Breith amárach sna botháin vótála agus sa chúirt agus súil le cinneadh i gcás Conradh na Gaeilge v Stormont

Tá dúshlán cúirte tugtha den chéad uair ag Conradh na Gaeilge in aghaidh an stáit san Ard-Chúirt, agus neosfar toradh a gcáis fad is atá na vótaí á gcomhaireamh i dtoghchán ina raibh an teanga lárnach

Breith amárach sna botháin vótála agus sa chúirt agus súil le cinneadh i gcás Conradh na Gaeilge v Stormont

Ní hiad na polaiteoirí amháin a bheidh ar  tinneall maidin amárach agus iad ag fanacht ar thorthaí, óir tá breithiúnas le tabhairt chomh maith san Ard-Chúirt i mBéal Feirste i gcás Chonradh na Gaeilge in aghaidh fheidhmeannas Stormont.

Tá súil leis an mbreith sa chás maidin amárach, Dé hAoine.

Maíonn an eagraíocht teanga nach bhfuil a dhualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag an bhFeidhmeannas. Cuireadh cás an Chonartha i láthair san Ard-Chúirt an mhí seo caite agus ba í sin an chéad uair go raibh an eagraíocht teanga, a bheidh ag comóradh 125 bliain a bunaithe an bhliain seo chugainn, os comhair na cúirte i gcás mar é.

Ba é Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge a shocraigh dul chun cúirte agus dúshlán an Fheidhmeannais a thabhairt.

Dar leis an gConradh gur sárú ar dhualgais reachtúla an Fheidhmeannais go bhfuil ceisteanna a bhaineann leis an teanga fós gan fuascailt in ainneoin iad a bheith luaite i gcáipéisí éagsúla— Comhaontú Chill Rímhinn 2006 agus Clár Rialtais an Fheidhmeannais 2011-2015 ina measc.

Sheol an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín an Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ar an 30 Eanáir 2015.

Ar an 10 Márta 2016, dhiúltaigh an Feidhmeannas don Straitéis agus don Acht Gaeilge atá molta don Tuaisceart.

Cuirfear spéis nach beag i dtoradh an cháis cúirte i bhfianaise a lárnaí is atá an Ghaeilge i gcúrsaí polaitíochta ó thuaidh i láthair na huaire agus mar gheall gur ar an Aoine beag seo freisin, a rachaidh an pobal chun vótála sa toghchán a tháinig chun cinn gan choinne nuair a d’éirigh Martin McGuinness as leaschéad-aireacht an Tionóil.

Tá ceist na Gaeilge i lár an aonaigh ó thuaidh ó d’fhógair an t-iar-aire Pobal Paul Givan nach mbeadh na sparánachtaí Gaeltachta ‘Líofa’ ar fáil in 2017. Luaigh an t-iarLeas-Chéad Aire Martin McGuinness chomh maith “biogóideacht” an DUP i leith na Gaeilge ina litir éirí as an mhí seo caite agus tá agóidí agus feachtais teanga ar bun ó thuaidh ó shin.

Bhí an teanga ina cnámh spairne san fheachtas toghchánaíochta. Dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster, nach dtacódh a páirtí go deo le hAcht Gaeilge ó thuaidh agus gur geall le crogaill iad Sinn Féin agus iad ag iarraidh gan stad. Mhaolaigh sí a cuid cainte de bheagán ina dhiaidh sin agus dúirt sí go raibh an DUP i gcoinne an Achta mar gheall ar an gcostas a bhainfeadh lena leithéid agus nach raibh aon naimhdeas aici don Ghaeilge.

Tá costas an Achta á phlé go mion ó thús an fheachtais freisin agus figiúirí éagsúla luaite ag polaiteoirí aontachacha agus poblachtacha araon. Maíonn an DUP gur £100 milliún sa bhliain a chosnódh a leithéid d’Acht, ach deir Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge gur lú ná £5 milliún sa bhliain a bheadh i gceist.

Fág freagra ar 'Breith amárach sna botháin vótála agus sa chúirt agus súil le cinneadh i gcás Conradh na Gaeilge v Stormont'