Bhí draíocht agus tiomáint ar leith ag baint le Shane MacGowan

Níl aon dabht ach gur bhain Shane MacGowan an braon deireanach as gach aon ghné den saol 

Bhí draíocht agus tiomáint ar leith ag baint le Shane MacGowan

Tá sé le maíomh agam go rabhas féin agus scata ban cheolmhara ainmnithe ar aon phóstaer amháin leis an laoch ar lár é fhéin Shane MacGowan uair amháin.

Trócaire air.

Ceol agus Cibeal Neidín ainm na féile, teacht le chéile a bhí iomráiteach roinnt mhaith blianta ó shin anois. Sna hochtóidí láir, measaim.

Faraor nár choimeád éinne againn greim ar an bpóstaer céanna.

Bhí ainm Shane MacGowan anairde an uair sin fhéin agus sinne, mná ceolmhara saonta ag iarraidh tuiscint a bheith againn ar cad a bhí i gceist le bheith Punk.

Ach sin scéal do lá eile…

Níl aon dabht ach gur bhain Shane MacGowan an braon deireanach as gach aon ghné den saol.

Mar sin a bhíonn duine mar é, a raibh draíocht agus tiomáint ar leith ag baint leis.

Tallann agus cumas gan teora ina chuid scríbhneoireachta.

Liricí cumhachtacha a fhanann i mbéal an phobail.  Cur i láthair spleodrach ar stáitse, beag beann ar éinne.

Ceol is paisean i ngach siolla. Guth cinn lán d’anam is ceol.

Meabhair chinn thar na bearta aige, agus cé go bhfuair sé deiseanna maithe scolaíochta ní ann a bhí a chroí.

Cead a chos is saoirse intinne ó ghnáthdhualgais is nósanna an tsaoil a bhí uaidh.

D’iompaigh sé an ‘Ceol Gaelach’ a bhí i réim i dtithe tábhairne Londan bunoscionn ar fad.

Chuir sé séala an phuncracaire ar an gceol san agus chuaigh a cháil ar fuaid na cruinne.

Thug Bruce Springsteen agus a leithéidí ardmholadh dá chumadóireacht amhrán agus dúirt go mairfeadh a cháil i bhfad níos sia ná cáil a lán eile lena linn.

An té a d’aithin a thallann agus a bhain taitneamh as a theacht i láthair spleodrach ceolmhar is deacair gan a bheith brónach.

Chomh brónach céanna a bheadh an té a chuimhneodh ar ár ndraoi dúchasach eile Breandán Ó Beacháin, nár thug aire dá shláinte ach chomh beag, agus a d’imigh uainn roimh am.

Bhí lán na beirte acu ann ó thaobh tallann is teacht i láthair.

Mairfidh a gcuimhne.

Solas geal na bhflaitheas orthu beirt.

Fág freagra ar 'Bhí draíocht agus tiomáint ar leith ag baint le Shane MacGowan'

  • Luke Ó’Connor

    Go raibh maith agat Seosaimhín don píosa iontach seo. Is léir go bhfuil an chumas céanna agatsa, aithníonn ……..
    Le mheas
    Lúcás Ó Conchubhair Aonach Co Tiobraid Árann