Ba iad na Cluichí Oilimpeacha i bPáras buaicphointe na bliana i gcúrsaí spóirt ach bhí údar ceiliúrtha sa mbaile ag muintir an Chláir, Ard Mhacha, Chiarraí, Chorcaí agus tuilleadh
Pointe dochreidte ag Éanna Burke ag deireadh chluiche ceannais iomána na gclubanna a chinntigh gurbh ag Naomh Tomás na Gaillimhe a bhí an bua ar sheaimpíní Chill Chainnigh, Gaeil Uí Lochlainn, mí Eanáir
Fir an Ghleanna as Doire a bhuaigh an cluiche ceannais peile an lá céanna, iad ag teacht ar ais ón gcailliúint i gcluiche ceannais 2023 chun Naomh Bríd Ros Comáin a shárú
Bhuaigh Éire Craobh na Sé Náisiún don dara bhliain as a chéile i rith an earraigh, rinne James Lowe agus Jamison GIbson-Park ceiliúradh ar an bpáirc i ndiaidh an chluiche i gcoinne na hAlban lena mbeirt mhac Nico agus Jai
Bhí údar díomá don bheirt agus do Chúige Laighean arís i gCorn na gCuradh áfach agus iad sáraithe ag Toulouse sa gcluiche ceannais
An tÍoslannach Heimir Hallgrímsson a ceapadh mar bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann mí Iúil tar éis próiseas fada earcaíochta
Theip ar iarracht Luimnigh a gcúig chraobh as a chéile a bhuachan agus iad sáraithe ag Corcaigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann
Níor éirigh le Corcaigh sa gcluiche ceannais áfach mar bhuail an Clár iad le haon phointe amháin, cé go raibh conspóid ann nár bronnadh poc saor ar Robbie O’Flynn ag fíordheireadh na himeartha tar éis do Conor Leen a gheansaí a tharraingt
Na Cláirínigh a bhí ag ceiliúradh ar deireadh agus Tony Kelly agus John Conlon ar bheirt ón bhfoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2013 fós ag imirt
Sa bpeil, bhuaigh Ard Mhacha a gcéad chraobh ó 2002 agus an ceann is fearr faighte acu ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann
Ba é an dara cluiche ceannais a chaill Gaillimh le trí bliana anuas agus iad ag fanacht ó 2001 chun Corn Mhig Uidhir a bhuachan
Níl aon dabht ach gurb iad na Cluichí Oilimpeacha i bPáras ócáid mhór spóirt na bliana agus níos mó bonn ná riamh buaite ag foireann na hÉireann, a ndara bonn óir ag na rámhaithe Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy ina measc
Bhuaigh Daniel Wiffen dhá bhonn sa linn snámha, bonn óir sa rás saorstíle 800m agus bonn cré-umha sa rás saorstíle 1500m
Mona McSharry a bhuaigh an chéad bhonn d’Éirinn agus í tagtha sa tríú háit sa snámh brollaigh 100m
Thug Daire Lynch agus Philiip Doyle bonn cré-umha eile leo sa mbád beirte sa rámhaíocht
Sa ngleacaíocht, tháinig Rhys McClenaghan ar ais ón mbriseadh croí a bhain dó i dTóiceo chun an bonn óir a bhuachan ar an gcapall corr
Chinntigh Kellie Harrington go bhfuil sí ar dhuine de na hOilimpigh is fearr riamh agus bonn óir eile buaite aici sa gcró dornálaíochta chun cur leis an gceann a bhuaigh sí trí bliana roimhe sin
Bhí Rhasidat Adeleke ar an gcéad Éireannach mná riamh a ghlac páirt sa rás ceannais i gcomórtas ráibe sna Cluichí Oilimpeacha ach fágadh gan bonn í sa gceathrú háit
Bhí oiread na fríde idir Adeleke agus bonn eile cúpla lá ina dhiaidh sin agus mná na hÉireann tagtha sa gceathrú háit sa rás sealaíochta 4x400m
Ar ais sa mbaile, tháinig mná Chiarraí ar ais ó chluichí ceannais 2022 agus 2023 a chailliúint chun Craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair le breis is 30 bliain
D’fhág bua Chiarraí go bhfuair laoch na Gaeltachta agus na Ríochta, Louise Ní Mhuircheartaigh, greim ar bhonn uile-Éireann tar éis di blianta fada a chaitheamh ag treabhadh léi le foireann Chiarraí
Bhuaigh Corcaigh ar Ghaillimh i gcluiche ceannais camógaíochta na hÉireann, rud a d’fhág gur chaill Gaillimh trí cinn de chluichí ceannais na hÉireann trí Dhomhnach as a chéile, i bpeil na bhfear, i bpeil na mban agus sa gcamógaíocht
Ba í sin an dara craobh as a chéile a bhuaigh mná Chorcaí agus an 30ú ceann ar fad atá tugtha leo acu, níos mó ná aon dream eile
Bliain eile curtha de ag Rory McIlroy gan ceann de mhórchomórtais an ghailf a bhuachan. Sa dara háit a chríochnaigh sé sa US Open mí an Mheithimh agus ní raibh aon fhaoiseamh aige sa mbaile agus é tagtha sa dara háit ag an Irish Open i Royal County Down
Chuir Shelbourne deireadh le ceannas Shamrock Rovers i bPríomhroinn na hÉireann agus an tsraith buaite acu mí na Samhna
Gaisce atá déanta ag iarimreoir na hÉireann Damien Duff ó thóg sé ceannas ar an bhfoireann ag deireadh 2021 agus iad sa dara roinn
Bhí buaiteoir gan choinne i gCorn an FAI chomh maith agus Drogheda United ag fáil an ceann is fearr ar Derry City
D’éirigh le Katie Taylor greim a choinneáil ar a craobhacha domhanda tar éis di cath fíochmhar eile in aghaidh Amanda Serrano a bhuachan i Dallas
Bhí ábhar díomá ag foireann sacair ban na hÉireann ag tús mhí na Nollag agus teipthe orthu áit a bhaint amach ag craobhacha na hEorpa na bliana seo chugainn agus an ceann is fearr faighte ag an mBreatain Bheag orthu i mbabhta cáilithe.
Cé nár éirigh le foirne idirchontae na Gaillimhe craobh uile-Éireann a thabhairt leo in 2024, bhí rath ar clubanna an chontae agus a gceathrú craobh as a chéile buaite ag Cill Chóirín-Cluain Bheirn
Sa gcamógaíocht, bhuaigh na Sáirséalaigh a gceathrú craobh ó 2020 nuair a bhuaigh siad ar Chluain Lára i bPáirc an Chrócaigh
Sa bpeil, bhuaigh Ard Mhacha a gcéad chraobh ó 2002 agus an ceann is fearr faighte acu ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann
Sa bpeil, bhuaigh Ard Mhacha a gcéad chraobh ó 2002 agus an ceann is fearr faighte acu ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann
Fág freagra ar 'Bliain órga ag réalta na hÉireann – scoth na bpictiúr ó shárbhliain spóirt'