Bíodh an fheamainn ag ‘fu*k’, tá ‘feck’ curtha le foclóir.ie

Tá na focail feck agus fecking, i measc na n-iontrálacha agus na n-aonad céille nua a cuireadh le foclóir.ie le déanaí

Bíodh an fheamainn ag ‘fu*k’, tá ‘feck’ curtha le foclóir.ie

Tá iontráil bhreá chuimsitheach ag an bhfocal fu*k sa bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge, ach tá bheith istigh tugtha anois chomh maith dá dheartháirín níos sibhialta, ‘feck’.

Tá na focail feck agus fecking, leaganacha atá neadaithe go láidir i mBéarla na hÉireann agus a mheastar a bheith níos cuibhiúla ná fu*k agus fu*king, i measc na n-iontrálacha agus na n-aonad céille nua a cuireadh le foclóir.ie le déanaí.

Ach oiread leis an eascaine níos míchuibhiúla dár tús ‘f’, tá iontráil deas fada anois ag ‘feck’ agus mórán aonad céille saothraithe aige.

Trí rogha a thugtar i gcás an cheannfhocail ‘feck’, péire neamhfhoirmeálta, ‘a dhiabhail’ agus ‘damnú’ agus ceann graosta, ‘feic’. Tá ‘feicin’ i measc na roghanna do ‘fecking’.

Is iad an chéad dá shampla a thugtar san iontráil do feck ná ‘feck, it won’t start/feic, ní thosóidh sé’ agus ‘Oh, feck!’ she said/Ó, a dhiabhail!’ a dúirt sí’.

‘Feiceáil leat’ nó ‘téigh i dtigh an diabhail’ a thugtar mar rogha don té a bheadh ag iarraidh ‘feck off’ a rá le duine i dteanga Phádraig agus Bhríd.

‘Cead acu feiceáil leo i dtigh an diabhail’ a thugtar mar rogha graosta ar ‘they can feck right off’, nó más leagan níos foirmeálta ná sin atá uait, tá ‘bíodh an diabhal dearg acuceadaithe chomh maith.

Ar na leaganacha eile, tá ‘feck it’ agus é aistrithe go breá nádúrtha mar ‘bíodh an fheamainn aige’ nó ‘bíodh an diabhal aige’.

Tá fréamhacha ag an bhfocal ‘feck’ san Albainis agus sa mheán-Bhéarla, ach is le Béarla na hÉireann is mó atá sé luaite anois, a bhuíochas go háirithe don chlár teilfíse Father Ted ina mbíodh sé go minic i mbarr a ngoib ag muintir Craggy Island.

Is sampla é ‘feck’ de mhionna beag, nó ‘minced oath’ nó ‘minced variant’ mar a thugtar sa Bhéarla ar leaganacha ar nós ‘feck’ a bhíonn ag iarraidh cuid den dochar a bhaint as mionna mór nó leaganacha a mheastar a bheith graosta nó maslach.

Deir lucht an fhoclóra go bhfuil na hiontrálacha nua a cuireadh le foclóir.ie bunaithe ar a raibh á chuardach ag úsáideoirí, ar scéalta nuachta a bhí i mbéal an phobail le tamall agus ar Bhéarla na hÉireann.

Rinne Foras na Gaeilge nuashonrú le déanaí ar shuíomh foclóir.ie agus cuireadh breis is 100 iontráil nua leis an mbunachar.

Fág freagra ar 'Bíodh an fheamainn ag ‘fu*k’, tá ‘feck’ curtha le foclóir.ie'

  • Tash

    Tá Tuairisc.ie sásta an focal “feck” a fhoilsiú ach ní an focal “fuck”. Cén fáth?
    Tá sé thar a bheith páistiúil sa chomhthéacs acadúil seo.
    An bhfuil éinne an gan a fhios acu cad atá i gceist leis an bhfocal “f*ck”?
    Sifeoid seafóid!