bridge Signs (Baile an Róba, Maigh Eo) agus MW Design, Print & Signs (Clár Chlainne Mhuiris, Maigh Eo).

BUAITEOR NA BRANDÁLA: AODHA, CATHAIR NA MART
Tá siopa Aodha lonnaithe ar 1 Sráid an Droichid, Cathair na Mart. Tá an Ghaeilge le feiceáil go lárnach sa bhaile ar an mbrandáil agus ar na comharthaí. Seasann an lógó seo amach agus tá sé aitheanta – na dathanna agus an t-ainm Gaeilge. Tá sé le feiceáil ar chaon taobh den siopa. Ní hamháin go bhfuil sé ar na comharthaí taobh amuigh ach tá sé ar na málaí agus na cártaí gnó. Is é seo ainm an úinéara, Aidan, agus díolann sé ceardaíocht agus dearadh Éireannach. Tá na focail seo ar an gcomhartha taobh amuigh ar thaobh amháin den siopa freisin. Tá go leor ábhair á ndíol sa siopa a bhfuil Gaeilge orthu ina measc stocaí ‘Mo Theanga’ (Irish Socksciety) agus na focail mná, fir, ceol agus craic orthu. Tuilleadh eolais: https://www.instagram.com/aodha_kymo_gift_shops/

BUAITEOIR NA COMHARTHAÍOCHTA: BRÚ CAFÉ, CAISLEÁN AN BHARRAIGH
Cuireann Pearce agus an fhoireann fáilte chroíúil romhat i Café Brú atá lonnaithe ar an bPríomhshráid i gCaisleán an Bharraigh. Is i mí Lúnasa a d’oscail an gnó. Tá ainm Gaeilge ar an gcaifé agus dá réir tá comharthaí Gaeilge le feiceáil i ngach áit. Ón nóiméad a fheiceann tú an comhartha taobh amuigh, seasann an dath glas sa chúlra agus an t-ainm Gaeilge atá i ndath bán amach. Ansin, tá na comharthaí le feiceáil ar fud an chaifé agus tá ‘Fáilte go Brú’ ar an gclog atá sa chaifé. Tá caife dá gcuid féin acu chomh maith le rogha iontach ceapairí agus taosráin bhaile. Is ainm an-chliste é seo mar gheall ar an bhfocal Béarla ‘brew’. Tá Gaeilge ag an úinéir Pearce freisin agus labhraíonn sé í aon seans a fhaigheann sé. Tuilleadh eolais: https://www.instagram.com/brucastlebar/
BUAITEOIR – ÁBHAIR GHNÓ/SUÍOMH GRÉASÁIN: MESCAN BREWERY, COILL SALACH CATHAIR NA MART
Is iad Mescan Brewery a bhain amach an duais seo. Bhain siad amach duais an ollbhuaiteora (féach thuas) chomh maith. Tá an bheoir cheirde seo, atá déanta ag baint úsáid as seanmhodhanna na Beilge, ag úsáid na Gaeilge ar na beoracha, ar t-léinte, ar mhálaí agus ar gheansaithe cochallacha. Is maith leo an Ghaeilge a úsáid ar tháirgí aon deis a fhaigheann siad. Tuilleadh eolais: https://www.mescanbrewery.com/
BUAITEOIR – SEIRBHÍS AS GAEILGE: GLASRAÍ, CLÁR CHLAINNE MHUIRIS
Tá an fheirm orgánach seo lonnaithe i Maolla, Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo. Tá Gaeilge ag duine de na húinéirí Aoife Reilly chomh maith le cuid den fhoireann. Tá an t-ainm seo foirfe don táirge seo agus tá sé in úsáid acu ar gach gné den ghnó. Tá an fheirm deimhnithe orgánach agus tá siad á n-úsáid ag gnólachtaí ar fud Mhaigh Eo ina measc Cafe Rua, Caisleán an Bharraigh agus Pax, Cathair na Mart. Bíonn siad ag an margadh i gCearnóg an Mhargaidh, Caisleán an Bharraigh ar an Aoine. Ar an Satharn, bíonn siad ag margadh san Octagan i gCathair na Mart. Baineann siad úsáid as an lógó ‘Déanta i Maigh Eo’, lógó a chruthaigh Gnó Mhaigh Eo le gnólachtaí beaga a fhorbairt. Tá siad paiseanta faoi bhia a fhás do dhaoine áitiúla agus is breá leo an Ghaeilge a úsáid. Tuilleadh eolais: https://www.glasrai.ie/
Comhghairdeas leis na buaiteoirí ar fad agus molaimid iad as an tsárobair atá déanta acu. Lean Gnó Mhaigh Eo ar na meáin shóisialta chun an tsárobair sin a fheiceáil: Facebook: @gnomhaigheo | Instagram: @gnomhaigheo agus X (Twitter): @ Gno_MhaighEo
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Gnólachtaí ag baint tairbhe as an nGaeilge sa ghnó agus duaiseanna de bhreis agus €45,000 bronnta ag Gradaim Ghnó Mhaigh Eo'