Le déanaí bhí mé ar Iris Aniar, clár cainte ar Raidió na Gaeltachta. Cúrsaí teanga sa nGaeltacht agus todhchaí na Gaeltachta a bhí á bplé agus daoine as an nGaeltacht agus an Bleá Cliathach seo a bhí páirteach sa gcaint. Bhí na daoine as an nGaeltacht ag cur síos ar dhrochstaid na Gaeilge sa nGaeltacht agus moltaí á ndéanamh acu faoi conas an scéal a leigheas amach anseo.
Bhí fadhb agamsa. Ní raibh suim agam sa chaint ar thodhchaí na Gaeltachta mar tá a fhios agam nach mbeidh aon Ghaeltacht ann i gceann 10 mbliana nó mar sin – is é sin, nach mbeidh pobal i limistéir tíre na Gaeltachta ag labhairt na Gaeilge mar ghnáth-theanga um an dtaca sin. (Áirítear go bhfuil an Laidin marbh ón uair ar tharla a leithéid di fadó.)
Bhí agus tá an-suim agam i ngné eile den todhchaí: todhchaí theanga na Gaeilge, teanga ársa na hÉireann, teanga ár sinsear. Is sa teanga sin a chuir Gluaiseacht na Gaeilge suim nuair a bunaíodh an ghluaiseacht sin tuairim is 120 bliain ó shin, agus tá mé páirteach sa ngluaiseacht stairiúil sin. Is é an chuspóir a bhí agus atá ag an nGluaiseacht ná go mairfeadh an teanga, Gaeilge go deo.
Ag an tús chreid lucht na Gluaiseachta gurbh é an bealach ab fhearr chuige sin ná muintir na Gaeltachta a mholadh agus a ghríosú le go leanfadh siad ag labhairt Gaeilge, agus go méadódh, b’fhéidir, líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge dá bharr. D’eagraigh an Ghluaiseacht ranganna Gaeilge ar fud na tíre ach bhain an dóchas mór leis an nGaeltacht.
Bhí míthuiscint ann. Bhí an Ghaeltacht tar éis a bheith ag crapadh le 200 bliain anuas; b’in an nós a bhí aici – sean-nós!
Seachas roinnt daoine aonair ní raibh an toil ag muintir na Gaeltachta leanacht orthu ag labhairt Gaeilge, ach a mhalairt. Ba é a mian láidir – ar chúiseanna praiticiúla i measc rudaí eile – ná Béarla a labhairt. Chreid an Ghluaiseacht go dtiocfadh athrú ar an gcás sin leis an moladh agus an gríosú, agus, i ndiaidh bhunú an stáit Éireannaigh, le deontais airgid.
Bhí breall ar an nGluaiseacht.
D’fhan an tseanmhian sa nGaeltacht beo, níor dúisíodh an toil.
Tá an toil sin chun an Ghaeilge a choinneáil beo láidir fós i measc go leor ball de Ghluaiseacht na Gaeilge, ag áireamh roinnt mhaith daoine aonair as an fhíor-Ghaeltacht.
Scríobh mé alt cheana don suíomh seo – ‘Is é dán na Laidine dán na Gaeilge’. San alt céanna, áfach, dúirt mé nár ghá gurbh amhlaidh a bheadh. In ainneoin nach mbeidh pobal Gaeltachta ag labhairt Gaeilge againn, is féidir linn pobal nó comhluadar uile-Éireannach a chruthú a bhfuil an toil chomhchoiteann ina measc an Ghaeilge a choinneáil ina teanga bheo. Míle duine ar dtús, a bhfuil slite beatha éagsúla acu atá i dteagmháil lena chéile, an Ghaeilge labhartha agus scríofa ar a dtoil acu agus geallúint shollúnta tugtha acu an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh eatarthu féin agus ina dteaghlaigh féin. An méid sin mar thús agus ar aghaidh leo ina dhiaidh sin mar a leag mé amach san alt úd.
