Bhí sé de mhí-ádh orm tréimhse a chaitheamh in áit a bhí naimhdeach tocsaineach do mhná

Bulaíocht, beag is fiú, agus ciapadh gnéis ó chomhghleacaithe meánaicmeacha measúla – an bhfuil mórán d’athrú tagtha sa saol?

Bhí sé de mhí-ádh orm tréimhse a chaitheamh in áit a bhí naimhdeach tocsaineach do mhná

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Bhí sé de mhí-ádh orm uair amháin tréimhse a chaitheamh in áit a bhí chomh naimhdeach tocsaineach do mhná ná creidfeadh éinne sa lá inniu é.

Bulaíocht, beag is fiú, agus ciapadh gnéis ó chomhghleacaithe meánaicmeacha measúla, maidin is tráthnóna. Iad pósta, bean is clann acu go léir. A n-ainm anairde ar a scileanna fearúla, a saineolas i réimsí tábhachtacha, gan trácht ar a scileanna sóisialta is polaitiúla.

Gan a n-iompar mínáireach, atá mídhleathach sa lá inniu, i leith mná óig láncháilithe ag cur aon mhairg orthu. 

Ba cheann de phribhléidí an fhireannaigh an tráth san iompar mar é.

Ná bí ag gearán.

Ná bí a’ tarrac achrainn. Núthair níl ann ach paiste cleachtan. Agus nach ag baile ag tabhairt aire dá clann a cheart do bhean óg a bheith pé scéal é, seachas a bheith a’ sá isteach i lár aonaigh gur le fearaibh riamh anall é? 

Tú fhéin a tharraic ort é. 

Má dhéanann tú clamhsán ní fhéachfaidh sé rómhaith ar do C.V. 

Ní dhéanfaidh tú aon dul chun cinn, a chailín, más mar sin a bhíonn agat. 

Agus cuirfidh tú post an chréatúir nach raibh ach mar mhagadh i mbaol. Agus lán tí aige. 

Ceap do shuaimhneas, a chailín.

Mar sin a bhí fadó agus ní fadó ó shin in aon chor é.

Ach tabhair fé ndeara nach mór atá athraithe in aon chor mar a léiríonn an méid a bhí le rá ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Charlie Flanagan le déanaí.

Ag labhairt dó agus feachtas náisiúnta poiblíochta á fhógairt chun aird a dhíriú ar iompar an chiaptha ghnéis agus an fhoréigin, dhearbhaigh an tAire go raibh leibhéal an-ard de chiapadh dá leithéid in Éirinn.

Ar an leibhéal is airde san Eoraip, a dúirt an tAire. Bhí caint an Aire bunaithe ar shuirbhé a rinneadh i ndaichead tír ar an gcomhionannas ar bhonn inscne, ar an gciapadh gnéis agus ar an bhforéigean.

Cuimhnigh air sin. An leibhéal is airde ciaptha gnéis san Eoraip. 

In oileán na naomh is na n-ollamh.

Trian de mhná na hÉireann idir 18 agus 34 bliain a rinne tuairisciú go ndearnadh ciapadh gnéis dá leithéid orthu le bliain anuas. An dara tír is measa inar tharla a leithéid.

Tá súil ag an Aire go ndíreoidh an feachtas poiblíochta agus feasachta ‘No Excuses’ a bheidh ar na meáin uile, ar chostas milliún euro, aird an phobail ar fhadhb seo an fhoréigin, atá de réir dealraimh ginte sna Gaeil. 

Nach mór an náire dúinn é?

An athróidh siad port? An mbrisfidh an dúchas?

Mair a chailín is gheobhair freagra.

Fág freagra ar 'Bhí sé de mhí-ádh orm tréimhse a chaitheamh in áit a bhí naimhdeach tocsaineach do mhná'