Bó mo chéad éacht! Tá ‘The Cow Book’ ar cheann de na leabhair is spéisiúla dár foilsíodh faoi shaol na hÉireann le tamall

Leabhar é 'The Cow Book: A Story of Life on a Family Farm' (Granta) faoin mbó ó fheirmeoir a léiríonn go bhfuil stair an phobail agus stair na hÉireann le fáil san uile ghort ar a fheirm bheag i Longfort

Bó mo chéad éacht! Tá ‘The Cow Book’ ar cheann de na leabhair is spéisiúla dár foilsíodh faoi shaol na hÉireann le tamall

Tá dearmad déanta againn den bhó. Is beag ár gcuimhne ar a luachmhaire agus a bhí an bhó mar chomhartha saibhris, mar luach éirice ag na sean-Ghaeil. Is beag aird a thugann muid ar an bhó agus muid ag taisteal na tíre. Ní bhaineann sí lenár gcultúr náisiúnta níos mó agus ní bheadh duine ar bith sásta eallach a fháil in áit euro dá dtuarastal.

Níl dearmad déanta ag John Connell ar an bhó. Scríbhneoir óg agus feirmeoir atá ann a bhfuil The Cow Book: A Story of Life on a Family Farm (Granta) scríofa aige agus tá sé ar cheann de na leabhair is spéisiúla dár foilsíodh faoi shaol na hÉireann le tamall.

Leabhar simplí atá ann agus leabhar luachmhar. Scríobhann Connell faoina shaol féin agus faoin phobal tuaithe lena mbaineann sé. Is de bhunadh an Longfoirt é agus tá feirm bheag ag a mhuintir sa chontae. Iriseoir a bhí ann lá den tsaol, fear a chaith tréimhsí san Astráil agus i gCeanada. Ní bheifeá ag déanamh éagóra air dá ndéarfá gur bhain sé leis an ghlúin sin a bhí ag iarraidh cúl a gcinn a thabhairt le hÉirinn, leis an tseantír – béim ar ‘shean’ – agus an saol nua-aoiseach iltíreach a roghnú dóibh féin.

Ní raibh rath ná bláth ar a chuid pleananna agus b’éigean dó aghaidh a thabhairt ar a cheantar dúchais le tús a chur le saol nua – saol an scríbhneora nach bhfoilsítear, saol an fheirmeora bhig. Ní hiontas ar bith é gur aimsigh sé ábhar scéalaíochta agus machnaimh ina dhúiche féin. Tá a shliocht agus sliocht a shleachta sa cheantar leis na céadta bliain. Is ann a tháinig siad ar an tsaol, is ann a oileadh iad, is ann a rinne siad iarracht slí bheatha a bhaint amach agus iad ag coraíocht leis an chuibhreann lom agus is ann a adhlacadh mórán acu. Tá stair an phobail agus stair na hÉireann le fáil san uile ghort ach cluas le héisteacht a chur ort féin.

Insíonn sé scéalta faoi Éirí Amach ’98 agus Chogadh na Saoirse. Maireann taibhsí na tréimhse sin go fóill – an t-anmharú a rinne arm na Breataine ar an phobal áitiúil le linn ’98 agus an marú a rinne an IRA le go mbeadh saoirse sa chuid bheag sin den Longfort. Ní sheachnaíonn ná ní shéanann Connell an doirteadh fola a rinneadh in ainm na saoirse sa chéad seo caite.

Bheadh cathú ort cín lae Gaeltachta a thabhairt ar an leabhar ach amháin go raibh an lámh in uachtar ag an Bhéarla sa cheantar le fada. Bíodh sin mar atá, maireann iarsmaí na teanga agus tá scéal Connell breac le focail bheaga Ghaeilge a thugann an seanchultúr chun solais anois agus arís.

Is de phobal tuaithe é Connell agus is de phobal Aifrinn é fosta. Scríobhann sé go macánta faoi dhul ar Aifreann, faoi thaom nua spioradáltachta a aimsiú agus é sa bhaile, faoina chairdeas le sagart na paróiste agus an meas atá aige air mar thréadaí. Aithníonn Connell an tréith níos fearr anois agus tréad faoina chúram féin. (Mionlocht amháin atá anseo, ámh, gur ‘mass’ seachas ‘Mass’ an litriú atá aige.)

Thairis sin, tá an bhó sa chúlra ar fad – an t-eallach agus an cúram laethúil leanúnach atá le tabhairt dóibh. Insíonn sé scéal na bó ar bhonn stairiúil agus é ag trácht ar mhiotaseolaíocht na Gréige agus na hÉireann. Amharcann sé ar a chuid tailte agus samhlaíonn sé sluaite Mhéabha agus iad ar a mbealach ó thuaidh le cath a chur ar Chú Chulainn agus laochra Uladh.

Lena chois sin, insíonn sé scéal na bó mar a bhaineann sé leis féin – tá airgead le fáil as an bhó ach í a thabhairt chun aonaigh. Mar sin féin, tá obair mhór le déanamh leis an méid sin féin a bhaint amach. (Tá caoirigh ar an fheirm fosta agus tá an oiread céanna oibre i gceist leo – nó níos mó – le cúpla euro a mhealladh astu sin.)

Cuireann Connell síos go macánta ar an obair mhaslach atá ann agus tú ag plé le hainmhithe an t-am uilig. Ní dócha go dtuigeann go leor daoine cad é an cúram atá i gceist lena leithéid, an obair atá i gceist leis na hainmhithe a choinneáil glan agus slán, an bhagairt a baineann le galar, an dua a bhaineann lena gcothú gach aon lá, an páipéarachas atá ann le go mbeidh an Roinn sásta go bhfuil gach aon rud in ord agus in eagar. Ní ann d’fhaoiseamh ná do shaoire i ndáiríre.

Rómáns na feirme? Is beag é.

Tugann Connell léargas luachmhar ar strus na hoibre, ar an dóigh a meileann an cúram laethúil an dóchas as an chroí is misniúla féin. Is minic a éiríonn idir é agus a athair. Tá a mháthair buartha nach fiú an tairbhe an trioblóid agus cuireann an lionn dubh as do Connell féin, é ag iarraidh leabhar a scríobh, aitheantas a bhaint amach mar údar agus a bheatha a dhéanamh mar fheirmeoir páirtaimseartha ag an am céanna.

Leabhar croíúil cráite atá ann mar The Cow Book; radharc grámhar lom ar anam pobail agus tíre. Cá bhfios cad é mar a bheas cás Connell agus a mhuintir sna blianta romhainn agus an imirce agus an eisimirce ag trá agus ag líonadh leo?

Fág freagra ar 'Bó mo chéad éacht! Tá ‘The Cow Book’ ar cheann de na leabhair is spéisiúla dár foilsíodh faoi shaol na hÉireann le tamall'