Bíonn coistí Oireachtais idir olc, maith agus dona – seo sampla den donas.

Ní fiú agus ní cóir a bheith ag súil go mbeadh cur chuige gach comhalta de gach coiste ar fheabhas ag gach cruinniú ach is fiú áfach aird a tharraingt ar chruinniú coiste gan mhaith ó thús go deireadh beagnach

Bíonn coistí Oireachtais idir olc, maith agus dona – seo sampla den donas.

Déanann coistí Oireachtais obair fhiúntach uaireanta. Ní léir aon toradh fiúntach ar a gcruinnithe uaireanta eile, is é sin má fhágtar as an áireamh cáineadh drochrudaí agus moladh dea-rudaí ar mhaithe le poiblíocht.

Tharraing ceistiú Ryan Tubridy agus finnéithe eile ó RTE aird an phobail ar shaothar na gcoistí – idir dhíograis agus chruacheistiú, stuaim agus drochbhéasa agus faraor corruair leadrán, galamaisíocht agus éidreoir.

Ní fiú agus ní cóir a bheith ag súil go mbeadh cur chuige gach comhalta de gach coiste ar fheabhas ag gach cruinniú. Is fiú áfach aird a tharraingt ar chruinniú coiste gan mhaith ó thús go deireadh beagnach.

Thuill an plé ag cruinniú an chomhchoiste talmhaíochta Dé Céadaoin seo caite ceist simplí: céard is fiú ábhar tábhachtach a phlé má bhíonn an plé claonta, éagórach agus (uaireanta) seafóideach?

Bhí ionadaithe ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus ó Chumann na bhFeirmeoirí (IFA) i láthair agus iad á gceistiú faoin tuairisc ar dhroch-chaighdeán uisce a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht an mhí seo caite.

Ní raibh ceannairí an IFA sásta leis an tuairisc ar chúiseanna éagsúla, mar a mhínigh siad ag an gcruinniú. Shílfeadh duine réasúnta go gcloisfí a dtuairimí i dtosach ionas go bhféadfaí fáthanna a míshuaimhnis a phlé le hionadaithe an fhorais. Ní mar sin ach a mhalairt a tharla.

D’fhreastail príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta Eimear Cotter agus saineolaithe eile ar chruinniú an choiste ar maidin. Níor tugadh deis dóibh mar sin freagra a thabhairt ar a ndúirt ionadaithe an IFA leis an gcoiste sa tráthnóna.

Ba threise áfach ná an éagóir a rinne an t-ord sin ar an nGníomhaireacht an chlaontacht agus an t-aineolas a léirigh baill an choiste agus an Dochtúir Cotter agus a comhghleacaithe á gceistiú acu.

Chuir na Teachtaí Michael Ring ó Fhine Gael agus Martin Browne ó Shinn Féin agus an Seanadóir Tim Lombard ó Fhine Gael ina leith go raibh róbhéim curtha acu ar thruailliú as a raibh feirmeoirí freagrach seachas truailliú ó fhoinsí eile – gearáin nach raibh bunaithe ar an bhfírinne mar is eol do dhuine ar bith a léann na tuairiscí a eisíonn an Ghníomhaireacht go rialta ar thruailliú daonna agus tionsclaíoch.

Dúirt an Seanadóir Neamhspleách Victor Boyhan nach raibh tuairisc na Gníomhaireachta bunaithe ar eolaíocht agus gur údar amhrais í ó thaobh ionracais de. Níor thairg sé fianaise ar bith mar thaca lena thuairim.

Chuir Martin Browne an cheist ba sheafóidí. An raibh sonraí ar fáil, a dúirt sé, a thaispeáin go raibh an leibhéal níotráití ró-ard i 40 faoin gcéad d’aibhneacha an stáit, mar a deirtear sa tuairisc. Tá ar ndóigh, mar a mhínigh Eimear Cotter dó agus tagairt á déanamh aici don leathanach sa tuairisc ar ar féidir na sonraí a léamh.

D’fhiafraigh an Teachta Neamhspleách Michael Fitzmaurice d’Eimear Cotter an raibh muinín aici as an eolaíocht seachas a tuairimí féin? Fearacht gach comhalta den choiste a chuir ceist uirthi, níor thairg sé fianaise a léirigh easpa cruinnis nó bearna sna sonraí.

Chuir an Seanadóir Paul Daly ó Fhianna Fáil ceist a bhí cosúil le ceist a chuirfí ar ionadaí ó eagraíocht lúthchleasaíochta: an raibh ‘B-shamplaí’ ar fáil mar thaca le torthaí an taighde a rinne an Ghníomhaireacht? Dúirt Eimear Cotter leis nach raibh. Arís níor thairg Daly fianaise ná cúis amhrais ar bith a thabharfadh le fios nár chóir brath ar an taighde.

Mar bharr ar an donas, bhain cathaoirleach an choiste, an Teachta Jackie Cahill ciall chontráilte as tuairisc na Gníomhaireachta. Dar leis gur léirigh an tuairisc nach raibh drochthionchar ag an méadú as cuimse ar an tréad náisiúnta (ó thart ar mhilliún ainmhí in 2012 go dtí milliún go leith faoi láthair) ar chaighdeán an uisce.

Dúirt Eimear Cotter leis nár bhain an taighde a léirigh ardú leanúnach ar leibhéal níotráití ó 2012 le screamhuisce nó uisce talún ach leis an uisce a tástáladh in aibhneacha agus i lochanna. Níor ghlac Cahill lena soiléiriú agus chuir sé stop le hiarracht eile a rinne sí é a chur ar an eolas.

Nuair a thosaigh seisiún an tráthnóna, dúirt Jackie Cahill arís go raibh sé ‘soiléir’ ón seisiún leis an nGníomhaireacht nár tháinig aon ísliú ar chaighdeáin uisce ainneoin méadú mór a beith tagtha ar líon na mba bainne sa tír.

Ní bhainfeadh duine neamhchlaonta ar bith an tuairim chéanna as gach a ndúirt Eimear Cotter leis an gCoiste (tá físeán den dá sheisiún de chruinniú an choiste ar fáil anseo).

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag Coimisiún an AE faoi láthair ar an maolú (nó ‘directive’) a cheadaíonn níos mó níotráití a úsáid ar fheirmeacha na hÉireann ná mar a cheadaítear i dtíortha eile. Is cúis réasúnta imní d’fheirmeoirí – agus do gach saoránach eile – an cinneadh a dhéanfar.

Bhí láncheart ag an gcoiste talmhaíochta ceisteanna a chur faoi leagan amach agus faoi éirim na tuairisce a d’eisigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.

Ní haon chabhair d’fheirmeoirí é, áfach, taighde a dhéanann foras stáit a cháineadh agus claondearcadh chomh follasach ina choinne á léiriú ag baill den choiste, mar a tharla Dé Céadaoin.

Fág freagra ar 'Bíonn coistí Oireachtais idir olc, maith agus dona – seo sampla den donas.'

  • Ruairí Ó Caisleáin

    Tuairisc suimiúil é seo a léiríonn cé acu easpa tuisceana, aineolais, nó claonadh i measc baill an chomh-choiste seo. Níl amhras ar bith faoin fhianaise bailithe ag an GCC. Ach tá na páirtí leasmhara, IFA agus a chomh-ghleacaí, ag cur an dubh ina bhán maidir leis na fíricí seo agus a leagan glactha ag na polaiteoirí ó FF, FG agus SF. Cé atá chun an fód a sheasamh sa phróiséas polaitiúil agus dul i ngleic leis an abhar seo?