Donncha Ó hÉallaithe
Tá ard mheas agam ar Dheasún Fennell, ach i gcead dhó, níl eisean ná aon duine eile in ann a rá le aon chinnteacht ‘nach mbeidh aon Ghaeltacht ann i gceann 10 mbliana nó mar sin’. Is cinnte nach bhfuil aon Ghaeltacht i gcuid mhaith den ‘Gaeltacht Oifigiúl’, sa mhéad is nach bhfuil aon fhianaise go bhfuil aon difríocht shuntasach idir usáid na Gaeilge sna ceantair sin agus ceantar ar bith eile ar fud na tíre. Ach tá ceantair láidir Ghaeilge ann, agus beidh Gaeilge á usáid go forleathan sna ceantair sin ar feadh tréimhse maith eile, im thuairimse.
Tá an faisean seo ag daoine, saineolaithe cuid acu, a chaitheann tréimhse ina gcónaí sa Ghaeltacht – tréimhse fada i gcás Dheasún – deireadh na Gaeltachta a fhógairt i gceann 10 mbliana eile, tar éis dóibh a gcuid seolta a chrochadh le cur futhu áit éicint eile. Le seo a chruthú tá cuid acu sásta figiúirí a chur as riocht leis an scéal a dhéanamh níos measa ná mar atá.
Anseo i gConamara tá cothromaíocht nua teanga le aimsiú sa Ghaeltacht idir Gaeilge is Béarla, a bheas difriúl ón gcothromaíocht a bhíodh i bhfeidhm nuair a bhí Deasún ina chónaí i gCarna. Tá cuid mhaith daoine ar bheagán Gaeilge lonnaithe anois i gCois Fharraige, ach tá Gaeilge ag a gcuid gasúr agus Gaeilge an mhaith, dá gcuirfí i gcomparáid le Gaeilge dá gcomhaoisigh sna Gaelscoileanna.
Aimsíodh an chothromaíocht sin cheana sa Rinn i bPort Láirge agus i gCúil Aodha i Múscraí. Is chuige sin atáimse páirteach sa phróiséas Pleanáil Teanga. Faoin gcothromaíocht teanga nua, beidh an Ghaeilge in uachtar i roinnt de na réimsí saoil a chaitheann daoine agus ní bheidh agus ní ghá go mbeadh i réimsí eile. Séard atá le déanamh faoin Pleanáil Teanga na réimsí inar féidir an Ghaeilge a choinneál in uachtar mar ghnáth theanga cumarsáide a aithint agus tacaíocht a chur ar fáil le usáid na Gaeilge a neartú.
Mholfainn do Dheasún agus do dhaoine eile a d’fhág páirc na himeartha, gan a bheith ag cur lag mhisneach ar na daoine atá fós ag imirt.
Feardorcha
Fíor dhuit a Dhonncha, níor chaill fear an mhisnigh riamh é.
10 mbliana?! Tá ar a laghad glúin nó dhó láidir fós le dul agus beidh le feiscint cad a tharlóidh ansin.
Agus maidir le “Chreid an Ghluaiseacht go dtiocfadh athrú ar an gcás sin leis an moladh agus an gríosú, agus, i ndiaidh bhunú an stáit Éireannaigh, le deontais airgid.Bhí breall ar an nGluaiseacht. D’fhan an tseanmhian sa nGaeltacht beo, níor dúisíodh an toil.”
Cad is dóigh leis an tUasal Fennel atá ag tarlú, glúin i ndiaidh glúine, sa Ghaeltacht? Nach raibh bás na nGaeltachtaí fógartha 100 bliain ó shin. Ní i ngan fhios dóibh féin a d’fhan na Gaeltachtaí ina nGaeltachtaí, d’ainneoin dífhostaíocht, imirce, brú ón taobh amuigh agus brú ón taobh istigh. Chuir na pobail siúd troid fhada agus níor géilleadh faic in aisce.
