Bliain tar éis di bogadh isteach in ionad cúraim, tá leannán nua ag mo mháthair

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: gan choinne, tá máthair ár gcolúnaí, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, i gcaidreamh le háitritheoir nua san ionad cúraim ina bhfuil sí ina cónaí

Bliain tar éis di bogadh isteach in ionad cúraim, tá leannán nua ag mo mháthair

Cothrom is bliain ó shin a thug mé féin agus mo dheartháir óg ár máthair chuig ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu. Níor shamhlaigh muid an uair sin go socródh sí isteach chomh maith sin ina baile nua gur fearr léi comhluadar na n-áitritheoirí eile ná comhluadar a gaolta agus a cairde féin nuair a thagann siad sin ar cuairt, ach is lú fós a shamhlaigh muid go bhfaigheadh muid scéal, mar a fuair an tseachtain seo, go bhfuil ár máthair i gcaidreamh le háitritheoir eile.

Bhuel, b’fhéidir gur focal mór é ‘caidreamh’ go fóill. Chonacthas ár máthair agus cónaitheoir eile, fear nach bhfuil ach tar éis bogadh isteach san ionad ach le fíorghairid, ag pógadh a chéile faoi dhó.

Ba léir, a dúirt foireann an ionaid linn, go raibh sult á bhaint ag an mbeirt as an bpógadh agus nach raibh aon bhrú i gceist ó cheachtar taobh. Dúirt an fhoireann linn freisin gurbh fhearr leo ligean leo mura mbíonn i gceist ach pógadh, agus nuair a tharlaíonn sé sin i spásanna coitianta an ionaid, ach gur chuir siad stop le cúrsaí nuair a rinne ár máthair agus an fear iarrachtaí dul isteach i seomraí príobháideacha a chéile.

‘Nach iontach go bhfuil na mothúcháin sin fós ag feidhmiú inti,’ a dúirt mo dheartháir óg nuair a phléigh an bheirt againn an scéal le chéile ar an bhfón.

Bhí pointe maith aige. De bharr an mheatha atá tagtha ar chumas teanga ár máthar, is ar éigean atá sí in ann comhrá a choinneáil na laethanta seo. Ach santaíonn sí comhluadar, agus is cinnte gur cumarsáid a bhíonn sa teagmháil fhisiciúil, cumarsáid a chuireann duine ar a shuaimhneas, leis.

Agus, gan dabht, ionad cónaithe atá san áit ina bhfuil cónaí ar ár máthair seachas príosún. Tá na cearta céanna ag na háitritheoirí ann agus atá ag daoine nach bhfuil ina gcónaí in ionad cúraim, agus murarbh í mo mháthair féin a bheadh i gceist, bheinn ar an gcéad duine a bheadh ag iarraidh na cearta sin a chosaint.

Ach is í mo mháthair féin atá i gceist, agus tugaim faoi deara nach bhfuilim go hiomlán ar mo shuaimhneas faoin scéal. Táim idir dhá – nó b’fhéidir seacht míle – tuairim.

Ar an gcéad dul síos, admhaím láithreach go bhfuil ruainnín den éad i gceist: an t-éad sin a bhíonn ar pháiste nuair a chasann tuismitheoir a bhí ina (h)aonar ar feadh na mblianta le páirtnéir nua go tobann.

Ar an dara dul síos, mothaím an míshuaimhneas sin i mo bholg a mhothaíonn gach páiste, dar liom, nuair a bhíonn air teagmháil fhisiciúil idir a thuismitheoirí, nó idir tuismitheoir agus duine eile, a shamhlú.

Ar an tríú dul síos, tá an fear atá i gceist chomh nua sin san ionad nár casadh orm féin nó ar mo dheartháir óg fós é; níl tuairim againn cén saghas duine atá ann.

Ar an gceathrú dul síos, theip ar chaidreamh grá faoi dhó cheana féin i saol mo mháthar agus an dá uair sin bhí sí go mór trí chéile. Agus dá dteipfeadh ar an gcaidreamh nua seo?

Agus mar sin de.

B’fhéidir gur chóir dom a bheith níos réchúisí faoi chúrsaí, mar atá mo dheartháir óg. Nó b’fhéidir gurb é an rud atá ag cur as dom dáiríre ná go bhfuil saol grá mo mháthar, atá 78 mbliana d’aois agus a bhfuil cónaí uirthi in ionad cúraim, go bhfuil a saol grá sise níos spéisiúla ná mar atá mo shaol grá féin faoi láthair.

Fág freagra ar 'Bliain tar éis di bogadh isteach in ionad cúraim, tá leannán nua ag mo mháthair'

  • Alan Titley

    scéal íogair, scéal álainn, scéal corraitheach…

  • jpmorley0@gmail.com

    Ní tusa amháin atá/a bheidh i bhformad leo. Grma.