‘Bláthú agus buanú na Gaeilge’ le plé ag Scoil Gheimhridh Merriman i mBóthar na Trá

Cúrsaí teanga, oidhreachta, éiceolaíochta agus fiontraíochta a bheidh faoi chaibidil ag Scoil Gheimhridh Merriman sa Ghaillimh an deireadh seachtaine seo

‘Bláthú agus buanú na Gaeilge’ le plé ag Scoil Gheimhridh Merriman i mBóthar na Trá

Ba mhór le rá é an file Brian Merriman agus an lear seanchais a bhain leis agus ní taise sin don chumann a cheiliúrann an file.

An deireadh seachtaine seo in Óstán Chuan na Gaillimhe i mBóthar na Trá i gcathair na Gaillimhe a róstfar an gabhar ag Scoil Gheimhridh Merriman.

Mar is dual don chumann seo bíonn an léann, an spraoi agus an dúchas taobh le taobh ag imeachtaí na scoile. B’in an aidhm a bhí ag lucht a bhunaithe i 1967 – suim a chothú i ngach gné de chultúr na hÉireann: an Ghaeilge, an stair, an litríocht, an traidisiún, an rince agus an ceol. Is amhlaidh a bheidh i mbliana mar is léir ón gclár breá imeachtaí éagsúla agus an comhluadar ar ais i dteannta a chéile arís tar éis na paindéime.

‘Bláthú agus Buanú na Gaeilge: Oidhreacht, Éiceolaíocht agus Fiontraíocht’ an teideal atá ar scoil na bliana seo agus díríonn cainteanna is imeachtaí ar an téama uileghabhálach sin.

San oíche Dé hAoine beidh an fhiontraíocht á plé ag beirt bhan a bhfuil saineolas acu ar an earnáil sin, Emer Ní Bhrádaigh agus Anna Ní Ghallachair agus seanchara de chuid Merriman, Máire Ní Neachtain ag cur na gceisteanna.

Maidin Dé Sathairn beidh siompóisiam spéisiúil ar siúl faoin teideal ‘Ó Bhriathar go Beart: Cur chun cinn na hOidhreachta, na hÉiceolaíochta agus na Fiontraíochta’ agus triúr atá i mbun a saothair sa nGaeltacht ag caint: an t-ealaíontóir an Dr Ríonach Ní Néill; an ceoltóir agus criticeoir Toner Quinn; agus úinéir agus bainisteoir POTA Café Diarmuid Ó Mathúna.

Más maith leat an braon crua beidh turas treoraithe go dtí Drioglann Mhicil tar éis lóin mar a bhfaighidh tú neart eolais faoin stiléireacht ón nglúin óg a thug leo óna sinsir é.

Ca bhfios nach mbeadh fliuchadh do bhéil de shú na heornan le fáil agat.

San oíche beidh seisiún spéisiúil faoin bhfarraige ‘Ag Treabhadh na dTonn: Eolaíocht agus Éiceolaíocht na Mara’ agus beirt eolaithe mara, Emma Verling agus Macdara Ó Cuaig ag comhrá le Mairéad Ní Nuadháin.

Maidin Dé Domhnaigh beidh cur i láthair spéisiúil ann ón Dr Críostóir Mac Cárthaigh – ‘Dúchas agus Oiliúint: Léargas Físiúil ar Ghnéithe den Chultúr Ábhartha’.

Níl ansin ach blaiseadh beag bídeach den chlár oifigiúil mar is maith is eol do lucht leanta Merriman gur cuid mhór den tsaíocht agus den léann an chraic agus an comhrá sóisialta nach ndéantar cathaoirleacht ná taifeadadh orthu.

Seolfar dhá leabhar le linn an deireadh seachtaine, Ó Chleamairí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi Chaibidil, in eagar ag Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Róisín Ní Ghairbhí agus Pádraig Ó Liatháin, agus Culture, Contention and Identity in Seventeenth-Century Ireland: Antonius Bruodinus’ Anatomical Examination of Thomas Carve’s Apologetic Handbook in eagar ag Giacomo Fedeli, Luke McInerney agus Brian Ó Dálaigh

Beidh dhá thaispeántas bhreátha le feiceáil ag an scoil, Saíocht agus Saoránacht: Tomás Ó Máille agus Flóra Chois Fharraige.

Tá clár na scoile anseo.

Den chéad uair riamh, is féidir clárú don Scoil Gheimhridh roimh ré.

Fág freagra ar '‘Bláthú agus buanú na Gaeilge’ le plé ag Scoil Gheimhridh Merriman i mBóthar na Trá'