Ruairi s. O'Donaill
CAD IS BRI LE “BEIDH AN GHAEILGE IN UACHTAR I ROINNT DE NA REIMSI SAOIL A CHAITHEANN DAOINE AGUS NI GA GO MBEIDH I REIMSI EILE.?
CAD IAD NA REIMSI SEO, DAR LE DONNCHA O’h-EALAITHE, INA MBEIDH AN GHAEILGE IN UACHTAR AGUS CAD IAD NA REIMSI INA MBEIDH SI IN EASNAMH ORTHA?
Donncha Ó hÉallaithe
I gCois Fharraige mar shampla, tá an Ghaeilge in uachtar mar theanga sna réimsí seo a leanas: bunscoilíocht, cúrsaí eaglasta, imeachtaí spóirt, ocáidí ceoil traidisiúnta, cruinnithe poiblí, coistí pobail, cuid de na tithe tábhairne. Níl sé in uachtar mar theanga cumarsáide i gcuid mhaith de na monarchain san áit ná mar theanga cumarsáide i measc lucht meánscoilíochta. Súil agam go bhfreagraíonn sin do cheist.
Colmán
Ní thig leat a rá go bhfuil an Laidin marbh. D’fhorbair cuid de na teangacha is mó a labhraítear sa domhan ón Laidin: Spáinnis, Portaingéilis, Iodaláis, Romainis, Catalóinis. Ba cheart, dar liom, an bhéim a leagan ar cainteoirí atá á dtógáil le Gaeilge in Éirinn beag beann ar an cheantar ina bhfuil siad ina gcónaí. Tá cainteoirí dúchais Gaeilge á dtógáil i mBéal Feirste (3 nó ceithre glún acu), i nDoire, i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Rann na Feirste, Conamara. Is ionann na daoine seo agus an Ghaeltacht. Ná déanaimis dearmaid gur grúpa daoine seachas áit ar leith is brí le ‘Gaeltacht’. Ar ndóigh tá na mílte cainteoirí lonnaithe in áiteanna cosúil le Tír Chonaill, Conamara, srl. Is cóir agus is ceart príoracht a dhéanamh as na ceantracha seo. Ach ná déanaimis ‘reservations’ as an Ghaeltacht.
Donncha Ó hÉallaithe
Ciallaíonn ‘Gaeltacht’ ceantar ina bhfuil dlús áirithe cainteoirí a ligeann do dhaoine an Ghaeilge a usáid mar ghnáth theanga cumarsáide. Má tá tú ag iarraidh an focal céanna a usáid le haghaidh ‘cainteoirí dúchais Ghaeilge’, cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu, cén caoi a ndéanfaidh tú idirdhealú idir áit ina mbíonn an Ghaeilge á labhairt mar theanga pobail agus áit ina mbíonn sí á labhairt ag mionlach beag scaipithe thart ar ceantar mór uirbeach. Tá a fhios agamsa sa ceantar ar a thugaim Gaeltacht gur féidir liom Gaeilge a labhairt le duine ar bith a chasann orm, bíodh siad ar aithne agam nó ná bíodh, agus is Gaeilge a labharfaí ar ais liom 75% den am. Sin ‘Gaeltacht’ dar liomsa. Ar ndóigh tá Gaeltachtaí oifigiúla ann nach Gaeltachtaí iad sa chiall sin.
Faraíor, níl aon dlús cainteoirí dúchais Ghaeilge in aon áit eile seachas sna pócaí láidir Gaeltachta. D’fheadfainn seachtain a caitheamh i dTiobrad Árann, mo chontae dúchais, gan focal Gaeilge a labhairt, mura mbeadh mé ag labhairt liom féin nó mo chlann. Ní hea nach bhfuil cainteoirí Gaeilge i dTiobrad Árann. Tá ach níl aon áit ann le dlús cainteoirí mar atá i gConamara Theas, mar shampla. D’féadfainn lá a chaitheamh go héasca i gCois Fharraige gan ach Gaeilge a labhairt!
