Boris Johnson – ‘an fear grinn’ ina cheap magaidh

Tá réimeas Boris Johnseon chomh mífheidhmiúil sin nach bhfuil tada cinnte ach an gol agus an gáire

Boris Johnson – ‘an fear grinn’ ina cheap magaidh

“Chreid mé go hiomlán gur ócáid oibre a bhí ann.”

Ócáid ag a raibh buidéil fíona, jin, fuisce nó fiú cannaí á n-iompar ag na hoibrithe de réir an chuiridh a fuair siad?

Ní hiontas go raibh an freasúra ag rachtaíl gháire faoi iarrachtaí suaracha an Phríomh-Aire Boris Johnson freagracht as rud ar bith a shéanadh. Bhí Boris Johnson bródúil ariamh as a bheith in ann gáire a bhaint as daoine, más ar Have I Got News For You é nó lena chuid óráidí costasacha iardhinnéir. Scéal eile ar fad é ‘an fear grinn’ a bheith ina cheap magaidh, agus ní ag an bhfreasúra amháin é. Bhain lucht cáinte Johnson spraoi as an sceitse Parlaiminte dar teideal ‘Ceci n’est pas une party’ – tagairt do shaothar an ealaíontóra osréalaigh Magritte agus a phíopa nach píopa é. Cuir san áireamh gur in The Critic, iris de chuid na heite deise, a bhí an sceitse agus is cúis imní don bPríomh-Aire é.

Ní raibh a chairde, a iarfhostóirí sa Telegraph, ag magadh. Todhchaí Boris Johnson idir dhá cheann na meá de bharr a easpa breithiúnais, a dúradh in eagarfhocal an pháipéir. Tá cosantóir eile de chuid Johnson, an Daily Mail, ag fanacht le fiosrú Sue Gray, nó leis na toghcháin áitiúla sa Bhealtaine, b’fhéidir. Ghlac an páipéar sin leis go raibh fíorbhrón ar an bPríomh-Aire ach d’admhaigh go raibh amhras ar mhórán faoina mhíniú gur chreid sé gur ócáid oibre an teacht le chéile sa ghairdín.

Gach seans go bhfuil Johnson sách mórchúiseach chun neamhshuim a dhéanamh de dhrochmheas Pháirtí an Lucht Oibre, Náisiúnaithe na hAlban, Plaid Cymru, na Liobrálaigh Dhaonlathacha, an SDLP agus Alliance. Is minic cheana a thug sé le fios nár bhain gnáthrialacha iompair leis-sean.

Ach tá a fhios aige go bhfuil a chinniúint, a mharthanacht mar Phríomh-Aire, faoi shlat a pháirtí. Bhí glaonna gutháin ina rabharta á bhfáil ag feisirí na gCaomhach ó dhaoine a d’fhulaing go géar le linn na paindéime. Bhí na teachtaireachtaí soiléir. ‘Fuair mo mháthair bás uaigneach, anróiteach nuair a bhí sinne ag cloí le srianta na paindéime,  ach cóisir ‘beir leat do bhuidéal féin a bhí sa ghairdín ag uimhir a 10 Sráid Downing’.’ Nó ‘ní raibh an teaghlach s’againne ar fad in ann freastal ar shochraid m’athar/mo dhearthár/m’iníne mar chomhlíon sinne na rialacha.’

Beidh go leor de na feisirí sa bhaile ina dtoghcheantair an deireadh seachtaine seo. Ba cheart go mbeadh imní ar Johnson faoin méid a bheidh le rá acu – leis féin nó le coiste 1922 na dTóraithe – nuair a fhillfidh siad. Mhaithfeadh éinne é do Theresa May an-chuid faisnéise a bheith á bailiú aici ina toghcheantar, Maidenhead. Chomh maith le meon na vótóirí beifear ag faire ar bhreithiúnas lucht an airgid: tá cuid de na daoine a líonann sparán na dTóraithe ag léiriú imní.

Má tá Theresa May ag fiafraí an bhfilleann an feall ar an bhfeallaire, ní hamhlaidh don DUP is cosúil. D’éiligh an SDLP, Alliance agus an UUP go n-éireodh Johnson as oifig ach dúirt an DUP go bhfanfadh siad ar thoradh an fhiosraithe atá idir lámha ag Sue Gray. Mhaígh roinnt go raibh an DUP fós ag súil le tacaíocht ó Boris Johnson maidir leis an bPrótacal d’ainneoin an chaoi ar lig sé síos iad cheana.

Bhí sé soiléir gur beag tionchar a bheadh ag ‘na réigiúin dhíláraithe’ ar chinniúint Boris Johnson, bíodh a phríomhaireacht fadmharthanach nó bíodh deireadh tobann leis. Más cliathánach féin é beidh éifeacht ar an scéal ag bean a chaith dhá thréimhse abhus. Ní fada ó bhí Sue Gray ina ceann roinne sa Roinn Airgeadais in Stormont. Chaith sí cúpla bliain ansin ach chuaigh sí ar ais go Whitehall anuraidh nuair a theip uirthi an post mar Cheann na Státseirbhíse abhus a fháil – níor aontaigh an DUP agus Sinn Féin í a cheapadh. Roimhe sin chaith sí tamall i bhfeighil tí tábhairne i ndeisceart an Dúin lena fear céile ar ceoltóir ceol tíre é.

Deirtear go bhfuil sí ionraic, díreach agus neamhspleách. Tá fad curtha leis an liosta d’imeachtaí (cóisirí?) atá á bhfiosrú aici ach é ráite gur mian léi bailchríoch a chur ar an obair gan mhoill. Cá bhfios nach mbeidh líomhain nua éigin sceite roimhe sin? Tá réimeas Boris Johnseon chomh mífheidhmiúil sin nach bhfuil tada cinnte ach an gol agus an gáire.

Fág freagra ar 'Boris Johnson – ‘an fear grinn’ ina cheap magaidh'

  • Eoin Ó Murchú

    Ach cé tá ann mar chomharba air? Mura bhfuil duine fiúntach ar fáil – agus ní cosuil go bhfuil – seans go dtiocfaidh sé slán fiú as an bpraiseach seo.