‘B’fhéidir go dtagann siad ar ais ag iarraidh cúnaimh’

Samhlaím fós an Cóiste Bodhar ag teannadh anoir inár dtreo as Cnoc Mordáin…

‘B’fhéidir go dtagann siad ar ais ag iarraidh cúnaimh’

Is beag nach gcliseadh an anáil, agus an glór, ar Tom Thomáis Mháirtín. Scanraithe a bhíodh sé – scanraithe de bharr a chuid scéalta féin. Bhíodh gach a raibh timpeall na tine scanraithe aige freisin. Taibhsí agus ‘daoine maithe’ na Samhna a bhíodh i gceist aige. Bhainfeadh scéal amháin barr amach ar an gceann a chuaigh roimhe. Leagadh mo mháthair an taepot uaithi. “Go bhféacha Dia orainn uilig, a Tom,” agus chuireadh sí comhartha na croise uirthi féin

Shílfeá go dtugadh an abairt chainte sin beagán faoisimh dó. “Ó ar ndóigh, b’fhéidir go dtagann siad ar ais ag iarraidh cúnaimh,” a deireadh sé.

Is é a bhí i gceist dháiríre go raibh daoine áirithe i bpurgadóir, nó in áit éigin idir an dá shaol, agus gan na flaithis sroichte acu. Is cosúil, de réir mar a chonaic Tom an saol seo, agus an chéad saol eile, go mbíodh cuid de na daoine a bhí sáinnithe ag iarraidh paidreacha nó Aifrinn a thabharfadh ar Dhia an bealach a réiteach dóibh. Ba scanrúil an tsamhail í; nach beag an t-iontas é go bhfuil muide a d’fhás aníos faoin tuath ag éisteacht leis na scéalta seo, leathscaipthe muid féin!

Dá mbeadh a leithéid ar bun anois, is é mo cheapadh go mbeadh glaoite ar Tusla.

Tháinig an t-am sa saol nuair a chuir mé eolas maith ar an gceantar tuaithe lár tíre in Éirinn. B’fheilméaraí i gcontae Laoise iad muintir mo mhná céile, Susan. Chaith mé oícheanta agus aimsir ina gcuideachta. Níor chuala mé trácht ariamh ar thaibhsí ná ar ‘dhaoine maithe’ ar an mbaile sin. B’údar iontais dóibh na scéalta as Conamara, agus leithéid Tom Thomáis Mháirtín. Bhídís lagaithe ag gáire faoi chuid den tuairisc aniar.

Ach ní údar gáire a bhí ann againne.

Bhí saol diamhrach deoranta timpeall orainne. B’fhéidir go raibh baint aige leis an bpágánacht, nó b’fhéidir gur chuir an cineál taobh tíre ar éirigh muid aníos ann leis an gcomhrá sí. Tír ar nós amhrán Sigerson Clifford, san áit a raibh an sliabh ag sleamhnú síos go farraige. Tír dhorcha nó tír dhraíochtúil, nó an dá rud in éineacht.

An lá cheana agus an clog curtha siar uair an chloig agus fad bliana ar an oíche, chuimhnigh mé ar shaol na Samhna – ar Tom Thomáis Mháirtín, agus tuilleadh acu. Ar bhealaí go leor, ba chineál fear teiripe é Tom. Fiú is má scanraigh sé muid, chuir sé cineál ‘seó’ ar fáil, i ngan fhios dó féin, ar leic an teallaigh. Rinne sé an beart céanna don dream fásta. Níor airigh daoine an oíche ag imeacht.

Samhlaím fós an Cóiste Bodhar ag teannadh anoir inár dtreo as Cnoc Mordáin – ansin is cosúil a bhíodh sé páirceáilte – agus é ag seoladh tríd an spéir agus teachtaireacht amháin aige – bás agus duibheagán.

Meas tú arbh é ba chiontach liom oíche gheimhridh a chaitheamh agus gan aon chodladh á dhéanamh agam?

