NOD DON EOLAÍ: Tá an bhithéagsúlacht faoi ionsaí ar fud na cruinne…

Tá 124,993 speiceas aitheanta i gcríocha Mheiriceá. Is é sin 33% de na plandaí uile sa domhan

NOD DON EOLAÍ: Tá an bhithéagsúlacht faoi ionsaí ar fud na cruinne…

Tá catalóg ina bhfuil gach planda atá aitheanta i Meiriceá Theas agus Meiriceá Thuaidh curtha le chéile agus taispeánann an liosta go bhfuil go leor speiceas nach bhfuil aimsithe go fóill againn.

Den chéad uair riamh foilsíodh liosta de na plandaí a bhfuil cur síos déanta orthu i gcríocha Mheiriceá san iris eolaíochta Science. Beidh an chatalóg seo ina hacmhainn luachmhar chun plean caomhnaithe a chur ar bun.

Tá an bhithéagsúlacht – líon na n-orgánach beo – faoi ionsaí ar fud na cruinne. Is muidne is cúis leis.

De réir mar a bhíonn líon na ndaoine ag méadú bíonn talmhaíocht ag leathadh agus cathracha ag borradh. Dá bharr sin bíonn feirmeacha agus foirgnimh sna háiteanna ina mbíodh plandaí agus ainmhithe dúchasacha go dtí seo.

Tá cuid de na héiceachórais is éagsúla ar domhan i mbaol de thoradh an athraithe seo. Tá speicis ag dul in éag agus gnáthóga á mbánú.

Má tá muid chun plandaí, agus líon na n-orgánach atá ag brath orthu, a chaomhnú do na glúnta atá le teacht, níor mhór go mbeadh a fhios againn cé mhéad speiceas atá ann anois.

Tháinig taighdeoirí le chéile ó ocht dtír – an Airgintín, an Cholóim, Eacuadór, an Bholaiv, an Bhrasaíl, an Fhrainc, Meicsiceo agus Stáit Aontaithe Mheiriceá – chun catalóg (liosta) de na plandaí soithíocha ar fad atá ar fáil i gcríocha Mheiriceá a thiomsú.

Is ‘planda soithíoch’ an téarma a úsáidtear fá choinne na ngnáthphlandaí a fhásann thart orainn. Súnn siad uisce isteach trí fhréamhacha agus i bpíobáin bheaga– córas soithíoch – téann an t-uisce go hachan ball den phlanda.

De réir na tuairisce sin tá 124,993 speiceas aitheanta i gcríocha Mheiriceá. Is é sin 33% de na plandaí uile sa domhan ar thángthas orthu go dtí seo.

De réir eolais atá ar fáil ar shuíomh idirlín Gharraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon, níl ach 893 speiceas de phlandaí dúchasacha in Éirinn. Sa mhullach air sin, meastar go bhfuil rud beag níos mó ná 20,000 speiceas plandaí san Eoraip. 

Cad ina thaobh a bhfuil an oiread sin speiceas i gcríocha Mheiriceá i gcomparáid leis an Eoraip? Níl freagra cruinn ar an cheist seo. Ach tá neart teoiricí ann.

Tá i bhfad níos mó bithéagsúlachta sna Trópaicí ná mar atá sa chrios measartha ná sa chrios polach. Tá Meiriceá Theas suite i dtrí chrios, sna Trópaicí, sa chrios measartha agus sa chrios polach ach sa chrios measartha amháin atá an Eoraip suite.

Cé go bhfuil an liosta úr áisiúil, tá bearnaí ann.

Chun fáil amach cé chomh cuimsitheach agus atá an liosta, rinne na taighdeoirí anailís ar an ráta a mbíodh eolaithe ag teacht ar speicis úra i gcríocha Mheiriceá ó bhí 1753 ann. Dá mbeadh an liosta cuimsitheach nó chóir a bheith cuimsitheach, bheadh sé níos deacra a theacht ar speicis úra bliain i ndiaidh bliana. Dá bharr sin bheadh líon na speiceas nua-aimsithe ag dul in ísle de réir a chéile. 

Ní raibh aon athrú ar líon na speiceas ar thángthas orthu in aghaidh na bliana le níos mó ná dhá chéad bliain. Déantar cur síos ar thart ar 744 speiceas in aghaidh na bliana ar an meán agus níor athraigh sé sin ó bhí 1800 ann.

De réir na hanailíse seo, is léir nach bhfuil an liosta cuimsitheach go fóill. Tá neart speiceas nár thángthas orthu riamh, ach ní fios cá mhéad.

Leanfar leis an taighde agus cuirfear leis an liosta. Táthar ag súil go mbeidh liosta cuimsitheach ann uair éigin amach anseo. Ach ní fios cá huair a bheas an t-iomlán ar eolas againn. 

Tá an taighde seo práinneach mar tá brú ama ann. Tá na plandaí i mbaol sna háiteanna ina bhfuil an talmhaíocht ag scaipeadh. Tá seans ann go rachaidh cuid de na plandaí in éag sula mbeidh deis iad a chaomhnú do na glúine atá le teacht.

Os a choinne sin, tá liosta iomláin againn de na plandaí atá ag fás in Éirinn. Thig linn é sin a úsáid chun a chinntiú nach gcaillfear níos mó plandaí ar an oileán beag seo.

– Is Ollamh le Luibheolaíocht in Ollscoil Oxford é Liam Ó Dúbhláin

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Tá an bhithéagsúlacht faoi ionsaí ar fud na cruinne…'

  • léitheoir

    Cathain a thabharfar aghaidh ar fhadhb ollmhór na linne seo, eadhon: róphórú an chine daonna? Is é sin is cúis le cuid mhór den scrios atá á dhéanamh ar an éiceachóras. Féach, mar shampla, na Rohyngia, bíonn suas le 15 leanbh ag gach fear acusin, ar an mórchóir (beirt bhan de ghnáth) agus is dealbh dearóil ainnis iad. Tá réiteach an-simplí ar an amaidí seo, mar atá, vasectomy a dhéanamh ar na fir. Toilíonn siad chuige de ghnáth má mhínítear dóibh i gceart é! An-jab á dhèanamh sna hoileáin Fhilippíneacha faoi le tamall de bhlianta in ainneoin na heaglaise Caitlicí.