Bíonn stair na nglúnta sa ghúna pósta

Deichniúr ban - idir iníonacha agus gariníonacha a chaith an gúna a rinne Sheila i 1972

Bíonn stair na nglúnta sa ghúna pósta

Nuair a chuala mé duine de na mná ag rá go raibh súil aici seal a chaitheamh ag obair san Afraic sula bpósfadh sí, chuir mé bior ar mo chluasa. Bhí mé ag éisteacht leis an gclár raidió faisnéise ‘Doc on One’ ar RTÉ Raidió a hAon. Gúna bainise a bhí mar ábhar ag an gclár.

Shíl mé go gcaithfeadh an clár píosa den tráthnóna dom agus seal i seomra a bhí saor ó rugbaí. Ach de réir mar a chuaigh an clár ar aghaidh, chonaic mé cosúlachtaí áirithe idir an t-ábhar agus scéal bainise inár gclann féin.

Scéal aon ghúna pósta amháin atá sa gclár raidió. Scéal na mban uilig- deichniúr- a chaith an gúna (go dtí seo) atá ann freisin. Ach anuas air sin, cineál stair shóisialta ár linne atá ann. Cé mar a d’athraigh an saol, an chlann agus an creideamh le 50 bliain anuas.

Rinne an mháthair, Sheila, an gúna dá hiníon Maura sa bhliain 1972. Blús a bhí ann ar dtús, ach d’iarr a hiníon uirthi fad a chur leis agus gúna pósta a dhéanamh as. Gúna ‘crochet’ bán a bhí ann, déanta le snáth an-fhíneálta cadáis – cosúil le lása. De bharr go raibh an déanamh bunaithe ar chearnóga aonair, ní raibh sé an-deacair fad a chur leis an mblús agus ansin, bhí gúna aici.

Scéal inti féin is ea an mháthair Sheila. ‘Feimineach’ a thug na hiníonacha uirthi. Cé nach raibh mórán de shaol sóisialta aici go dtí amach sna seascaidí (phós sí feirmeoir i 1942), fuair sí roinnt neamhspleáchais ansin agus chuaigh sí isteach i mBantracht na Tuaithe (ICA). Agus seans gur ansin a d’fhoghlaim sí na scileanna fuála agus cróise.

Bhí iníon amháin a bhí ag iarraidh dul chuig an Afraic sula bpósfadh sí. Cuireadh an gúna i dtaisce di go bhfilleadh sí. B’in an chuid den scéal a chuir mo dheirfiúr féin i gcuimhne dom. Chuir mé an nasc don chlár faisnéise chuici.

Nach raibh sise ag iarraidh dul chuig an Afraic thart ar an am céanna agus í díreach geallta? a d’fhiafraigh mé di. Agus nach raibh sí ag fanacht ar víosa ar feadh bliana agus í ag réiteach don bhainis (nach raibh dáta socraithe di fós)?

D’éist sí leis an gclár ar phodchraoladh. Bhí an oiread sin cosúlachtaí ann idir scéal na mban agus an gúna cróise agus a scéal féin gur thosaigh sí ag cur téacsanna eolais chugam ar an bpointe.

Deichniúr ban – idir iníonacha agus gariníonacha a chaith an gúna a rinne Sheila i 1972. Bhí an bhainis is deireanaí acu in 2022.

Rinne mo dheirfiúr Sinéad a gúna pósta féin i 1972 freisin. Rinne sí a caille bhrídeoige féin agus chlúdaigh sí gach cnaipe ar an ngúna agus ar na gúnaí cailíní coimhdeachta le héadach agus cheangail an chaille le caipín cróise ‘Juliet’.

Ach ghéill sí corn an bhuaiteora don chlann a chaith an gúna cróise deich n-uaire.

Agus céard faoin víosa? Chuaigh an cailín sa chlár raidió go dtí an Nigéir agus d’oibrigh sí ann ar feadh dhá bhliain. Phós sí (sa ngúna cróise) nuair a d’fhill sí. Bhí a fear ag fanacht uirthi ag an aerfort.

Thart ar an am céanna chaith mo dheirfiúr suas a post lánaimseartha múinteoireachta agus chuir a hiarratas ar víosa go dtí an Nígéir sa phost. Tosaigh sí ag réiteach don bhainis a tharlódh nuair a d’fhillfeadh sí. Agus d’fhan. Agus d’fhan.

