Bonn níos fearr faoin dara gála de shraith iniúchta cúrsaí reatha TG4

Sa tóir ar an eite dheis in Éirinn a bhí an dara clár sa tsraith nua  ‘Iniúchadh TG4’

Bonn níos fearr faoin dara gála de shraith iniúchta cúrsaí reatha TG4

Bhí cad é bús, fothragadh, conspóid agus tarraingt tríd ann i dtosach mhí Feabhra nuair a tháinig an chéad ghála de chlár iniúchta cúrsaí reatha TG4 os ár gcomhair. Faoi mar is eol do mhórán bhí an clár dírithe ar thubaiste an Chraoslaigh agus bhí muintir na marbh trína chéile go raibh a leithéid do chlár le craoladh cúpla mí tar éis na tubaiste.

Dar liom go raibh cuma neamhghnách ar an gclár do shaothar san iomaire sin agus mheasas gur cinneadh místuama a bhí ann é a chraoladh is gan aon údar deabhaidh ann. Ba mhór an trua an chonspóid sin do na teaghlaigh. B’ábhar díomá é ó thaobh na teilifíse óir go bhfuil na Gaeil ag feitheamh ar chosa laga ar feadh na mblianta le clár iniúchta cúrsaí reatha.

Bhí sé go hiontach mar sin go raibh bonn níos láidre faoi chlár na seachtaine seo a craoladh ar an gCéadaoin. Chonaiceamar Kevin Magee ag taisteal ón Muileann gCearr, go hArdoifig an Phoist agus Lios Tuathail is é sa tóir ar lucht na heite deise ag feachtastaíocht i gcoinne na hinimirce.

Ceann de phríomhthréithe an chláir ná an chrógacht a léirigh Magee is an ghuaim a choimeád sé air féin agus lucht na heite deise ag iarraidh imeaglú a dhéanamh air is é a spréachadh. Pé argóintí atá ag an dream seo dheineadar seó bóthair díobh féin leis an rámhaillí a bhí orthu.

Duine díobh isa ea Philip Dwyer, fear a thugann tuairisceoir saoránaigh air féin, agus a théann ar fud na tíre “ag clúdach” agóidí frith-inimirce.  Dhein Magee is a mheitheal spior spear de rámhaillí Dwyer agus úsáid chliste bainte as bogearra aitheanta aghaidhe. Chaitheas gáire dóite a dhéanamh nuair a chuala Magee ag cur ceist ar Dwyer an raibh Gaeilge aige (ní raibh, dála an scéil).  Feachtasóir eile díobh is ea Karl Cohalan agus d’imigh sé siúd amach ón gcairt ar fad lena chuid rámhaillí. Deacair a shamhlú conas gur féidir leo dul i bhfeidhm ar dhaoine, ach ar an drochuair, téann.

De bharr chogadh na hÚcráine tá breis agus 74,000 teifeach tar éis teacht go hÉirinn agus nuair a chuirtear an 13,651 iarrthóirí tearmainn ó thíortha eile san áireamh tháinig breis agus 88,000 duine isteach anuraidh. Figiúr substaintiúil agus ní nach ionadh tá ábhair bhuartha ag daoine faoi bhrú ar sheirbhísí, tithíocht srl. Tagann lucht na heite deise i dtír ar na hábhair bhuartha seo trí eolas bréagach a scaipeadh ar líne. Cuimhneoidh mórán ar an bhfís den scuaine busanna i mBaile Cliath agus é á mhaíomh gur inimircigh fir a bhí ann. Is amhlaidh gur thug na busanna páistí scoile chuig comórtas lúthchleasaíochta. Béim á chur an t-am ar fad ar iarrthóirí tearmainn a bheith “unvetted” agus a bheith in aois mhíleata.

Dhein an clár cíoradh stuama ar cheisteanna éagsúla agus labhraíodh le saineolaithe éagsúla. Níor teitheadh ó ábhair chigilteacha agus trácht á dhéanamh ar an gcéatadán ard d’iarrthóirí tearmainn a dhéanann a bpasanna is cáipéisí eile a scrios sula leaindeálann siad in Éirinn.

Bhí ionchur tomhaiste ó leithéidí an Dr. Bríd Ní Ghráinne, Andy Caomhánach, Harry McGee, Deaglán de Bréadún. Do labhair na rannpháirtithe ar fad, seachas duine amháin, as Gaeilge. Saothar sollúnta, stuama.

Fág freagra ar 'Bonn níos fearr faoin dara gála de shraith iniúchta cúrsaí reatha TG4'