Má tá difríocht shuntasach idir an dá chineál pobal atá i gceist agat, a Cholmáin, ní féidir an téarma céanna a usáid dóibh. Bheadh sé cosúil le ‘water’ a ghlaoch ar sneachta chomh maith leis an leacht, má thuigeann tú mo phoinnte.
Cordelia Nic Fhearraigh
Cha dtig leis an Ghaeltacht maireachtáil go haonarach ná go neamhspléach ón chuid eile den tír. Is leis an tír iomlán an Ghaeilge ach is ar éigean a fheictear í, ach amháin ar chomharthaí bóithre (masla eile mar níl comhionannas tugtha dí) agus ag aerfort Bhaile Átha Cliath, agus is ar éigean a chluintear í taobh amuigh de na ceantair seo a dtugtaí ‘Gaeltacht’ orthu.
Tá an caipitleachas ag marú na Gaeltachtaí. Chan fheicim earnáil na turasóireachta ag déanamh iarracht ar bith an Ghaeilge a chuir chun tosaigh taobh amuigh den Ghaeltacht. Is cosúil go bhfuil suim níos mó ag óstáin agus tithe lóistín sa Ghaeltacht i dturasóirí gan Ghaeilge. Chan fheicim feachtas comhtháite ar bith chun cainteoirí Gaeilge a mhealladh go rialta chun na Gaeltachta…
Cad chuige nach bhfuil an Bord Oideachais agus Oiliúna (Education and Training Board mar is fearr aithne air), ag teagasc a gcuid cúrsaí uilig tré mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht? Nach sin an fáth gur bunaíodh na hinstitiúidí seo sa Ghaeltacht – sa dóigh is go mbeadh cainteoirí dúchais le ceirdeanna againn sa Ghaeltacht??
Cad chuige nach bhfuil níos mó Gaeilge le feiceáil agus le cluinstean i mbunscoltacha, meánscoltachta, coláistí, ollscoltacha agus institiúidí oideachais eile taobh amuigh den Ghaeltacht sa tír seo? (Níl mé ag déanamh tagairt do Ghaelscoltacha anseo). Nach dtabharfadh sin leid do dhaoine go bhfuil dhá theanga oifigiúil againn agus thig leat an dá cheann a úsáid – in áit bheith ag fágáil an dátheangachas leis na ceantracha Gaeltachta?
Nár cheart an dátheangachas agus comhionannas don Ghaeilge a chuir chun cinn TAOBH AMUIGH DEN GHAELTACHT sa dóigh is go dtig le muintir na Gaeltachta cumarsáid tré mheán na Gaeilge a dhéanamh leis an earnáil príobháideach agus poiblí – is cuma cá háit sa tír a bhíonn siad??
AnRógaire
Go dtí go dtarlaíonn an méad a deir tú is furast a thuigbheál go mbraithfeadh an té a labhraíonn gaeilge mar eachtrannach ina thír/tír féin!
Gearóid de Grás
Is bocht an scéal é go raibh ar Dhonncha Ó hÉallaithe sainmhíniú a thabhairt ar Ghaeltacht. Ach faraoir, bhí gá leis an sainmhíniú sin anseo agus rinne sé go maith é, bail ó Dhia air. Pé rud faoi dhaoine a d’fhág páirc na himeartha, dar leis, ag cur lagmhisneach air, cuireann an-chuid de na seanargóintí seafóideacha a léimse faoi staid na Gaeilge lagmhisneach ormsa.
