Bonn buaite arís ag Kellie Harrington sna Cluichí Oilimpeacha

Bhuaigh Harrington, a fuair bonn óir i dTóiceo trí bliana ó shin, ar Angie Paola Valdes Pana na Colóime i rannóg 60kg na mban tráthnóna

Bonn buaite arís ag Kellie Harrington sna Cluichí Oilimpeacha

Tá Kellie Harrington chun bonn cré-umha ar a laghad a thabhairt léi ó na cluichí Oilimpeacha i bPáras agus na babhtaí leathcheannais i rannóg 60kg bainte amach ag an mbean as Baile Átha Cliath.

Fuair Harrington, a bhuaigh bonn óir i dTóiceo trí bliana ó shin, an ceann is fearr ar Angie Paola Valdes Pana ón gColóim sna babhtaí ceathrú ceannais tráthnóna. Bhí an tÉireannach go mór in uachtar sa troid agus cinneadh d’aon ghuth tugtha ag na moltóirí di.

Is í Harrington an chéad bhean ón tír seo a bhuaigh boinn ag dhá Chluichí Oilimpeacha. D’fhéadfadh sí bonn airgid a chinntiú má bhuann sí sna babhtaí leathcheannais Dé Sathairn.

Sa tseoltóireacht, tá Robert Dickson agus Seán Waddilove tite go dtí an ceathrú háit ar an iomlán tar éis dóibh críochnú sa 11ú áit agus sa 13ú áit i rásaí tráthnóna. Beidh rás amháin eile acu inniu agus ansin rachaidh na deich mbád is fearr ar aghaidh chuig rás na mbonn.

Níos luaithe sa chró dornálaíochta, chaill Jude Gallagher amach i mBabhta an 16 sa rannóg 57kg tar éis do Carlo Paalam as na hOileáin Fhilipíneacha an ceann is fearr a fháil air. Bhuaigh Paalam bonn airgid ag na cluichí Oilimpeacha trí bliana ó shin i dTóiceo.

Beidh bean Ros Comáin, Aoife O’Rourke, ag troid i mBabhta an 16 sa rannóg 75kg níos déanaí anocht agus í ag troid i gcoinne Elzbieta Wojick na Polainne.

Sa rámhaíocht, bhí díomá i ndán do bheirt bhan Chonamara agus teipthe ar Aifric Keogh as na Forbacha agus Fiona Murtagh as Maigh Cuilinn na babhtaí ceannais A a bhaint amach sna báid bheirte.

Sa séú háit a chríochnaigh an bheirt, a bhuaigh boinn chré-umha trí bliana ó shin i dTóiceo, agus fágann toradh an lae inniu gur ag rásaíocht sa bhabhta ceannais B a bheidh Keogh agus Murtagh Dé hAoine.

D’éirigh níos fearr le Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy sa gcomórtas bád beirte éadrom na bhfear. Thug an bheirt, a thug bonn óir leo ó Thóiceo, taispeántas cumasach ina mbabhta leathcheannais ar maidin agus chríochnaíodar sa chéad áit agus deis eile anois acu bonn a bhuachan Dé hAoine sa bhabhta ceannais.

Níos luaithe ar maidin, bhain Ross Corrigan agus Nathan Timoney ó Fhear Manach áit amach i mbabhta ceannais sa bhád beirte trom-mheáchan, an chéad uair do bheirt fhear ón tír seo an gaisce sin a dhéanamh. Sa tríú háit a tháinig Corrigan agus Timoney ina mbabhtaí leathcheannais.

Tá Mags Cremen agus Aoife Casey cáilithe don rás ceannais i gcomórtas bád beirte éadrom na mban freisin, rud a chiallaíonn go mbeidh ceithre bhád ag Éirinn san iomaíocht sna babhtaí ceannais den chéad uair riamh. Tháinig an bheirt ó Chorcaigh sa tríú háit ina rás inniu nuair a chríochnaíodar chun tosaigh ar an bhFrainc chun áit sa bhabhta ceannais a bhaint amach.

Sa bhadmantan, d’fhág Nhat Nguyen agus Rachael Darragh slán lena gcomórtais inniu. Chaill Nguyen i gcoinne Viktor Axelsen na Danmhairge, a bhuaigh an bonn óir i gcomórtas na bhfear trí bliana ó shin. Chlis ar Darragh i gcoinne Carolina Marin ón Spáinn, a bhuaigh bonn óir na mban in 2016, sa dara babhta aici i nGrúpa L.

Sa linn snámha, bhí Mona McSharry san iomaíocht arís dhá lá tar éis di bonn cré-umha a thabhairt léi sa bhabhta ceannais i snámh brollaigh 100 méadar na mban Dé Luain.

Rás sa snámh brollaigh 200 méadar a bhí ag bean Shligigh ar maidin agus í críochnaithe sa tríú háit ina babhta cáilithe. Sa seachtú háit ar fad a chríochnaigh McSharry agus áit bainte amach aici sna babhtaí leathcheannais anocht.

Fág freagra ar 'Bonn buaite arís ag Kellie Harrington sna Cluichí Oilimpeacha'