D’airigh mé, mar a bheidís thoir san iothlainn, daoine ag caint lena chéile as éadan, comhrá tréan. Agus bhíodar ag teacht i dtreo an tí, agus thángadar thar an gclaí ag an mbinn thoir agus na glórtha ag ardú,  agus ansin siar an tsráid thar fhuinneoigín an tseomra agus choinníodar orthu go tréanchosach nó gur ísligh na glórtha. Céard a bhí ann nó cén fáth a rabhadar ag dul an bealach? An rabhadar ann dháiríre no an raibh comhrá Tom Thomáis Mháirtín gaibhte in aimhréidh i m’intinn? Cá bhfios. Ba sheafóideach an duine a thabharfadh freagra cinnte ar ábhar mar sin, go háirithe dá mbeadh ‘céim mháistreachta’ faighte aige i gcomhluadar teallaigh Tom Thomáis Mháirtín.

B’fhéidir go bhfuil an ceart ag na síceolaithe a deir go bhfágann cainteanna agus comhluadar lorg éicint ar d’intinn. Ar an taobh eile den scéal, deir na síceolaithe freisin go bhfuil leas iontach ag baint leis an gcomhluadar, agus leis an gcomhrá agus leis an gcraic.

Bíodh sé maith nó olc, cuimhním i mí thaibhsiúil seo na Samhna, ar an díorma diamhrach a bhí ligthe amach ag caint agus iad ag dul thar an bhfhuinneoigín, agus a d’imigh uaim le fána go bruach na mara. Céard a bhí uathu?

Bhí freagra ag Tom Tomáis Mháirtín: ‘B’fhéidir go dtagann siad ar ais ag iarraidh cúnaimh”.

Fág freagra ar '‘B’fhéidir go dtagann siad ar ais ag iarraidh cúnaimh’'

  • Pádraig

    Is ag spaisteoireacht a bhí mé féin agus mo chomrádaí le faobhar oíche ar ár n-ábhar féin, i ngleanntán iargúlta uaigneach, nuair a chonaiceamar í.
    Ag seoladh léi a bhí sí, ag longadán adéarfá, le ciumhais na coille, amach sa bhFómhar.
    Óigbhean ag imeacht áit éigint faoi dheifir, í gléasta faoi mar bheadh sí ag dul faoi dhéin bainise.
    Folt fada fionnliath uirthi agus gúna bán lása go sála léi.
    Níor mhair ‘an aisling’ ach nóiméad nó dhó, í slogtha ar ais ag an gcoill aríst i bhfaitheadh na súl…ann…as.
    Ciméar? Spéireataí? Asarlaíocht? Níorbh ea ná é.
    Chonaicíomar beirt ina steillebheathaidh í lenár súile cinn féin, ansiúd ar thaobh na láimhe clé le hais na coille.
    Cuma leathchráite, neamhaistreach, leathchaillte, leathstraoilleach uirthi…ón bhfuadar a bhí fúithi.
    Cérbh í nó cad a thug abhus anseo í? Cén fáth ar ‘speáin sí í féin dúinne ag an tráth sin?
    Cad a bhí uaithi nó cén corrbhuaic a bhí uirthi?
    Cén fáth ar tugadh éachtaint dúinn ar neach ón saol eile an tráthnóna diamhair sin agus an lá ag dul ó sholas go tapaidh??
    Gáirí fonóideach a dhein ár muintir féin leis ach a n-eachtraíomar dóibh ina dhiaidh sin é.
    Eadrainn beirt a labhraimíd anois air ó am go ham, mise is mo chomrádaí, ag iarraidh meabhair éigin a bhaint as. Bímid beirt ag breith chugainn féin níos mó anois, deinim amach.
    Bímid ag iarraidh a bheith deas le daoine níos mó anois, deinim amach.
    An CEART a dhéanamh, GAN cor a thabhairt in aghaidh an chaim srl.
    “An bhfuil an saol eile ann, mar adeir na naoimh?” a d’fhiafraigh Seán Ó Ríordáin, file.
    Mise fé dhuit go bhfuil.