Cinneadh stairiúil. Rialaigh an Chúirt Uachtarach in Londain ar an gCéadaoin go raibh teagasc Críostaí sna scoileanna i dTuaisceart Éireann ag teacht salach ar dhlíthe cearta daonna. Athdhearbhú ab ea rialú na dTiarnaí breithimh ar bhreithiúnas a rinne an Ard-Chúirt i mBéal Feirste trí bliana ó shin.
D’aontaigh gach éinne gur chor suntasach é a raibh ciallachais thromchúiseacha ag baint leis. Cothaíodh liodáin de cheisteanna. Ba iad an TUV agus an DUP ba mhó a nocht a míshástacht leis an gcinneadh. Mhaígh roinnt nach gceadófaí dráma Nollag ná carúil i scoileanna feasta ach ní fíor sin. Dúirt na Tiarnaí go soileir nárbh ordú chun dí-eaglaiseachas a chur i bhfeidhm a bhí ann.
Tá soiléiriú ag teastáil ó go leor, múinteoirí go háirithe. Dúirt an Roinn Oideachais go scrúdódh siad an breithiúnas go grinn agus go gcuirfí comhairle ar fáil amach anseo. Beidh freagra faoina chur chuige á éileamh ón Aire Paul Givan gan mhoill. An athróidh an rialú teagasc reiligiúin abhus ó bhonn? Beidh leasuithe riachtanach go cinnte. Go bunúsach ‘sé an curaclam a chaithfear a athrú, ní éilíonn an rialú athrú ar aon dlí.
Bhain an cás le teaghlach amháin agus le dalta scoile aonair, cailín beag. Tar éis tamaill ar scoil thosnaigh sí ag rá altú roimh bhia sa bhaile. Í ag rá freisin gurb é Dia a chruthaigh an domhan. Ar an mbunscoil a d’fhoghlaim sí an teagasc Críostaí sin. Baineadh siar as a tuismitheoirí mar nár mhian leo go múinfí di conas a bheith ina Críostaí: theastaigh uathu go bhfoghlaimeodh sí go hoibiachtúil faoi reiligiúin. Daonnachtaithe ab ea iad.
Scoil stáit a bhí i gceist. D’fhreastail an cailín ar an scoil bheag ó 2017 go 2021, ón uair a bhí sí ceithre bliana d’aois go dtí go raibh sí seacht mbliana. Bhí sí sona ar an scoil agus a muintir sásta cé is moite dá mbuairt faoi theagasc na Críostaíochta mar fhírinne absalóideach. Theip ar a tuismitheoirí agus bainistíocht na scoile a theacht ar chomhshocrú. Bhí an scoil tiomanta don churaclam ‘bunaithe ar an mBíobla’ agus do phaidreacha poiblí,’adhradh coiteann’ mar a bhí sa churaclam agus atá fós. Níor thángthas ar réiteach sásúil chun malairt seirbhís scoile a chur ar fáil don dalta dá dtógfaí amach as ranganna creidimh í.
Fuair athair an chailín cead athbhreithniú breithimh a thógáil in aghaidh na Roinne Oideachais. Ba é a chás go raibh an teagasc reiligiúin agus an t-adhradh coiteann neamhdhlíthiúil. D’ordaigh an chúirt nach n-ainmneofaí an t-athair ná an páiste. Glaodh G airsean agus JR87 ar an gcailín.
Thug an Chúirt Uachtarach lántacaíocht do rialú na hArd-Chúirte in 2022 gur shárú ar Airteagail 2 agus a 9 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ab ea teagasc creidimh agus adhradh coiteann mar a leagadh síos sa churaclam iad, toisc nár cuireadh i láthair iad go hoibiachtúil, criticiúil, agus iolraíoch.
Bhí glactha leis an rialú sin ag an gCúirt Achomhairc i mBéal Feirste freisin ach bhí an t-eiteachas tugtha don dara cuid de bhreithiúnas 2022; ba é sin nár leor an ceart reachtúil chun JR87 a tharraingt amach as rang creidimh nó ó phaidreacha poiblí chun a chinntiú nach sárófaí a cearta daonna. Chinn an Chúirt Achomhairc gur leor an ceart sin chun a chinntiú nach raibh síolteagasc neamhdhlíthiúil ar siúl. Rinne G agus JR87 achomharc i gcoinne an chinnidh sin agus rialaigh an Chúirt Uachtarach ina bhfabhar. Glacadh leis go gcuirfeadh an aistarraingt ón rang creidimh ualach róthrom ar na tuismitheoirí agus go mbeadh stiogma ag baint leis don chailín chomh maith le baol bulaíochta; sárú cearta.
Níor dhúirt na Tiarnaí breithimh ná éinne eile nár cheart teagasc Críostaí a sholáthar i scoileanna. Dúirt Easpag Dhoire, an Dr Dónall Mac Eoin a bhfuil dlúthbhaint aige le hoideachas Caitliceach, go mbeadh deis anois athbhreithniú a dhéanamh ar cad a mhúinfear agus conas a dhéanfar é. Bhí sé thar am curaclam nua a sholáthar dar leis. Tá go leor eile ag déanamh a gcríonnachta.
Beidh suim thar na bearta i gcur chuige an Aire Paul Givan. An mbeidh fonn air curaclam nua a ullmhú a bhéas ag cloí leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine? Dúirt a chomhghleacaí Carla Lockhart, an Feisire Parlaiminte don Bhanna Uachtarach, go raibh an t-ádh ar Thuaisceart Éireann gur thuig an tAire Givan tábhacht na bprionsabal Críostaí agus go raibh sé tiomanta iad a chaomhnú agus a chosaint. Ó tá dúil mhór ag an DUP i gcathanna cultúir an aimsir seo, an nglacfaidh sé cúrsa cúng nó iolraíoch? Ní fear é a sheachnaíonn conspóid. Tréimhse spéisiúil i ndán dúinn.
Fág freagra ar 'Glactha leis sa chúirt ó thuaidh go mbíonn teagasc creidimh ag sárú cearta daonna'