Bímis cúramach gan a dhul thar fóir leis an drochíde ar pholaiteoirí

Fadhb mhór is ea an t-imeaglú gránna a dhéantar anois ar pholaiteoirí agus is gá cur ina choinne

Bímis cúramach gan a dhul thar fóir leis an drochíde ar pholaiteoirí

Níl sé ach bliain agus mí ó dhúnmharaigh Thomas Mair an feisire Parlaiminte de chuid Lucht Oibre na Breataine, Jo Cox

Tá na polaiteoirí thuaidh agus theas ar saoire. Go ndéana a scíth maith dóibh agus go bhfille siad ar an obair sa bhfómhar lán le fuinneamh agus misneach, ar mhaithe leis an leas coiteann.

Is gnách ag an am seo obair na bliana a scrúdú agus marcanna a thabhairt d’airí agus ionadaithe eile. Ní chuige sin atáim ó tharla nach raibh an dream i Stormont i mbun oibre le hocht mí. Tá roinnt cainte atá maslach go maith á déanamh faoin easpa airde ar leas an phobail agus gan dabht, tá ceisteanna le freagairt ag an DUP agus Sinn Féin. Ach bímis cúramach gan a dhul thar fóir leis an drochíde.

Níl sé ach bliain agus mí ó dhúnmharaigh Thomas Mair an feisire Parlaiminte de chuid Lucht Oibre na Breataine, Jo Cox. Ní raibh de chúis ag Mair an mháthair óg a ionsaí go fíochmhar le gunna agus scian ach gur theastaigh uaidh go bhfágfadh an Bhreatain an tAontas Eorpach agus go raibh an reifreann sin ar siúl ag an am. Dá mhéid alltachta a chuir an dúnmharú ar dhaoine is léir nár mhair an srian ar theangacha i bhfad. Tá an dioscúrsa garbh, gránna thuaidh, theas agus sa Bhreatain Mhór.

Seans go bhfuil ceannairí áirithe ar domhan anois (nach gá a ainmniú) a mbeadh amhras orainn faoi chéard a mheall chun na polaitíochta iad. Ar an mórgóir, áfach, tig linn talamh slán a dhéanamh de nach ar mhaithe le brabach dóibh féin ná le haidhmeanna míchuibhiúla eile a théann daoine leis an bpolaitíocht. Bíodh a gcur chuige thar fóir ar an eite dheis, an eite chlé nó sáite i lár báire is féidir plé réasúnach a dhéanamh ar thuairimí na bpolaiteoirí gan a bheith á maslú ar bhealach a thugann leithscéal d’antoiscigh dochar a dhéanamh.

Abhus chonaiceamar íomhánna de pholaiteoirí á gcur trí thine ar na tinte cnámh dílseacha oíche an 11 Iúil. Chonaiceamar freisin Arlene Foster, ceannaire an DUP agus an feisire Emma Little Pengelly DUP agus iad trína chéile faoin íde a fuaireadar ar na meáin shóisialta. Níl siad ina n-aonar. Is iondúil go ndéantar ionsaithe faoina dealramh, a colainn nó a cuid gruaige ar pholaiteoir ban sa mhullach ar an sórt fogha a thugtar faoi fhir faoi chúrsaí polasaí.

Thairis sin níl bagairtí éignithe neamhchoitianta agus leisce nó moill ar chomhlachtaí an t-ábhar coiriúil sin a bhaint de shuíomhanna idirlín.

Sa deisceart, cibé ní atá le rá faoi chás cúirte Ráth Miontáin [díospóireacht eile is ea é sin] ba léir don dall go ndeachaigh daoine thar fóir leis na hachasáin a caitheadh le Joan Burton. Tharla maslú gránna ar ócáidí eile a bhain le hagóidí na dtáillí uisce, agus cé a dhéanfaidh dearmad ar an íde béil a fuair an tUachtarán, Micheál D Ó hUigínn i bhFionnghlas?

Dá dhonacht iad na hionsaithe sin is beag iad i gcomparáid le dúnmharú Jo Cox. Ach ní foláir nó go gcothaíonn siad uilig atmaisféar ina mbeadh drogall ar dhaoine a dhul le polaitíocht. Le gairid thug Cathaoirleach an Choiste um Chaighdeáin sa Saol Poiblí i Westminster, an Tiarna Bew, foláireamh faoin mbeaguchtach a bhí á chothú. Is fearr aithne abhus ar an Tiarna Paul Bew mar staraí agus ollamh in Ollscoil na Ríona agus mar iarchomhairleoir ag David Trimble nuair a bhí seisean ina cheannaire mí-ádhúil ar an UUP.

Tá Bew agus a choiste ag scrúdú an scéil.

Le linn díospóireachta i Westminster an tseachtain seo caite chualathas rabharta de chuntais ó fheisirí faoin íde a fuaireadar. D’inis Diane Abbot ón Lucht Oibre scéalta faoin nimh chiníoch a d’fhulaing sí chomh maith le bagairtí báis. D’inis Emily Owens, an Lucht Oibre, faoi na maslaí gnéasach foréigneach a díríodh uirthi agus thug Simon Hart, Caomhach cuntas ar dhaoine ar scríobadh svaistící agus maslaí frithGhiúdacha ar a n-oifigí. Tá ‘#Tory scum’ comónta ar na meáin shóisialta agus d’inis ionadaithe as gach páirtí faoi chiapadh ar líne, bagairtí báis agus éignithe san áireamh.

Mhaígh Bew go raibh an íde agus an t-imeaglú chomh holc gur ghearr uathu tráth na cinniúna i bpolaitíocht na Breataine – nuair nach mbeadh aon duine fiúntach toilteanach a dhul le polaitíocht. Dúshlán mór don choiste a bheith in ann cur chuige a aimsiú le stop a chur leis an gciapadh. Ní gnó don choiste sin amháin é –tá obair den chineál céanna riachtanach ar an oileán seo freisin.

Fág freagra ar 'Bímis cúramach gan a dhul thar fóir leis an drochíde ar pholaiteoirí'