Duibheagán an éadóchais

Iarracht fhónta atá sa scannán is déanaí le Kevin Macdonald, a n-éiríonn leis teannas a chothú óna thús amach.

Black Sea

Black Sea

Stiúrthóir: Kevin Macdonald

Cliar: Jude Law, Bobby Schofield, Jodie Whittaker, Ben Mendelsohn, Scoot McNairy, Tobias Menzies, Grigoriy Dobrygin, Michael Smiley.

I gcanóin scannánaíochta na bhfomhuireán, tá míreanna agus seatanna faoi leith atá nach mór riachtanach: an peireascóp á raideadh suas síos ar dalladh, lánáin dhoimhneachta ag teacht anuas ina rabharta, toirpéid á scaoileadh agus ag pointe éigin an fomhuiréan ag dul go grinneall agus an chontúirt ann go mbascfaidh an brú uisce ár laochra.

Bhí na comharthaí sóirt sin sa táirge iontach sin Das Boot (1981) agus is é an scannán Gearmánach sin an tslat tomhais do gach scannán sa seánra seo ó shin, le leithéidí The Hunt for Red October (1990), Crimson Tide (1995) agus U-571 (2000), dá fheabhas iad, faoina scáth. Lena cheart a thabhairt don scannán seo, déanfaidh sé iarracht an srathar sin a chur de agus guailleáil isteach i gcúinne faoi leith.

Is captaen fomhuireáin agus saineolaí tarrthálais é Robinson (Law) a scaoiltear chun siúil óna phost sa chéad radharc.

Déantar truamhéala a shaoil a chur abhaile orainn go tapaidh; tá cliste ar a phósadh, ní chíonn sé a mhac, tá sé ag maireachtaint i gcró muice agus ag diúgadh pint i scioból de theach tábhairne lena chomrádaithe, a bhfuil srathar na hainnise orthu féin chomh maith.

Ar ámhraí an tsaoil, tá seift ag duine acu lena gcótaí bána a dhéanamh. Insíonn sé dóibh faoi Ú-Bhád Gearmánach a chuaigh go tóin poill sa Mhuir Dhubh i rith an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an fomhuiréan ar a shlí ar ais ón Rúis le hór a bhí tughta ar iasacht ag Stalin do Hitler.

Cad eile a dhéanfaidís, mar sin, ach meitheal mearaí a bhailiú timpeall orthu agus tabhairt faoi Sevastopol na Crimé, áit a bhfaigheann said fomhuireán meirgeach le hiad a thabhairt a fhad leis an Ú-Bhád suncáilte.

Black Sea 2Cá mbeadh scannán fomhuireáin gan an chlástrafóibe agus tá sin anseo go rábach. Sa táirge seo tá an paranóia á thionlacan leis na Rúisigh agus Sasanaigh/Éireannaigh/Albanaigh ag faire ar a chéile agus ag dul i bpíobáin a chéile. Bíonn Law ag gnúsachtach leis agus é ag iarraidh smacht a choimeád ar chúrsaí.

Ní nach ionadh, téann rudaí ina gcoinne agus chun ainnise. Fan na slí déantar fogheábh ar thráchtaireacht shóisialta agus Robinson ag cur de faoi na boic mhór ag satailt ar ainniseoirí cosúil le meitheal an fhomhuireáin.

Éiríonn le Macdonald, an té a bhí ar an stiúir do The Last King of Scotland (2006), State of Play (2009), Touching the Void (2003) agus One Day in September (1999) – saothar a ghnóthaigh duais Oscar dó – atmaisféar teannasach a chothú ón tús agus déanann sé é sin a ghéarú de réir a chéile agus beidh tú ar tinneall ar fad sa radharc ar ghrinneall na farraige.

Tugann Law taispeántas cumasach uaidh ach níor léir dom cén fáth gur Albanach é.

Tá an teacht i láthair fisiciúil cuí aige agus éiríonn leis teannas inmheánach an charachtair (mar a bhfuil a easpa caidrimh lena mhac ag luí air) a léiriú go caolchúiseach.

Bhí an chuid eile den chliar cuíosach gan a bheith maíteach agus ba dheacair cuid acu a aithint ó chéile ar uairibh. I ndeireadh na dála, áfach, is iarracht fhónta atá anseo bogadh amach ó shrathar chanóin an fhomhuireáin.