Bhí an trácht réasúnta trom i gceartlár na cathrach an lá faoi dheireadh agus mé ag déanamh an bhealaigh ar bhus chuig Aerfort Chorcaí. Ba chuma liom. Bhí nuachtán na maidine agam, neart ama le spáráil agus mé beag beann ar a raibh ag tarlú i mo thimpeall.
Ná fiafraigh díom cén fáth, ach ceann de na geábhanna a raibh muid ina lánstad thóg mé mo shúile den pháipéar agus bhreathnaigh amach tríd an bhfuinneog.
Céard a bheadh le feiceáil agam ach go mba ag bun Chnoc Phádraig a bhí muid sáinnithe, ceann de na háiteanna is stairiúla i gCorcaigh agus más fíor don Guinness Book of Records é, an tsráid is crochta ar domhan a bhfuil cónaí uirthi.
500 méadar as a fad agus gan de leithead inti in áiteacha ach 35m, molann eagraíocht turasóireachta na cathrach féin do chuairteoirí gur feiltí dóibh úsáid éicint a bhaint as feithicil lena dreapadh, ach í a shiúl le fána.
An rothaí Seán Kelly an chéad duine a tháinig isteach i m’intinn. Nuair a bhí seisean agus Stephen Roche ag iomaíocht sna 1980idí agus tús na 1990idí a bhí an spórt a chleacht siad i mbarr a maitheasa sa tír seo.
Tháinig plúr rothaithe an domhain go hÉirinn an uair údaí le dhul ag iomaíocht sa Nissan Classic a bhí ar bun idir 1985 agus 1994 – buaiteoirí an Tour de France Laurent Fignon agus Greg LeMond, an Beilgeach Eric Vanderaerden a bhuaigh an geansaí uaine, Phil Anderson a chaith an geansaí buí ansiúd agus Erik Breukink. Thug an triúr is deireanaí den dream thuas Turas na hÉireann leo ar a seal.
Den bheirt Éireannach atá luaite agam, bhí an Tour de France, an Giro d’Italia agus Craobh an Domhain buaite ag Roche, ach gan aon amhras ba é Ceallach Charraig na Siúire Rí na Féile chomh fada agus a bhain sé le pobal na tíre seo. Éadan deas leanbaí a bhí ar an Róisteach. Nuair a thitfeadh an ghruaim ar aghaidh Kelly, mheasfá go gcanglódh sé tairní.
Ag breathnú uaim ón mbus chuimhnigh mé ar an bplean a bhíodh ag Seán do Chnoc Phádraig, strapa a bhíodh le cur díobh ag iomaitheoirí an Nissan ar a laghad uair amháin agus Corcaigh bainte amach acu i chuile Thuras idir 1985 agus 1994.
“Faoin am a dtosaíonn an dreapadh, ní mór do dhuine a chinntiú go bhfuil sé ar an deichniúr is túisce a thugann faoi mar ní fada nó go mbíonn siad siúd nach bhfuil aon aithne acu ar an áit ag titim fút agus tharat agus beidh do bhealach blocáilte,” a dúirt sé tráth. Nádúrtha go leor mar nach bhfuil rud ar bith is measa leis an rothaí ná go leagfaí é.
Chuaigh Turas 1986 trí bhaile dúchais an Cheallaigh agus an geansaí buí ar dhroim an laoich. Ní raibh áit seasaimh ar shráideanna Charraig na Siúire agus thar aon ní eile, theastaigh uaidh gurbh eisean a bheadh chun cinn ag dul tríd an mbaile sin.
Ag déanamh ar Chluain Meala sular chasadar ar chlé le haghaidh a thabhairt ar an gCarraig, thug an tAstrálach Phil Anderson ruathar ar bhóthar cam, casta. Shíl Kelly leanacht dó, ach ar chasadh géar d’imigh den bhóthar agus chuaigh gearradh domhain ina bhaithis nuair a bhuail sé claí.
Léiriú ar an miotal a bhí ann nach hé amháin gur éirigh sé ach gur chríochnaigh sa cheathrú háit, fiú is go raibh sin cúíg nóiméad chun deiridh ar Anderson. Chaill sé an geansaí buí dá bharr, ach lá arna mhárach ar an staid dheireanach go Bleá Cliath, thug sé an t-am ar fad isteach agus bhuaigh an Turas don dara bliain as a chéile.
Bhí mo bhus ag tosaí ag gluaiseacht arís nuair a chuimhnigh mé ar an gcríoch staide ab fhearr riamh sa Nissan – Kelly agus an Sasanach Seán Yates ag féachaint a chéile sa ngleadhradh báistí ar an gcnoc a raibh mé ag breathnú air dhá mheandar roimhe sin.
Comórtas 1991 a bhí i gceist agus an lá chomh feannta fliuch sin nach raibh cuid de ghluaisteáin an Turais in ann ag Cnoc Phádraig – b’éigean dóibh siúd a bhí iontu a theacht amach agus tosaí ag brú!
Bhí an t-ádh orthu a theacht chomh fada sin chor ar bith agus iad faoi bhealach as Luimneach go Corcaigh.
Bhí an gála chomh dona sin ar Bhóthar na gCorr sna sléibhte ar theorainn Thiobraid Árann agus Phort Láirge gur leag sé crann trasna an bhóthair agus na hiomaitheoirí gar do láthair. Bheadh stop curtha leis an rás murach go raibh sábh slabhrach i mbúit an chairr ag fear a bhí á leanacht agus gan an bealach glanta aige ach le cúpla nóiméad nuair a shroich na rothaithe an áit.
Go gairid ina dhiaidh sin d’fhág an bheirt Seán an peloton ina ndiaidh agus tá an choimhlint eatarthu ag dul suas Cnoc Phádraig ar cheann de na píosaí is iontaí a d’fhág an Nissan againn le huachta.
Tá siad ann a deir go mba amhlaidh a cheadaigh Seán sin againne do Sheán Buí an bua a thabhairt leis ag an deireadh. Ní féidir sin a dhearbhú. Rud cinnte go mba é an Ceallach a bhuaigh an rása ina iomláine nuair a tháinig sé chun críche lá arna mhárach.
Mairéad Ní Nuadháin
Iontach ar fad a Mhártain!