‘Bíonn an iomarca imní ar mháithreacha, a Mhamaí!’

Chrom ár gcolúnaí ar an bpaidreoireacht nuair a chonaic sí roth cúil an scútair ag corraí leis an luas

‘Bíonn an iomarca imní ar mháithreacha, a Mhamaí!’

‘Ceapaim go mbíonn an iomarca imní ar mháithreacha,Mamaí,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga liom agus í ina seasamh thuas ar bharr rampa clárscátála, cos amháin aici ar an scútar agus é á tharraingt isteach is amach go guagach aici thar bhruach an rampa.

‘Beidh mé in ann an scútar a chur síos anseo gan aon bhother!’ a dúirt sí agus cinnteacht ina glór.

D’airigh mé teannas ag fáisceadh mo chroí i m’ucht.

‘Bhuel, níl a fhios a’m an é go bhfuil an iomarca imní orm,’ a dúirt mé agus na hailt ag brú in aghaidh chraiceann mo dhá lámh is mé i ngreim sa sconsa atá thart ar an bpáirc scátála. ‘Díreach an méid ceart imní atá orm, sílim.’

Bhreathnaigh sí amach uaithi agus an cúrsa rampaí amach roimpi á iniúchadh aici. ‘Beidh mé togha,’ a deir sí.

Tharraing sí an scútar isteach is amach go réidh ar choirnéal an ardáin. Chuir sí cos amháin síos ar an bhfána, sciorr a cos de bheagán ar dhromchla sleamhain an rampa, an tslí á tomhas aici arís is arís eile.

‘Ok!’ a d’fhógair sí sa deireadh agus an cinneadh déanta aici. Chuir cos amháin ar ais ar an scútar is d’imigh amach thar an mbruach agus síos an fána sula raibh deis agam aon fhainic eile a chur uirthi.

‘Sé do bheatha, a Mhuire,’ thosaigh mé ag guí os íseal. Chonaic mé roth cúil an scútair ag corraí leis an luas. ‘Tá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat…’

D’imigh an scútar tharam, ag imeacht ninety, na rothaí ag croitheadh agus ise ar a bharr agus greim an fhir bháite aici ar na cluasa atá air. Ní raibh aon dul as anois, bhí an cinneadh tógtha anois an rampa a dhéanamh, chaithfí glacadh leis an toradh a bheadh ar an gcinneadh sin, maith nó olc.

Bhí rampa eile os a comhair amach agus in ionad an scútar a stopadh, choinnigh sí uirthi, is chas srón an scútair (a bhí ag luascadh ó thaobh go taobh leis an luas faoin am seo) i dtreo an rampa chaoil.

Chlúdaigh mé mo shúile.

Chuala mé na rothaí ag baint cleatráil as an rampa agus é ar a bhealach suas, agus cleatráil eile anuas ar an taobh eile di. Níor chuala mé aon bhéic ná aon bheaing. D’oscail mé mo shúile arís. Bhí an cúrsa caol déanta aici agus bhí sí fós beo agus ar bharr an scútair.

‘Buíochas mór le Dia!’ a dúirt mé faoi m’anáil. ‘Maith thú!’ a deir mé léi.

‘Dúirt mé leat go raibh an iomarca imní ort, Mamaí,’ a dúirt sí.

‘Is ní raibh aon imní beo ortsa?’ a dúirt mé agus iontas orm faoin gcuma shocair shuaimhneach a bhí ar a héadan.

‘Ó bhí,’ a dúirt sí, ‘bhí mo chroí i mo bhéal!’

Fág freagra ar '‘Bíonn an iomarca imní ar mháithreacha, a Mhamaí!’'