Lá amháin casadh col ceathrar le mo mháthair uirthi – bhí seisean ina Phroinsiasánach sa Nigéir. ‘Féach,’ a deir sé léi. ‘Tá cogadh briste amach in Biafra agus tá mé cinnte go bhfuil d’iarratas ar víosa i mbosca faoi go leor boscaí eile agus ní osclófar go brách é.’

Mí Meitheamh ina dhiaidh sin agus maidin na bainise tagtha faoi dheireadh, tháinig an víosa sa bpost. Ach ní go dtí an Nigéir a chuaigh sí ina dhiaidh sin ach go dtí Na Dúnaibh, i Ros Goill.

Cé go raibh mo dheirfiúr sásta an bua a ghéilleadh don ghúna a caitheadh deich n-uaire, d’aithin sí go raibh stair na nglúnta ag a gúna féin ó 1972 i leith.

Bliain i ndiaidh a bainise féin, bhain sí ó chéile chuile phíosa den ghúna pósta, greim ar ghreim go raibh píosaí deasa éadaigh arís aici. Shuigh sí síos ag an inneall fúála agus rinne sí gúna álainn baiste as.

Go dtí seo, baisteadh cúigear clainne s’aici féin agus 11 duine dhéag de gharchlann- an duine is óige beagnach trí bliana ó shin.

Agus deir sí go bhfuil sé coinnithe chomh maith sin go bhfuil caitheamh fós ann – don chéad ghlún eile b’fhéidir?

Bhí cúigear deirfiúr sa chlár raidió a chaith an gúna cróise. Bhí deirfiúracha i scéal mo dheirfíre freisin, – na cailíní cuimhdeachta – agus rinne sí gúnaí dóibh sin chomh maith lena gúna féin (agus an cáca bainise).

Cuireadh mise ar mhisean speisialta go Clery’s chun hataí a cheannach a bheadh cóiriúil leis na gúnaí. D’éirigh liom dhá hata breá gorm a fháil ar phunt (thart ar €1.27) an ceann.

B’fhéidir go ndearna mé beagán ceiliúrtha ar an mbealach chuig an traein. Bhí cead caitheamh an uair sin ar thraenacha. B’fhéidir gur chaith mé toitín…

Ar aon nós, nuair a leaindeáil mé abhaile, bhí poll deas néata i gceann de na hataí agus focal níor dhúirt mé faoi go dtí i bhfad ina dhiaidh.

Nuair a phós an chéad deirfiúr sa chlár raidió, i 1972, Éire an-difriúil a bhí ann. Bhí an mháthair sa mbaile agus saol feirmeoireachta aici a bhí lán le hobair chruaidh agus laethanta sa teach gan mórán caitheamh aimsire. De réir a chéile, casadh leads óga ar na hiníonacha – ag obair ar an bhfeirm, nó b’fhéidir ag cluichí CLG.

De réir mar a d’inis na rannpháirtithe sa chlár a scéalta féin, ba léir go raibh an tír agus nósanna sóisialta ag athrú ó bhonn. Faoin am ar phós na daoine ab óige, bhí cailín amháin cúig mhí torrach, bhí beirt pháiste ag duine eile. Dúirt cailín eile nár phós sí ar chor ar bith lá na bainise ach rinne siad leagan de ‘phósadh’ sa marquee mór a bhí hireáilte acu. Bhí a fear ag obair i San Francisco agus bheadh an iomarca brú ag baint le pósadh ceart a eagrú don lá, dúirt sí.

Ba léir go raibh an nós a bhain le pósadh san eaglais ag lagú – sa chlann, agus sa tír trí chéile.

Ag Lá an Chéad Chomaoineach le gairid, d’fhógair duine den gharchlann s’againne amach os ard, nach raibh sí istigh sa séipéal ón uair go raibh Céad Comaoineach aici féin.

‘Ssssss,’ a dúirt mo dheirfiúr ag cur fainic uirthi gan é sin a rá.

‘Ha ha, sin a dúirt Mamaí liom freisin!’

Fág freagra ar 'Bíonn stair na nglúnta sa ghúna pósta'