Tá dréachtreachtaíocht nua á foilsiú inniu ag Conradh na Gaeilge a bhfuil fúithi an tAcht Teanga a “láidriú” agus a bhfuil tacaíocht aici ó Fhianna Fáil, Sinn Féin agus páirtithe eile an fhreasúra.
Dá nglacfaí i dtithe an Oireachtais le dréachtbhille Chonradh na Gaeilge, bheadh sé de dhualgas ar an Stát gach seirbhís phoiblí a chur ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoin mbliain 2020.
De réir na dréachtreachtaíochta bheadh Gaeilge ag ar a laghad 20% d’fhostaithe nua sa státseirbhís amach anseo agus chuirfí deireadh le córas na scéimeanna teanga, an córas atá in ainm is cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát.
Thug Aire Stáit an Gaeltachta Seán Kyne le fios inné go bhfuil sé chun glacadh le moladh an Choimisinéara Teanga deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga, an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát.
Ghéill an tAire Stáit ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna “nach raibh córas na scéimeanna teanga ag obair” agus dúirt sé go dtabharfaí isteach córas nua a bheidh bunaithe ar rialacháin.
De réir dréachtbhille Chonradh na Gaeilge chuirfí foirmeacha an stáit ar fáil go dátheangach agus bheadh ceart de réir dlí ag gach saoránach an leagan Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh baile a úsáid as Gaeilge. De réir na reachtaíochta atá molta, bheadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí nua bóthair amach anseo agus d’fhoilseofaí gach Bille go dátheangach. Tá foráil eile sa dréachtreachtaíocht nua go dtabharfaí ainm Gaeilge ar gach comhlacht poiblí nua.
Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go bhfuil moltaí reachtaíochta Chonradh na Gaeilge á bhforbairt le cúpla mí anuas agus an freasúra “ar fad nach mór ag tacú leo”.
“Ní hamháin sin ach tá an tAire Seán Kyne ag obair go gníomhach linn agus leis an bhfreasúra chun go mbeidh na moltaí san áireamh sna ceannteidil do Bhille nua a fhoilseoidh an Rialtas i mí na Bealtaine,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go bhfuil sé “soiléir” go bhfuil gá le leasú “chun feabhais” a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ar tugadh isteach é 15 bliain ó shin.
“Tá codanna áirithe den Acht nach bhfuil ag feidhmiú i gceart agus tá míreanna eile nach bhfuil san áireamh san Acht. Tá na leasuithe seo á moladh ag Conradh na Gaeilge chun go mbeadh seirbhísí Gaeilge ón stát ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar féidir leo brath orthu,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
Dúirt de Spáinn go dtabharfadh na moltaí “spreagadh d’íomhá agus do stádas na Gaeilge sa mhórphobal trí chéile”.
“Dar ndóigh, ní reachtaíocht amháin a chuirfidh le líon na gcainteoirí Gaeilge ach tá reachtaíocht mar chrann taca don phobal gur mian leo Gaeilge a úsáid.
“Chomh maith le reachtaíocht níos láidre, tá Conradh na Gaeilge ag obair i gcónaí ar mhaoiniú breise a chinntiú ón dá Rialtas thuaidh agus theas don phlean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, plean a chruthódh breis is 1,100 post agus a chuirfeadh an-chuid deiseanna maidir le húsáid na Gaeilge ar fáil don phobal trí chéile,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne inné go gcuirfí ceannteidil nua an bhille, atá geallta le fada chun leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, faoi bhráid Choiste Gaeilge an Rialtais an 15 Bealtaine agus go gcuirfí faoi bhráid an Rialtais ina dhiaidh sin iad.
Mánus
Seirbhísí i nGaeilge a cur ar fáil gach áit a theastaíonn. Nach i gcathair na Gaillimhe, Trá Lí, leitir Ceannain srl ( na bailte seirbhísí gaeltachta Straitéis 20 bla bla) atá na hospidéil, oifigí “dole”, oifigí cánach srl a fhreastlaíonn i mBéarla ar Ghaeilgeoirí gan leithscêal gan náire.
Braoin Ó Braoin
Tá an Dréachtbhille Chonradh na Gaeilge le bheith i ndáiríre… ag ceapadh go nglacfadh Tithe an Oireachtais lena leithéid. Ní chumfadh an fuirseoir is fearr dá bhfuil ann in Éirinn é.
Tá an ceart ag Mánus thuas. Má bhíonn seirbhís atá riachtanach uait, brúfar an béarla ort. Bí ag géilleadh leat nó ag fanacht ar sciorta den ádh.