Bíodh an fheamainn ag an ‘mindfulness’! Aip neamhaireachais atá uainn

Níl a fhios ag ár gcolúnaí an gcabhródh an t-aireachas léi. Go deimhin, is amhlaidh go gceapann sí gur mó dochar ná leas a dhéanfadh sé di

Bíodh an fheamainn ag an ‘mindfulness’! Aip neamhaireachais atá uainn

An bhfuil a fhios agat céard atá an-mhaith dhuit ach an t-aireachas,’ a dúirt mo chara liom is muid ag caint ar chúrsaí an tsaoil.

‘Ba cheart duit triáil a bhaint as’.

Caithfidh mé a rá nach dtuigim baileach céard atá i gceist ag daoine nuair a labhraíonn siad ar ‘aireachas’ agus níl mé cinnte an bhfuil mé ag iarraidh a fháil amach ach an oiread.

Tá a fhios agam nach ionann é agus ‘aireacht’ agus fainic an ndéanfá an botún sin is go mbuailfeá amach ag feachtasaíocht aimsir thoghcháin ag cnagadh ar dhoirse ar thóir aireachta is tú ag ceapadh go bhfuil tú i mbun aireachais. Más tada é, déarfainn gurb é an chaoi go dtiocfadh d’aireacht salach ar do chuid seisiúin aireachais.

Bheifeá ró-ghnóthach, sin rud amháin, is ní bheadh deis cheart agat suí síos go ciúin i lár an tseomra go machnamhach. Agus, de réir mar a thuigim é, is gné lárnach den chleachtadh aireachais é an suí síos go ciúin i lár an tseomra go machnamhach.

Díríonn aireachas d’aird ar an bpointe boise agus maítear go gcabhraíonn sé leat déileáil le strus agus imní.

Níl a fhios agam an gcabhródh an t-aireachas liomsa. Le bheith iomlán ionraic faoi, ceapaim gur mhó dochar ná leas a dhéanfadh sé dom. An t-aon rud atá do mo choinneáil le chéile, sílim, ná an cumas a bheith brionglóideach agus neamhaird iomlán a thabhairt ar an am i láthair cuid mhaith den am.

Ní cheapaim gur mé an t-aon duine. Níl aon pháipéar piar-mheasúnaithe scríofa agam ar an ábhar ná tada, ach creidim gurb é an cumas atá ag duine neamhaird a thabhairt ar an am i láthair ceann de na buanna is láidre atá againn.

Ag scríobh dó ina leabhar Man’s Search for Meaning dúirt Viktor Frankl, fear a mhair campa géibhinn Auschwitz, gurbh é a chumas intinne éirí os cionn an mhéid a bhí ar bun thart air, a thug cúnamh dó gan a mhisneach a chailleadh agus é i ngéibheann.

Fear as Nua Eabhrac ó dhúchas, Jon Kabat-Zinn, a chuir an t-aireachas chun cinn mar uirlis leighis den chéad uair sna 1990í. Ollamh Emeritus Leighis atá ann agus bhunaigh sé an scoil Stress Reduction Clinic and the Center for Mindfulness in Medicine, Health Care, and Society in Ollscoil Massachusetts. Chuir sé an mhodheolaíocht aireachais le chéile bunaithe ar staidéar a bhí déanta aige faoi threoir mhúinteoirí Búdacha.

Meastar anois gur fiú billiún dollar earnáil an aireachais sna Stáit Aontaithe agus é á mholadh in Éirinn agus thar lear mar bhealach chun dul i ngleic leis an strus a bhaineann leis an saol comhaimseartha.

Déan cuardach ar ‘mindfulness’ ar an aipmhargadh agus feicfidh tú go bhfuil na céadta aipeanna aireachais ar díol ar iTunes. Cén chaoi ar bhain nós na manach ó shléibhte na Tibéide machnamh ciúin a dhéanamh aipmhargadh amach?

’Séard a theastódh uaimse dháiríre ná aip neamh-aireachais, nó cuma-liom-achais. Nuair a chuaigh mé ar thóir a leithéide, áfach, thug mé faoi deara go bhfuil bearna mhór mhillteach sa mhargadh. Caithfidh go bhfuil daoine eile ‘amuigh ansin’ ar nós mé féin agus suim acu i gcleachtadh an neamhaireachais. An bhféadfadh nach raibh aon ghúrú ar fáil a thabharfadh cúnamh dúinn?

Chuaigh mé i gcomhairle aip an magic-eight-ball agus chuir mé an cheist ar cheart dom tabhairt faoi aip don neamhaireachas a fhorbairt agus dúradh liom, ‘Tá sé cinnte…’

Nuair a bhí an méid sin léite agam bhí a fhios agam nach raibh an dara rogha agam agus go gcaithfinn bualadh faoi. Tosóidh mé ar an bhforbairt go luath. Tá mé ag an leibhéal réamhthaighde faoi láthair agus ag lorg maoinitheoirí ar FundIt agus ardáin mhaoinithe eile. Seo do sheans a bheith istigh ar an gcéad ghrúpa infheisteoirí.

Níl sé uilig oibrithe amach agam, ach ceapaim go mbeidh an-tóir air. Beidh ainm cliste air, rud eicínt ar nós ‘Bíodh an fheamainn aige’ nó ‘i dtigh Diabhail leis’ agus tá súil agam é a chur ar díol ar iTunes, Google Play Store agus amach as búit an chairr freisin.

Fág freagra ar 'Bíodh an fheamainn ag an ‘mindfulness’! Aip neamhaireachais atá uainn'

  • Stiofáin Ó Maoilriain

    A Bhrígid,
    Cad é an difríocht baileach idir “machnamh” agus “aireachas”?

  • Bridget Bhreathnach

    Ceist mhaith! Nílim baileach cinnte. Mar a thuigimse é, tagann ‘aireachas’ faoi bhratach ‘machnamh’. I gcás aireachais díríonn tú d’aird ar an am i láthair. Dá mbeifeá díreach ag machnamh, ligfeá do do intinn imeacht ar thuras aislinge!

    Ach tá barúil agam freisin gur sórt focal reatha é ‘aireachas’ gan mórán céille.

  • Rob

    “cuma-liom-achais”. Tá an t-anim cliste agut ansin. Gáire ós ard

  • Mise Áine

    Ag súil go mór leis an aip nua, a Bhridget..;-)