Braithim gur fadhb í gur gá dul i ngleic léi ná an scoilt seo atá tagtha eadarthu siúd nach mbíonn scéalta dearfacha le hinsint acu faoi staid na Gaeilge (lucht taighde go príomha) agus iad siúd ar an dtaobh eile nach bhfuil sásta glacadh leis an bhfírinne. Is féidir a bheith ag argóint go Lá Philib a’ Chleite maidir le staitisticí ach cén maitheas atá á dhéanamh ansin ag deireadh thiar thall? Is léir go bhfuil an Ghaeltacht i ndrochstaid agus go bhfuil gá le mórghníomhaíochtaí ar son na Gaeilge a chur i bhfeidhm go pras sna Gaeltachtaí. Tuigim do Dhonncha Ó hÉallaithe nach bhfuil sé éasca a bheith ag obair go dian, go misniúil, ar son na Gaeilge agus a bheith ag éisteacht ag an am gcéanna le drochthuartha maidir le todhchaí na teanga. Ní ceart go gcuirfí lagmisneach ar dhaoine atá ag déanamh a ndícheall – ach ní dóigh liom gur chuige sin a rinneadh an taighde. Is ar mhaithe le pleanáil ag an macraileibhéal a déantar taighde de ghnáth agus is scannal dochreidte é nach bhfuil glactha ag lucht na cumhachta le moltaí na dtaighdeoirí maidir le staid na nGaeltachtaí a fheabhsú. Go deimhin féin, throid siad go láidir i dtreo is nach bhfeicfí iad go poiblí.
Braithim féin gur gá breathnú ar an taighde trí dhá shúil ar leith. Ar thaobh amháin, tá cúrsaí go han-dona ar fad agus is gá brú mór a chur ar an Rialtas agus ar na húdaráis dul i ngleic leis an bhfadhb. Ar an dtaobh eile, is gá lagmhisneach a dhíbirt go hiomlán as ár meon féin, is cuma cé chomh dona is atá cúrsaí, agus obair a dhéanamh sa phobal chun feabhas éigin a chur ar staid na Gaeilge go háitiúil. Is léir go bhfuil obair mar sin ar siúl ag Donncha Ó hÉallaithe agus ag go leor daoine eile timpeall na tíre agus guím gach rath ar an obair sin.
An féidir linn dul ar aghaidh agus dhá dhearcadh éagsúla againn ar chúrsaí? Ní dóigh liom go bhfuil aon dul as againn. Táim cinnte de rud amháin áfach – níl maitheas ar bith ann a bheith ag scríobh anseo faoi cé chomh maith nó cé chomh dona is atá cúrsaí. Ach oireann an cur amú ama agus fuinnimh sin go mór le naimhde na Gaeilge, go háirithe iad siúd sa Státseirbhís agus sna Tithe Oireachtais nach bhfuil ag feidhmiú go sásúil ar chaoi ar bith ach iad ag líonadh a bpócaí féin agus pócaí a gcairde.
Lillis Ó Laoire
Chuala mé freagra Joe Steve ar an alt seo, agus shíl mé go raibh an ceart aige
Ruairi s. O'Donaill
Deir Gearoid de Gras “Is feidir a bheith ag argoint go La Philib a Chleite ‘ maidir le staitistici.”
Ni h-hamhain gur feidir ach is brea linn mar Eireannaigh bheith ag rinnce le tuairimi agus le teoirici go dti La Philib a’ Chleite!
NIL LE DEANAMH AGAINN ACH TUAIRISCEOIR OILTE A CHUR AMACH GO DTI ‘AIT X’ AGUS CLUAS AIGE LE H-EISTEACHT. AN BHFUIL, NO NACH BHFUIL GAEILGE A LABHAIRT AG NA DAOINE MAGUAIRD? ANSIN, TAREIS SEACHTAINE A THUAIRISC A FHOILSIU I ‘PROCEEDINGS OF THE ROYAL IRISH ACADEMY’ NO IN ‘IRISLEABHAR NA GAEILGE’ NO I bhFOGRA TORA NA nGARDAI SIOCHANA!!!