Bhí crainn ann a bhí aimrid de bharr easpa ózóin 252 milliún bliain ó shin

Léiríonn an taighde seo an dóigh ar chuir athrú aeráide isteach ar an chóras domhanda 252 milliún bliain ó shin

Bhí crainn ann a bhí aimrid de bharr easpa ózóin 252 milliún bliain ó shin

Chuaigh an chuid is mó de phlandaí agus d’ainmhithe in éag thart ar 252 milliún bliain ó shin le linn olldíothú na tréimhse Peirmí.  Tá eolaithe in Ollscoil California, Berkeley i ndiaidh a fháil amach gur chuir barraíocht radaíochta ultraivialait isteach ar chrainn nuair a theip ar an chiseal ózóin sa tréimhse sin.

Le linn olldíothú na téimhse Peirmí chuaigh níos mó ná 90% d’ainmhithe na farraige agus níos mó ná 70% de veirteabraigh an talaimh in éag.  Bhí baint ag an olldíothú sin le briseadh suas na hilchríche ollmhóire, Pangaea.

Nuair a bhog na plátaí ar a raibh Pangaea suite óna chéile, bhris an ilchríoch as a chéile fosta agus scaip na píosaí ar fud chlár an domhain.  Is ag an am sin a tháinig cuid de na hilchríocha atá ann inniu ar an fhód.

Agus na plátaí sin ag bogadh cruthaíodh na mílte bolcán sna háiteanna ina raibh na plátaí ag sleamhnú óna chéile.

Tharla an rud céanna idir 50 agus 60 milliún bliain ó shin nuair a scar Meiriceá Thuaidh ón Eoraip agus cruthaíodh an tAigéan Atlantach .  Roimhe sin bhíodh Meiriceá Thuaidh agus an Eoraip nasctha in aon bhloc amháin. Bhí neart bolcán sna háiteanna inar bhris an nasc agus tá raon le feiceáil sna carraigeacha dorcha de bhasalt i gClochán an Aifir i gContae Aontroma agus ar an Oileán Sgitheanach in Albain sa lá inniu.  Tá Meiriceá Thuaidh ag tarraingt ón Eoraip go fóill agus tá líne bolcán ar ghrinneall na farraige i lár an Aigéin Atlantaigh san áit in a bhfuil siad fós ag imeacht óna chéile faoi láthair.  Is san Íoslainn amháin atá na bolcáin níos airde ná dromchla na farraige agus iad ag gobadh aníos.

Mheas na taighdeoirí ó California go mbeadh na gáis a bhíodh ag teacht amach as na mílte bolcán 252 milliún bliain ó shin ag imoibriú leis an ózón (O3) go hard sa spéir agus á scriosadh.  De bharr an imoibrithe sin, de réir a chéile bheadh níos lú ózóin sa strataisféar.

Is ionann an ciseal ózóin agus griansciath don domhan toisc go mbíonn sé ag ionsú na radaíochta ultraivialait (UV). 

Rinneadh measúnú ar an méid radaíochta UV a shroicheadh an talamh faoin am ar bhris Pangaea suas.  Fuarthas amach go raibh sé deich n-uaire níos mó ná mar atá ann inniu.  Rinneadh turgnamh ansin chun fáil amach an gcuirfeadh an oiread sin radaíochta UV isteach ar phlandaí a bhíodh ag fás go forleathan an tráth sin.

Bhí buaircínigh – crainn cosúil leis an ghiúis agus an sprús –  ar na crainn ba choitianta sna foraoisí 252 milliún bliain ó shin.  Chuir na taighdeoirí crainn bhuaircíneacha ag fás faoi shoilse a scaoil an leibhéal céanna radaíochta UV amach agus a measadh a bhíodh ann nuair a bhris Pangaea suas.

Rinne an radaíocht aimridiú iomlán ar na plandaí.  Cé nach bhfuair na crainn féin bás ní raibh siad in innimh síolta ar bith a tháirgeadh. Bhí siad aimrid. 

Bhí droch-chruth ar phailin na gcrann fosta. 

Má bhí an radaíocht ag cur isteach ar na plandaí  mar a mheas siad, ba cheart go mbeadh an droch-chruth céanna le feiceáil sna hiontaisí a bhí ar an taifead againn ón tréimhse sin.

Chuardaigh siad pailin i gcarraigeacha a leagadh síos 252 milliún bliain ó shin.  Tháinig siad ar neart acu.  Mar a bhíothas ag súil leis, bhí an droch-chruth céanna ar an bpailin sin agus a bhí ar na crainn a bhí ag fás faoi radaíocht UV sa turgnamh.

De réir na fianaise seo, is léir gur chuir an easpa ózóin sa strataisféar isteach go mór ar chrainn thart ar dheireadh na tréimhse Peirmí.

Má bhíodh an radaíocht ag cur isteach ar thorthúlacht na gcrann 252 milliún bliain ó shin, bheadh na hainmhithe a bhíodh ar Phangaea thíos leis ag an am a raibh sé ag briseadh suas.

Scriosfaí na gréasáin bhia ar na hilchríocha agus san fharraige agus rachadh cuid mhór de na hainmhithe in éag dá bharr.

Tá an taighde seo tábhachtach toisc go dtaispeánann sé an dóigh ar chuir athrú aeráide isteach ar an chóras domhanda 252 milliún bliain ó shin. 

Fág freagra ar 'Bhí crainn ann a bhí aimrid de bharr easpa ózóin 252 milliún bliain ó shin'

  • Pól Ó Braoin

    Alt fíorshuimiúil uilig é seo…