Ceann de na chéad rudaí a rith liom nuair a bhris mé mo lúidín i dtimpiste rothaíochta an mhí seo a chuaigh thart ná: éireoidh mé ramhar anois mura mbím cúramach.
Maith dom an bhuairt faoi chúrsaí meáchain agus mé fós i mo luí béal faoi i lár an bhóthair, ach fear mór spóirt a bhí ionam riamh agus thuig mé ar an bpointe boise go mbeadh tionchar mór millteanach ag mí gan aclaíocht ar an gcuma fhisiciúil atá orm agus dá bharr sin ar mo chuid féinmhuiníne agus, fiú amháin, ar m’fhéiniúlacht. Dlúthchuid de mo shaol an t-ardú meáchain.
‘Níl ann ach go bhfuil dúshlán nua romhat anois,’ a dúirt mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, a bhailigh ón ospidéal mé an tráthnóna sin. ‘Beidh ort dóigh éigin a aimsiú chun do cholainn agus do mheabhair a choinneáil sláintiúil ar bhealach eile.’
Agus d’éirigh liom. Thug mé aghaidh ar an ionad aclaíochta uair amháin sa tseachtain chun mo chosa a thraenáil, ní raibh aon leithscéal agam, ach taobh amuigh faoin spéir a d’aimsigh mé an dúshlán traenála a bhí uaim: an choisíocht.
Ní hamháin gur ghá dom siúl i ngach áit toisc nach bhféadfainn greim a choinneáil ar chluasa rothair agus mo lámh dheis i bplástar (ná ar stiúir cairr dá mbeadh carr agam), ach shocraigh mé tabhairt faoi shiúlóidí fada d’aon ghnó. Dhéanainn 8 gciliméadar in aghaidh an lae ar an meán agus lá amháin, chuir mé 25 ciliméadar díom.
Choinnigh mé súil ghéar ar mo bhia-aiste chomh maith. An chéad rud a rinne mé ná na creatháin phrotéine a d’ólainn gach lá ar mhaithe leis an traenáil meáchain a ghearradh amach, fiú amháin ar ‘lá na gcos’. Ghearr mé siar go mór ar fheoil, sicín agus iasc freisin, ach luigh mé isteach ar an iógart agus ar an mbrachán déanta le bainne, ar mhaithe leis an gcailciam, agus ní dhearna dearmad ar ghlasraí, torthaí agus carbaihiodráití ó fhoinsí eile ach oiread – seacláid, rollaí rísíní agus smailceanna eile a thabharfadh fuinneamh agus ardú meanman dom san áireamh.
Ní bia-aiste a bhí ann ar mhaith liom leanúint léi (toisc nach raibh ar mo chumas béile te a réiteach le lámh amháin, bhí go leor béilí réamhullmhaithe ón ollmhargadh i gceist) ach mar sin féin, idir aiste bia agus choisíocht, bhí toradh gan choinne ag mo lúidín briste ar an gcuma fhisiciúil atá orm.
Níor thit mé i bhfeoil, a mhalairt ar fad, chaill mé cileagram meáchain. Ní hamháin sin: de réir an scála chliste san ionad aclaíochta tháinig laghdú 2 faoin gcéad ar chéatadán na saille i gcomhdhéanamh mo cholainne.
Shocraigh mé féinphic ‘dul chun cinn’ a ghlacadh sa seomra feistis agus is mé a bhí sásta: ní féidir a rá go bhfuil séphaca agam anois, ach den chéad uair le mo chuimhne tá matáin mo bhoilg le feiceáil.
Ach thug mé rud eile faoi deara, leis.
Tá uachtar mo láimhe deise, an ceann a bhí i bplástar, i bhfad níos tanaí ná uachtar mo láimhe clé (tá difear 2cm san imlíne, mar a fuair mé amach sa bhaile le miosúr.)
Sin é an dúshlán aclaíochta a bheidh romham anois, a chinntiú go mbeidh an dá sciathán ar coimhéid arís – ach gan ardú a theacht ar chéatadán na saille!
Fág freagra ar 'Bhí toradh gan choinne ag mo lúidín briste ar an gcuma fhisiciúil atá orm'