Bí ag súil le léasadh Tonga, ach ciúnófar sa deireadh iad

Sprioc Andy Farrell? Bua le ceithre úd agus go dtiocfadh gach duine slán

Bí ag súil le léasadh Tonga, ach ciúnófar sa deireadh iad

Éire V Tonga, Stade de la Beaujoire, Nantes, 20.00

Seans maith go mbeidh an sprioc chéanna ar intinn Andy Farrell anocht agus a chúram ag dul chun páirce i gcoinne Tonga: bua le ceithre úd a chinntiú agus chuile imreoir a thabhairt leis slán ón gcoimhlint.

Seo é an chéad chluiche sa gCorn an Domhain seo ag Tonga, rud a cruthaíonn deacrachtaí eolais do Farrell maidir le stádas agus cur chuige an fhreasúra áirithe seo.

Mar sin féin ní dóigh go bhfeicfidh muid a chéad rogha imreoirí ag dul chun páirce le chéile anocht. Is cinnte go ndéanfaidh sé chuile iarracht an rogha sin a cheilt go dtí an nóiméad deiridh roimh imirt i gcoinne na hAfraice Theas faoi cheann seachtaine.

Caithfidh imreoirí na hÉireann a bheith thar a bheith airdeallach maidir leis an imirt thar a bheith fisiciúil a bhíonn ag na himreoirí ó Oileáin na Mara Theas i gcónaí.

Cuireann siad go leor béim ar fhearúlacht, ar fhisiciúlacht agus ar an imirt gharbh rud a cruthaíonn deacrachtaí, ní hamháin dóibh féin maidir le ciceanna pionóis géillte agus cártaí buí nó dearga, ach don fhreasúra a bhíonn thíos leis sin go minic.

Mar sin féin, ní bheidh aon easpa scile ná cumais rugbaí ar an bhfoireann seo as Tonga. Tá cúigear iar-All Black ag imirt leo faoi láthair, Charles Piutau, Augustine Pulu, Vaea Fifita, George Moala agus Malakai Fekitoa, fear a bhuaigh Craobh an Domhain leis na Nua-Shéalainn in 2015. Údar breise le bheith ar ár n-aire.

Ag an am céanna ní hí foireann Thonga an phríomhchúis imní dúinn i nGrúpa B. Tá an Afraic Theas romhainn faoi cheann seachtaine agus Albain faoi cheann trí seachtaine. Idir an dá linn, tháinig deacrachtaí chun solais sa síneadh amach i gcoinne na Rómáine sa gcéad chluiche, rud a cheil neart ardáin ionsaithe orainn. Seans gur chaith Paul O’Connell an tseachtain seo caite á gceartú sin. Seachas sin, bhí imreoirí na hÉireann ar a gcompord i chuile ghné eile den imirt in ainneoin iad a bheith ag imirt sa teocht dhamanta 36 céim Celsius thar ochtó nóiméad. Is mór is fiú gur ag a naoi a chlog anocht, nuair a bheas an teas i Naoned (mar a thugann na Briotánaigh ar Nantes) maolaithe de bheagán, a bheas siad ag imirt.

Níl aon easpa méid ná toirt i measc na gcúlaithe atá Farrell a chur chun páirce anocht, le leithéidí Porter, Furlong, Byrne, Ryan, agus O’Mahoney i measc na dtosaithe, chomh maith le Aki agus Lowe i measc na gcúlaithe. Is cinnte go mbeidh siadsan in ann an fód a sheasamh agus ag an am céanna is cinnte go gcuirfidh an paca ochtar Éireannach neart deiseanna ionsaithe ar fáil do na cúlaithe gasta atá Farrell a chur chun páirce anocht.

Sea, bua maith eile anocht agus leanfaidh an chamchuairt ar aghaidh ansin go Páras.

Fág freagra ar 'Bí ag súil le léasadh Tonga, ach ciúnófar sa deireadh iad'

  • jpmorley0@gmail.com

    Grma as Naoned a thabhairt ar Nantes agus aitheantas a thabhairt dár gcomhCheiltigh thall. Ba cheart an urraim chéanna a thabhairt do Cymru, Caerdydd na Breataine Bige srl. Ná bíodh aon imní ort, tabharfaidh na stonnairí atá againne a gcomaoin d’fhearúlacht srl do Tonga!

  • jpmorley0@gmail.com

    Bainfear stangadh as Tonga…mise fé dhuit!