Bhí Cnoc Bréanainn fhéin ag rince nuair a tháinig ‘An Tulla Céilí Band’ go dtí Halla na Feothanaí

Chuir ‘Rock 'n Rollers’ na mbannaí céilí ‘An Tulla Céilí Band’ clabhsúr iontach ar Scoil Cheoil an Earraigh agus iad i gCorca Dhuibhne den chéad uair riamh

Bhí Cnoc Bréanainn fhéin ag rince nuair a tháinig ‘An Tulla Céilí Band’ go dtí Halla na Feothanaí

Tar éis Scoil Cheoil Earraigh eile i mbliana, ní fhéadfaí clabhsúr chomh hiontach a shamhlú leis an gCéilí Mór i bhí i Halla na Feothanaí tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite, an tríú lá fichead d’Aibreán beag seo, 2025.

Bhí ranganna, coirmeacha, seoltaí, cainteanna is rincí thart agus Cór Chúil Aodha bailithe leo abhaile tar éis teacht trí thuilte ó Chúil Aodha chun a bheith aige aifreann an Domhnaigh ar a deich le hEoin Ó Cadhla ar an mBuailtín. Bhí ár gcomhGhaeil as Albain, Kathleen McInnis is Allan Dómhnallach agus Cionnaith McKenzie, tugtha i ndiaidh deireadh seachtaine iontach fáilteach ceolmhar a bhí curtha isteach againn ar fad is ceannaíocha dá réir ar chuid againn tar éis cheiliúradh na hoíche roimis sin, nuair a bhuail an tonn cheoil Paróiste Múrach.

Thiomáineas ón dtigh trí chóchanna gaoithe is bhaineas an halla amach i dtaobh lena 2.40pm ach níorbh fhiú biorán an ghaoth lasmuigh i gcomparáid leis an dtonn cheoil a bhuail san aghaidh mé ach a gcuireas cois thar tairsigh i Halla na Feothanaí. Go deimhin ní raibh ach feothain lasmuigh i gcomparáid leis an ngála a bhí laistigh! Cé bheadh ar stáitse ach ‘Rock ‘n Rollers’ na mbannaí céilí ‘An Tulla Céilí Band’ agus iad i gCorca Dhuibhne don gcéad uair riamh. Tá siad ar an  bhfód i bhfad níosa shia ná mar táimse ach go háirithe, is ní inniu ná inné a saolaíodh mise.

Ar mo leabhar breac is ar m’anam thógadar mo chroí troigh don dtalamh. Leigheasadar de gheit póit na hoíche roimis sin. Ghlan an ceo de Chnoc Bréanainn. Léim lucht slaghdáin amach as an leabaigh. Tháinig caoirigh an Leitriúigh ar fad aníos ar shleasa an chnoic chun éisteacht leis an gceol. Bhí Cnoc Bréanainn fhéin ag rince agus dar liom bhí an sliabhraon mórthimpeall ó Bhínn Bhaile Reo, Binn agus Túr Bhaile Dháith, na Beannacha, Cnoc na Carraige Cathrach is Choráillí, Garrán an Cheoil agus an cnoc mór é fhéin ag gluaiseacht mórthimpeall i gciorcal ag déanamh an Paul Jones timpeall orainn le cumhacht na rithime ceoil a bhí ag teacht ón dTulla.

Aon ní nár thógadar na mairbh as Cré na Cille! Iad ansúd ag braistint gach nóta iad fhéin, ag luascadh lena gceol fhéin ar stáitse, ríleacha, poirt, cornphíopaí, polcaí is sleamhnáin cóirithe is seinnte i slí a chuir bonn fé rinceoirí iomadúla na haon aos sa halla gur beag acu a chuala a leithéidí riamh a déarfainn. Go deimhin is beag a shíleas tamall dem shaol go gcífinn an lá go deo go mbeadh na laochra seo ag seimint i ngiorracht scread asail dom thigh fhéin. An ceol atá acu níl ceol mar é.

Is cuimhin liom iad a chlos formhór daichead bliain ó shin agus PJ Hayes, athair Mhartin, in éineacht leo agus ar mo leabhar ach sé an seana-cheol rithimeach céanna i gcónaí acu é, bail ó Dhia orthu. Níl cúl tabhartha acu dá ndúchas. Siad Cormac agus Cliodhna a chuir i mo cheann an chéad lá riamh cuireadh a thabhairt dóibh agus ar

an gcéad fhéachaint aige Niamh Ní Bhaoill is Ciara de Mórdha is mé fhéin ar a chéile sa halla, ní raibh aon amhras ar éinne don dtriúr againn ná go raibh an cinneadh ceart déanta le dul sa tseans ar iad a bheith inár measc i gcomhair na hócáide. Ba é a gceol luafar, rithimeach, fuinniúil, gealgháireach, fuascailteach, tomhaiste, do rinceoirí éadromchosacha an bhuaic domsa, ní hamháin don ndeireadh seachtaine (a bhí lán des na tréithe sin cheana fhéin) ach le fada an lá, agus nár bhreá liom an dá uair an chloig go leith sin a mhaireachtaint aríst.

‘Céad slán chun na hoíche aréir’; mar a deir an t-amhrán. Ar an stáitse bhí Laura agus Mark Donnellan ar veidhlíní, Charlie Harris ar an mbosca, Brian Donnellan ar an gconsairtín, Cormac Ó Beaglaoich mar aoi acu, Jennifer Lenihan is David Crowe, ar na feadóga móra, Jim Corry, méarchlár, Christy Carey, drumaí, is Michael McKee ar an mbosca.

Nár laga Dia na haon mhac máthar agaibh ach las sibh solas ceoil ná dearúdfar go ceann tamaill (mar dearúdtar na haon ní in am trátha) is gura seacht  fearr a bheidh sibh um an dtaca seo aríst. Buíochas ó chroí libh as teacht inár measc.

Fág freagra ar 'Bhí Cnoc Bréanainn fhéin ag rince nuair a tháinig ‘An Tulla Céilí Band’ go dtí Halla na Feothanaí'