Bhí ‘John Joe Google’ fós sa gcliabhán nuair a tháinig ceist chugam i Raidió na Gaeltachta

Tá chuile dhuine anois in ann freagra a fháil ar aon cheist faoin spéir atá ag déanamh tinnis dóibh ach an cnaipe ceart a bhrú. Ní mar sin a bhí i gcónaí…

Bhí ‘John Joe Google’ fós sa gcliabhán nuair a tháinig ceist chugam i Raidió na Gaeltachta

Níl inseacht scéil ar an soilíos a rinne teacht an idirlín, ach thug sé aon sólás amháin do mo leithéidse. Sin go bhfuil chuile dhuine anois in ann freagra a fháil ar aon cheist faoin spéir atá ag déanamh tinnis dóibh ach an cnaipe ceart a bhrú.

Bíodh sin ina ceist staire, pholaitíochta, nó na cinn ba mhinice a chuirtí ormsa – ceisteanna spóirt.

Ní móide gur i gcónaí atá an ceart ag mo chara ‘John Joe Google’, ach níos minice ná a mhalairt, bíonn. Is fearr go mór é ná an cloigeann dearmadach seo ar aon chuma.

Tá siad ann a bhfuil cuimhne chéadach acu. Cuireann a leithéid iontas agus éad orm. Daoine atá in ann cur síos mion a dhéanamh ar chluichí inar imir siad féin, nó a chonaic siad, dhá scór bliain ó shin. Ní raibh a leithéid de bhua agam féin riamh. Dá bharr ní féidir liom inniu an milleán a leagan ar an aois ná ar na mílte imirt atá feicthe agam i rith mo shaoil.

Ní hin le rá nár teanntaíodh isteach sa gcúinne mé minic go leor. Ag sochraid an lá faoi dheireadh a chuimhnigh mé ar ócáid acu – duine de lucht mo cheistithe á chur i gcré na cille, trócaire air.

Tráthnóna i bhfad roimh theacht an idirlín, thug mé m’aghaidh isteach i dtábhairne sa mbaile beag is gaire dom. Ansiúd, cois an chuntair, bhí sé ina sháraíocht ghéar idir an fear atá básaithe agus comharsa dá chuid.

D’fhág mé eatarthu féin é nó go bhfuair mé cuireadh.

‘Seo fear a mbeidh freagra na ceiste aige. Buail anall soicind, a Mhártain, go socróidh tú an scéal seo. Tá mé féin agus **** anseo ag argóint faoin ‘secret weapon’ a bhí ag Rocky Marciano nuair a bhí sé ina sheaimpín ar an domhan.

‘Tá mise ag rá gur an ‘Suzie Q’ a bhí air. Níl mo mhéit ag teacht liom agus tá muid ag ceapadh go mbeadh an freagra ag do leithéidse.’

B’in ceap nach ndéanfadh bróg muise! D’iarr mé lá cairde agus nuair a chuaigh mé abhaile thosaigh mé ag dul trí chúpla leabhar dornálaíochta a bhí ar na seilfeanna nó go dtáinig mé air.

‘Marciano was a ceaseless aggressor, a human tank who would gladly absorb two or three punches just for the opportunity of landing one, especially with Suzie Q, his pet-name for his thunderous right. Named it after his high school girlfriend…like her, the punch was a knockout.’

Fear mór dornálaíochta ab ea mo chara atá imithe ar Shlí na Fírinne. Tá súil agam faoi seo go bhfuil ar bhain leis an ‘Suzie Q’ taispeánta ag Marciano dó ar an taobh thall. Ba í ba mhó ba chúis leis-sean a bheith ina Sheaimpín ar an Domhan idir 1947 agus 1955, tráth ar bhuaigh sé chuile throid a rinne sé – 49 acu. D’fhág Suzie nach raibh ach leathdhosaen dá chéilí comhraic fós ar a gcosa nuair a buaileadh an clog den uair dheireanach.

Bhí ‘John Joe Google’ fós sa gcliabhán (1999) nuair a tháinig ceist eile chugam agus mé i mo shuí ag an deasc san oifig i Raidió na Gaeltachta i nDoire an Fhéich. (Casla an t-ainm a chloisfeas tú, ach cé gurb é freisin atá ar oifig an phoist sa gceantar, measaim nach bhfuil aon bhaile fearainn sna bólaí a bhfuil an t-ainm sin air. Níl Costello luaite as féin i liosta oifigiúil na logainmneacha Gaeltachta ach an oiread – tá ‘Cashla or Costello’ le chéile.)

Ar aon dath, bhuail an fón. Ag ceann eile na líne bhí tábhairneoir i gCathair na Gaillimhe, a n-aithneofá ar a ghlór go raibh sé i mbarr a chéille.

‘As ucht dílis Dé ort, an bhfaighfeá amach cé a bhí ina bhainisteoir ar pheileadóirí na Mí sular tháinig Seán Boylan i gceannas?’ a deir sé. ‘Tá beirt ag tóin thíos an chuntair anseo ag argóint lena chéile faoi le ceithre huaire an chloig. Mura bhfaighfear freagra go luath, siad lucht na gcótaí bána a thabharfas leo mise nó iadsan.’

De bharr mo chinn ní raibh an freagra agamsa ach an oiread agus níorbh iontas sin.

Faoin tráth sin bhí beagnach scór bliain caite ag an mBaoigheallánach ina bhainisteoir ar an gcontae Ríoga, craobh na hÉireann buaite den ceathrú huair acu cúpla seachtain roimhe sin. Cuir ocht gcraobh Laighean leis sin mar aon le trí Shraith Náisiúnta. Níor mhilleán do dhaoine a cheapadh go raibh sé ann ó aimsir na míol.

Ba bheag an cúnamh dom na cúpla leabhar a bhí ar an tseilf le m’ais, ach is gaire cabhair Dé ná an doras, a deir siad.

Cabhair ó Liam Ó Cráibhín an babhta seo, fear a thug seirbhís níos faide ná Boylan fiú don chontae – 45 bliain ina rúnaí. Bhí sé ar bharr a theanga ag Liam, trócaire air féin anois, nuair a ghlaoigh mé air.

‘Mick O’Brien as Baile an Bháiltéir,’ a deir sé. ‘Chaith sé dhá thréimhse ar fad ina bhainisteoir, 1974–1977 agus arís 1981-1982 nuair a ceapadh Seán Boylan.’

Níor bhlais Liam Ó Cráibhín d’aon deoch mheisciúil riamh ina shaol, ach rinne sé gáire nuair a dúirt mé leis go raibh fear amháin coinnithe as teach na ngealt aige agus beirt eile, a bhí i mbaol a bheith beáráilte, slánaithe freisin.

Fág freagra ar 'Bhí ‘John Joe Google’ fós sa gcliabhán nuair a tháinig ceist chugam i Raidió na Gaeltachta'